Thug an dara hIarla Landuff láithreán an tí cúirte ag Lána Pudding in 1819 agus tógadh an foirgneamh in 1828 faoi threoir Ardghiúiré an Chontae.

Síníodh na sciatháin chliathánacha amach chun tosaigh sna 1960idí.

Rinneadh uasghrádú suntasach ar an teach cúirte in 2009. Ba é an sainchúram ná uasghrádú a dhéanamh ar an bpríomhsheomra cúirte agus seomra cúirte breise a thógáil chun freastal ar éisteachtaí sibhialta agus teaghlaigh. Áiríodh sa tionscadal freisin seomraí na mbreithiúna a sholáthar, oifigí don Chláraitheoir Contae agus don Chúirt Dúiche, seomra do chleachtóirí dlí, seomraí comhairliúcháin, seomra tacaíochta d’íospartaigh agus cillíní a choinneáil do phríosúnaigh. Ciallaíonn an t-athchóiriú gur féidir éisteachtaí na gcúirteanna Cuarda agus Dúiche a reáchtáil ag an am céanna.

Tacaíonn Oifig Chúirte an Aonaigh le Teach Cúirte Dhurlais.