Is é Teach Cúirte an Náis, a bhfuil póirseáid chlasaiceach Dhórach mar aghaidh air agus a pheidiméid maisithe leis an gcláirseach araltach, an foirgneamh is suntasaí ar Phríomhshráid Theas an bhaile.

Ba é Richard Morrison ailtire an fhoirgnimh bhunaidh, a thuairiscítear in 1824 in Eolaire Cúige Pigot & Co., mar “foirgneamh cloiche nua-aimseartha”. Timpeall 1860 chuir John McCurdy leis  ar aghaidh an fhoirgnimh agus rinne an Suirbhéir Contae John Brett tuilleadh feabhsuithe deich mbliana ina dhiaidh sin.

Thug Ailtirí Deaton Lysaght faoi athchóirithe fairsinge a chinntíonn go leanfaidh an foirgneamh ag feidhmiú mar theach cúirte ar feadh blianta fada amach anseo. Sheas foirgneamh Morrison i bhfad siar ón gcosán ar shuíomh, ar le Thomas Burgh é, a roghnaíodh in 1797 mar Theach Seisiúin in áit an fhoirgnimh mheata ón 17ú hAois níos faide suas an phríomhshráid. Bhí halla airde dúbailte i dteach cúirte Morrison, a raibh ceithre cholún scoite ann, dhá chúirt chomhuaineacha -  ceann acu ar gach taobh de, agus log staighre oscailte soilsithe ag fuinneog dhín. San íoslach, bhí cillíní do phríosúnaigh, idir fhir agus mhná, agus dhá chlóiséad uisce, le doras isteach ón taobh amuigh den fhoirgneamh. Bhí pasáiste cúng ó chúl ón teach cúirte go dtí cuan na canála agus thug sé rochtain ar an bpríosún nua freisin, nuair a tógadh é in 1833.

I bhfeabhsuithe McCurdy, síníodh an teach cúirte chun tosaigh, agus cuireadh póirseáid in airde, b’fhéidir an ceann a bhí san fhoirgneamh roimhe sin, le céimeanna ag dul síos go réamhchúirt pábháilte le heibhear, agus ráillí cuartha timpeall ar an dá thaobh. Athchóiríodh an teach cúirte i ndiaidh damáiste tine sna 1950idí agus in 1997 rinneadh athchóiriú agus méadú fairsing air le spás a chruthú do cheithre sheomra cúirte. Gnéithe suntasacha den fhoirgneamh is iad an forhalla agus an staighre bíseach lena ráillí ornáideacha d’iarann práis agus iarann saoirsithe, soilsithe ag fuinneog dhín ubhchruthach. Athmhúnlaíodh freisin an seomra cúirte d’airde dhúbailte, painéalta i stíl Victeoiriach, a bhí le feiceáil i go leor scannán agus clár teilifíse. Tá an téastar agus na háiléir bhunaidh fós ann, ach baineadh an tobar (agus a phainéil) le haghaidh a stóráil chun go bhféadfaí é a atógáil i músaem.

Tacaíonn Oifig Chúirte an Náis. le Teach Cúirte an Náis