Sir Richard Morrison a dhear Teach Cúirte Chluain Meala, a tógadh sna 1790í malla.

Sir Richard Morrison a dhear Teach Cúirte Chluain Meala, a tógadh sna 1790í malla. D'oibrigh sé i bpáirt lena mhac William agus dhear siad a lán tithe tuaithe agus foirgnimh phoiblí lena n-áirítear Teach Gléibe Fhiodh Ard agus Caisleán Bhaile Mhic Andáin.

Nuair a thaistil David Beaufort tríd an gceantar in 1806, thug sé faoi deara go raibh Teach Cúirte Chluain Meala "ar an gcuid is áisiúla agus is áille dá shaghas agus dá mhéid". Suite ar choirnéal Shráid Nelson - Shráid Wellington, is ar imeall an bhaile a bhí sé ar dtús. Sa lá atá inniu ann, tá an foirgneamh sa chroílár gníomhach agus is phríomh-shainchomharthaí de chuid an bhaile é. Is iomaí breith thábhachtach a fógraíodh laistigh den teach cúirte ach is cinnte gurbh é an cás is clúití a pléadh ná triail an chúigir is tábhachtaí de chuid Ghluaiseacht Éire Óg. (1847/48). Triaileadh agus díbríodh Thomas Francis Meagher agus William Smith O'Brien i ndiaidh Éirí Amach 1848.

Is dócha gurb é Teach Cúirte Chluain Meala an chead fhoirgneamh mór a chuir Richard Morrison i gcrích agus is mór an tionchar a bhí ag saothar James Gandon (Tógadh Teach an Chustaim Gandon san am sin agus bhí na Ceithre Cúirteanna á dtógáil) air. Tá an-chuid cosúlachtaí idir plean Theach na Cúirte agus plean Theach Cúirte Phort Láirge, agus a lán de ghnéithe d'ailtireacht Morrison le sonrú air. Ar an gcuid is suntasaí díobh seo tá staighre/halla soilsithe ón mbarr atá nasctha leis an bpríomhshlí isteach.

Rinne Comhairle Contae Thiobraid Árann Theas móroibreacha athchóiriúcháin sna 1990í. Bhain siad go príomha le caomhnú agus athnuachan an taoibh amuigh den fhoirgneamh agus feabhsúcháin inmheánacha sna seomraí cúirte, sa chóiríocht foirne agus sna háiseanna tánaisteacha.

Trí sheomra cúirte atá san fhoirgneamh athchóirithe le cois áiseanna do bhreithiúna, foireann na cúirte agus do ghairmithe dlí. Tá spás ann i gcomhair seomraí agallaimh agus riachtanais eile a bhaineann leis na cúirteanna.

Tacaíonn  Oifig Chúirte Chluain Meala le Teach Cúirte Chluain Meala.