Joseph Welland a dhear agus a thóg an teach cúirte seo in 1829 le cloch ó chairéil áitúil sléibhe ag Ais na gCloch. Atógadh an foirgneamh in 1986 i ndiaidh dóiteáin.

Cuireadh tionscadal athchóiriúcháin i gcrích in 2010. Trí sheomra cúirte nua-aoiseacha atá san fhoirgneamh anois - péire ar seomra cúirte giúiré iad agus an tríú seomra mar chúirt dlí teaghlaigh. Ar an taobh amuigh, cuireadh an bhail bhunaidh ar an bhfoirgneamh agus baineadh na bloic sheirbhíse ag an taobh. Úsáideadh cloch áitiúil chun an aghaidh a dheisiú. Athmhúnlaíodh an fordoras isteach, líneáladh é le haolchloch Cheatharlach agus méadaíodh é beagán. Solas dín mór san aitriam ghloinithe a lasann an príomhlimistéir pobail a bhfuil staighre mór poiblí de dhair Éireannach ina lár. Painéil darach atá ar bhallaí na seomraí cúirte.

Áirítear leis na háiseanna nua inrochtaineacht uilíoch do gach úsáideoir cúirte, seomraí tacaíochta d'íospartaigh, cillíní coinneála do phríosúnaigh, áiseanna feabhsaithe giúiré agus seomraí comhairliúcháin do chleachtóirí dlí.

Tacaíonn Oifig Chúirte Mhuineacháin le Teach Cúirte Mhuineacháin.