Cuireadh tús le tionscadal athmhúnlaithe agus athchóirithe Theach Cúirte Dhún Dealgan go luath in 1998 agus tugadh chun críche é go luath in 2003. Tá an foirgneamh bunaidh teach cúirte, a tógadh idir 1813 agus 1818  i measc na samplaí is tábhachtaí d'ailtireacht athbheochana Ghréagach sa tír.

D'oscail an tUas. Michael McDowell T.D., Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóiriú Dlí an teach cúirte go hoifigiúil ar an 24ú Márta 2003.
D'oscail an tUas. Michael McDowell T.D., Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóiriú Dlí an teach cúirte go hoifigiúil ar an 24ú Márta 2003.

á an foirgneamh bunaidh teach cúirte, a tógadh idir 1813 agus 1818 i measc na samplaí is tábhachtaí d'ailtireacht athbheochana Ghréagach sa tír. Dhá chúirt a bhíodh ann, an seomra dearg agus an seomra glas, a dtéití isteach iontu trí phóirseáid de chloch Portland os coinne Chearnóg an Mhargaidh.

Tugadh athchóiriú an fhoirgnimh chun críche go luath in 2003 agus theastaigh ceithre sheomra cúirte san iomlán le cois na n-áiseanna uile a ghabhann leo. Éilíodh fosta uasghrádú iomlán ar an bhfoirgneamh chun go gcuirfí ar fáil na háiseanna comhaimseartha is fearr d'fhoireann na cúirte agus don phobal, áiseanna dlí teaghlaigh, áiseanna méadaithe comhairliúcháin, seomraí nua breithimh, cóiríocht slándála cillín do phríosúnaigh agus rochtain ar leith orthu, seomraí giúiré agus cóiríocht do ghairmithe dlí.

Tacaíonn Oifig Chúirte Dhún Dealgan le Teach Cúirte Dhún Dealgan.