Ordú 100

An tAcht um Chlárú Ainmneacha Gnó, 1963

1. San Ordú seo ciallaíonn ‘‘an tAcht’’ an tAcht um Chlárú Ainmneacha Gnó, 1963, agus ciallaíonn ‘‘an tAire’’ an tAire Tionscail, Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta.

2. Is le toghairm speisialta a dhéanfar gach iarratas faoi alt 5 (3) den Acht.

3. (1) Is le hachainí a thionscnófar gach achomharc faoi alt 14 (1) den Acht, agus déanfar an achainí a thíolacadh laistigh de lá is fiche tar éis don duine a bheidh ag iarraidh clárú fógra a fháil faoi dhiúltú an Aire clárú a cheadú.

(2) Déanfar cóip den achainí a sheirbheáil ar an Aire.

(3) A luaithe a bheidh an achainí tíolactha, déanfaidh an t-achainíoch iarratas chun na Cúirte ar ordacháin i dtaobh na n-imeachtaí a bheidh le tionscnamh, agus, ar an iarratas sin a éisteacht, féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh i dtaobh fógra faoin achainí a fhoilsiú, agus faoin lá a mbeidh sí le héisteacht, agus cibé ordacháin eile a thabhairt is cuí léi.