Ordú 60A

Ceart an Ard-Aighne agus an Choimisiúin um Chearta an Duine chun Fógra a fháil faoi Imeachtaí a mbeidh Saincheist Dearbhaithe Neamhréireachta i gceist iontu : I.R. Uimh. 211 de 2004

1. San Ordú seo tá le “dearbhú neamhréireachta” an bhrí atá leis in alt 1(1) den Acht fán gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, 2003 (Uimh. 20 de 2003).

2. Más rud é go dtiocfaidh aon saincheist i dtaobh dearbhú neamhréireachta a dhéanamh chun cinn in aon imeachtaí, déanfaidh an páirtí ar a mbeidh cúram na n-imeachtaí fógra a sheirbheáil láithreach ar an Ard-Aighne agus ar an gCoimisiún um Chearta an Duine.

3. Luafar go comair san fhógra sin cineál na n-imeachtaí ina mbeidh an tsaincheist ag teacht chun cinn agus áiteamh nó áitimh faoi seach an pháirtí nó na bpáirtithe sna himeachtaí.