In 1895 a tógadh an Teach Cúirte i Sráid Washington. Tá sé ar shuíomh Theach Cúirte bunaidh 1836 a dhear na Deartháireacha Pain agus a scriosadh i ndóiteán in 1891.

D'oscail an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóiriú an Dlí, an tUas. Michael McDowell T.D., an teach cúirte go hoifigiúil ar 26ú Feabhra 2004.
D'oscail an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóiriú an Dlí, an tUas. Michael McDowell T.D., an teach cúirte go hoifigiúil ar 26ú Feabhra 2004.

Rinneadh an foirgneamh a atógáil in 1895 i ndiaidh chomórtas de chuid Bhardas Chorcaí. Coinníoll a bhain leis an gcomórtas go gcaomhnófaí an phóirseáid agus aghaidh, ós sin a raibh fágtha i ndiaidh an dóiteáin. Is beag athrú a rinneadh ó shin ar an bhfoirgneamh go dtí gur cuireadh tús leis an tionscadal athchóiriúcháin in 2003.

Dearadh foirgneamh 1895 agus clós oscailte i lár báire. Mar chuid den athchóiriú, cuireadh gloine isteach ar leibhéal an dín, urlár gloine ar leibhéal an chéad stóir agus íslíodh leibhéal urlár na talún faoi bhreis agus dhá throigh. An toradh a bhí air seo stór breise a chur leis an bhfoirgneamh agus bhíothas in ann trí sheomra cúirte nua, deich seomra comhairliúcháin, oifig dlí teaghlaigh agus seomraí abhcóidí/aturnaetha a chur leis.

Aon áit arbh fhéidir, coinníodh ailtireacht bhunaidh an fhoirgnimh agus rinneadh í a athnuachan go cúramach. San áireamh leis seo, bhí gach cuid den troscán, agus a chumhdach, baldachinni thar póidiamaí an Bhreithimh, urlár, tinteáin, coirnisí, doirse, fordhoirse, cláir sciorta agus go háirithe an chloch, mósáic, terrazzo agus plástráil mhaisiúil faoin gcruinneachán sa halla isteach. Rinneadh an cruinneachán féin a athchóiriú, cuireadh fuinneoga nua isteach agus athchumhdaíodh le copar é.

Tacaíonn  Oifig Chúirte Chorcaí - Dlí Sibhialta agus teaghlaigh le Teach Cúirte Shráid Washington