Cuireadh tús le hobair thógála ar theach cúirte nua go mall in 1840 nó go luath in 1841.

D'oscail an tUas. Michael McDowell, T.D., Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóiriú Dlí an teach cúirte go hoifigiúil ar an 23ú Meitheamh 2006.
D'oscail an tUas. Michael McDowell, T.D., Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóiriú Dlí an teach cúirte go hoifigiúil ar an 23ú Meitheamh 2006.

Bhí an conraitheoir, John Hanley, ag tógáil an phríosúin cheana féin agus is cosúil gur chuir sé an obair i gcrích faoi 1844 nuair a tionóladh Cúirteanna Seisiúin an Earraigh sa teach cúirte nua an bhliain sin. £6,000 luach an chonartha ar an bhfoirgneamh teach cúirte agus £1,000 ar an bpóirseáid.Ó Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí a tháinig an maoiniú ar chúitigh an tArdghiúiré iad go hiomlán nó i bpáirt as.

Cuireadh tionscadal athchóiriúcháin i gcrích in 2006. Tá cóiríocht oifige ar fáil d'fhoireann na cúirte agus réimse áiseanna do ghairmithe dlí, breithiúna, don phobal (lena n-áirítear iad sin a bhfuil deacrachtaí rochtana acu) agus do dhaoine eile.

Fáil réidh leis an bpríomhstaighre bunaidh, nach ndearna ach urlár na talún agus an chéad urlár a cheangal, an t-athrú struchtúrach is suntasaí. Cuireadh staighre nua ina áit a cheanglaíonn gach stór atá ar oscailt don phobal agus atá lonnaithe i suíomh níos lárnaí.

Tacaíonn  Oifig Chúirte an Aonaigh  le Teach Cúirte an Aonaigh.