Tógadh Teach Cúirte na Gaillimhe i ndiaidh gur scriosadh an teach cúirte bunaidh i ndóiteán. Bhí sé sin suite ag Halla na Cathrach i Sráid na Siopaí agus is anseo fosta a bhí an príosún áitiúil. Nuair a d'éirigh an príosún róbheag, tógadh ceann nua in aice le lár an bhaile ag an bPríomh-Gharda.

Tá an foirgneamh breá seo, atá níos deise ná bunús gach ionad breithiúnach in Éirinn, suite ag Newtown-Smith, áit a mbíodh mainistir ársa, uasal na bProinsiasach. De réir chairt Shéarlais II is cuid de chontae na Gaillimhe go deo í an mhainistir. Cuireadh tús leis in 1812 agus ar an 1 Aibreán, 1815, osclaíodh é chun fáilte a chur roimh bhreithiúna chúirteanna seisiúin na linne, Fletcher agus Osborne, a d'fhógair adhmholadh croíúil, dea-thuillte ar fhir uaisle an chontae as teistiméireacht dhobhréagnaithe, mhaorga ar a n-ardmheas ar na dlíthe agus a ndíograis i leith riarachán cuí, ordúil an cheartais phoiblí.

Bhí an Teach Cúirte san áit a bhfuil Halla an Bhaile inniu. Bhí na cúirteanna gnóthach faoi dhlí Shasana - in 1830 bhí 200 cion a raibh breith bháis leo. Mar gheall ar dhéine an dlí, ba mhinic giúiréithe trócaireach. Ó b'eol dóibh an pionós as breith chiontach, ba mhinic a fuarthas príosúnaigh neamhchiontach (ainneoin na fianaise ar fad). Bhí an Breitheamh Fletcher i mbun cáis i gcoinne beirt cheithearnach coille nuair a chuir breith neamhchiontach an dú-iontas ar gach duine. Dúirt sé leis an ngarda príosúin go gcuirfí ar a shuaimhneas é dá gcoinneofaí an péire go dtí 7 p.m., óir go raibh sé (an breitheamh) le dul chuig cúirt seisiúin na hInse agus gur mhian leis tús dhá uair an chloig a bheith aige ar na ceithearnaigh. 68 an gnáthlíon cimí a bhí sa phríosún, a tógadh in 1807 - 1810, ach in Earrach 1847, bhí 650 ann.

Dé Luain, 29 Meitheamh, 1818, leagadh an chéad chloch den droichead nua (Cora na mBradán) ó theach cúirte an chontae chun an phríosúin agus cuireadh an obair i gcrích i nDeireadh Fómhair 1819. Trí stór a bhí i bpríosún an bhaile. San íoslach bhí an geatóir agus a theaghlach, féichiúnaithe a bhí sna seomraí feadh thosach an fhoirgnimh agus ar an tríú stór bhí cillíní gaibhniú aonair do 'mheirligh chruthanta'.

Taobh amuigh de dhá chúirt fhairsinge, dea-chumtha chun gnó sibhialta agus coiriúil a dhéanamh, agus seomraí ard- agus mionghiúiré buailte ar a chéile, tá an iomad oifig agus árasán acmhainneach don ardsirriam, cisteoir, cléireach an cháis agus oifigigh dhlí eile. Caomhnaithe anseo tá léarscáil agus suirbhé galánta agus beacht an chontae, chomh maith lena lán léarscáileanna barúnacha a rinneadh mar gheall ar ordú an Ardghiúiré. Tarraingítear aird láithreach ar an struchtúr iontach seo de thairbhe na póirseáide airde, an bealach isteach agus an halla fhairsing. Is mór an chreidiúint don chontae é an foirgneamh seo a chuireann barr maise ar an mbaile.

Tacaíonn  Oifig Chúirte na Gaillimhe le Teach Cúirte na Gaillimhe.