Is cuid de Choimpléasc Chúirt an Gharráin é an teach cúirte i mBaile Blainséir, cuid de Lár Bhaile Blainséir. Tá achar 22,000 méadar cearnach ann agus is ann fosta atá oifigí réigiúnacha Chomhairle Contae Fhine Gall.

D'oscail Brian Lenihan T.D, an tAire Airgeadais an teach cúirte go hoifigiúil ar 25ú Iúil 2008.
D'oscail Brian Lenihan T.D, an tAire Airgeadais an teach cúirte go hoifigiúil ar 25ú Iúil 2008.

I bhforbairt dar achar 22,000 méadar cearnach atá an teach cúirte chomh maith le hoifigí réigiúnacha Chomhairle Contae Fhine Gall.

Éascaítear éisteacht ghnó na Cúirte Dúiche agus roinnt trialacha Cúirte Cuarda in dhá sheomra cúirte. Áirítear leis na háiseanna fosta seomra do chleachtóirí dlí, a lán seomraí comhairliúcháin, seomra an bhreithimh, seomra giúiré, cillíní coinneála, limistéir feithimh phoiblí, deasc eolais, seomra do na meáin, seomra tacaíochta d'íospartaigh, seomra d'Aturnae Ionchúisimh Stáit agus seomra do Láithreoirí Cúirte (Garda). Tá an teicneolaíocht fís-chomhdhála is déanaí ar fáil sna háiseanna le cois nasc físe agus seomra i gcomhair fianaise ó chian ó fhinnéithe ar leanaí iad.

Tacaíonn Oifig Chúirte Dúiche Bhaile Blainséir le Teach Cúirte Bhaile Blainséir.