Cuireadh Teach Cúirte na hInse i gcrích in 1850 agus ionad suaithinseach aige ar an mbaile ós cionn páirc phoiblí agus Abhainn an Fhorghais. De thairbhe a fheiceálaí atá sé cuirtear leis an stair leanúnach atá aige ó céadúsáideadh é mar bhunáit d'Ardghiúiré an Chláir go dtí 1899 agus ina dhiaidh sin ag Contae an Chláir agus ag na Cúirteanna go dtí gur athchóiríodh le gairid é.

D'oscail an tUas. Michael McDowell T.D., Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóiriú Dlí an teach cúirte go hoifigiúil ar an 16ú Iúil 2004.
D'oscail an tUas. Michael McDowell T.D., Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóiriú Dlí an teach cúirte go hoifigiúil ar an 16ú Iúil 2004.

De thairbhe a fheicealaí atá sé cuirtear leis an stair leanúnach atá aige ó céadúsáideadh é mar bhunáit d'Ardghiúiré an Chláir go dtí 1899 agus ina dhiaidh sin ag Contae an Cháir agus ag na Cúirteanna.

Cuireadh an tionscadal athchóirithe i gcrích in 2004 agus cuimsíodh ann coigeartú íosta ar na seomraí cúirte bunaidh chun caighdeáin na Seirbhíse Cúirteanna a chomhlíonadh agus le hinrochtaineacht a fheabhsú. Cuireadh seomra cúirte breise do ghnó dlí sibhialta agus teaghlaigh le hurlár na talún íochtarach, chomh maith le seomraí breithimh, seomraí comhairliúcháin agus limistéir feithimh don phobal. Cuireadh isteach stór nua chun riar ar an ngá a bhí le spás breise oifige agus cruthaíodh dromchla nasctha nua ar leibhéal an chéad stóir. mar gheall ar an dromchla nua ba ghá fáil réidh leis an lóchrann gloinithe dromchla bunaidh. Bhíothas in ann é seo a athshuí ina iomláine sa dorchla nasctha nua.

Tacaíonn  Oifig Chúirte na hInse  le Teach Cúirte na hInse.