Cuireadh an teach cúirte agus an stáisiún garda i gcrích in 2005. Is foirgnimh scoite iad ar imeall an bhaile agus iad le feiceáil go soiléir ón dá threo feadh Bhóthar Bhun Dobhráin

D'oscail An tUas. John Ó'Donoghue T.D, An tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóiriú an dlí an Teach Cúirte go hoifigiúil ar 17 Deireadh Fómhair 2005.
D'oscail An tUas. John Ó'Donoghue T.D, An tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóiriú an dlí an Teach Cúirte go hoifigiúil ar 17 Deireadh Fómhair 2005.

Cuireadh an Teach Cúirte agus an Stáisiún Garda i gcrích in 2005. Is foirgnimh scoite iad ar imeall an bhaile agus iad le feiceáil go soiléir ón dá threo feadh Bhóthar Bhun Dobhráin.

Struchtúr comhaimseartha é an Teach Cúirte ina bhfuil seomra cúirte, áiseanna comhairliúcháin, seomraí breithimh, cóiríocht cillín coinneála faoi shlándáil do phríosúnaigh agus rochtain ar leith agus cóiríocht do ghairmithe dlí. Trí sholas mór dín a thagann solas nádúrtha feadh taobh amháin den seomra. Painéil de dhair Eorpach atá ar bhallaí an tseomra cúirte agus ar an mballa cúil tá painéil fhuaim-mhaolaitheacha leis an bhfuaim sa seomra cúirte a fheabhsú. Is de dhair Eorpach fosta atá an troscán déanta. Sna saothair ealaíne sa limistéar fáiltithe agus ar an mballa seachtrach tá tagairtí de luathchuntas ar 'breithiúnas' in Éirinn.

Tacaíonn Oifig Chúirt Dúiche Dhún na nGall le Teach Cúirte Bhéal Átha Seanaidh.