Ordú 120

Ateangairí agus tiontuithe

1. Beidh cibé líon ateangairí ann a iarrfaidh an Príomh-Bhreitheamh agus Uachtarán na hArd-Chúirte faoi seach, ó thráth go chéile, le foréileamh i scríbhinn arna dhíriú chuig an Aire Dlí agus Cirt, agus freastalóidh na hateangairí sin ar na Cúirteanna agus ar Oifigí na nUaschúirteanna agus beidh siad ar fáil chun freastal ar na Cúirteanna sin de réir mar is gá chun aon chúis nó ábhar a éisteacht.

2. Aon toghairm, achainí nó fógra a bheidh le seirbheáil go pearsanta sa Ghaeltacht, más i mBéarla di nó dó, féadfaidh tiontú Gaeilge ar an doiciméad sin a bheith ag gabháil leis, agus mura mbeidh an tiontú sin ag gabháil leis tiontóidh duine de na hateangairí go Gaeilge é, agus beidh de cheangal ar an bpáirtí a mbeidh an toghairm, an achainí nó an fógra sin á seirbheáil nó á sheirbheáil aige tiontú Gaeilge a sheachadadh i dteannta na cóipe Béarla den doiciméad a bheidh i gceist.

3. Aon toghairm, achainí nó fógra, más i nGaeilge di nó dó, féadfaidh tiontú Béarla ar an doiciméad sin a bheith ag gabháil leis, agus mura mbeidh an tiontú sin ag gabháil leis tiontóidh duine de na hateangairí go Béarla é , agus beidh de cheangal ar an bpá irtí a mbeidh an toghairm, an achainí nó an fógra sin á seirbheáil nó á sheirbheáil aige tiontú Béarla a sheachadadh i dteannta na cóipe Gaeilge den doiciméad a bheidh i gceist.

4. Déanfaidh duine de na hateangairí mionnscríbhinn i mBéarla arna comhdú ag aon pháirtí sa Phríomh-Oifig, ar aon pháirtí eile san imeacht céanna dá iarraidh sin, a thiontú go Gaeilge, agus, mar an gcéanna, déanfar aon mhionnscríbhinn i nGaeilge a thiontú go Béarla, ar an gcoinníoll go ndéanfaidh an páirtí a mbeidh an tiontú sin ag teastáil uaidh, nó a aturnae, dearbhú a chomhdú á dhearbhú nach dtuigeann an páirtí sin an teanga ina mbeidh an mhionnscríbhinn sin comhdaithe. Beidh an páirtí a mbeidh an tiontú sin uaidh i dteideal cóip fhianaithe amháin de a fháil saor in aisce.

5. San Ordú seo ciallóidh an abairt ‘‘an Ghaeltacht’’ an limistéar geografach ina mbeidh cibé ceantair d’Éirinn cuimsithe a dhearbhóidh an tOireachtas ó thráth go chéile.