Bhí James Gandon, an t-ailtire is cáiliúla de chuid Bhaile Átha Cliath, freagrach as oibreacha i mBaile Átha Cliath amhail na Ceithre Cúirteanna, Teach an Chustaim, Óstaí an Rí agus píosaí breise a cuireadh le Teach na Parlaiminte (Banc na hÉireann atá ann anois).

Tar éis bhás Thomas Cooley sa bhliain 1784, ceapadh James Gandon chun na Ceithre Cúirteanna nua a chríochnú. Cuireadh an obair i gcrích sa bhliain 1802.
Tar éis bhás Thomas Cooley sa bhliain 1784, ceapadh James Gandon chun na Ceithre Cúirteanna nua a chríochnú. Cuireadh an obair i gcrích sa bhliain 1802.

Rugadh Gandon i Londain agus ba de bhunadh na nÚgónach é. Agus é 14 bliana d’aois, cuireadh chun Shipley’s Drawing Academy é, áit a ndearna sé staidéar ar an léann clasaiceach, an mhatamaitic, na healaíona agus an ailtireacht go háirithe. Bhuail sé le go leor dá chuid cairde sa dá bhliain a chaith sé in Shipley’s. Ag deireadh na mblianta sin, bhí sé ina phrintíseach ag William Chambers. Ag an am sin, bhí Chambers ag cumadh a shaothair iontaigh, a Thráchtas ar an Ailtireacht Shibhialta. Tá líníochtaí Gandon ina measc. Seachas an Tráchtas, rinneadh obair ar an Áirse ag Wilton agus ar an gCasaíne in Marino.

Sa bhliain 1765, chuir Gandon deireadh lena chaidreamh le William Chambers agus thosaigh sé ag obair ar eastát Sir Samuel Hillier cóngarach do Wolverhampton. D’fhás cleachtach Gandon go mall agus bhí sé beag. Cuireadh tús leis an gcéad phríomhshaothar a bhí aige ar Shire Hall in Nottingham in 1769, a bheadh á úsáid ag an Ard-Ghiúire. Ag an am céanna, chuir sé dearadh isteach ar an gcomórtas do Mhalartán Ríoga nua i mBaile Átha Cliath. Roghnaíodh an dearadh a chuir Thomas Cooley isteach, agus tháinig dearadh Gandon sa dara háit.

Phós sé Eleanor Smullen, Covent Garden, ar an 26 Iúil, 1770. Cheannaigh siad teach i Londain agus bhí seisear leanaí acu. Níl mórán ar eolas againn faoina shaothar ailtireachta idir 1771 agus 1777. Thug Banphrionsa de chuid na Rúise cuireadh dó in 1780 chun tógáil i gCathair Pheadair. Bhí post oifigiúil a raibh céim mhíleata aige mar chuid den tairiscint seo. Ina ionad sin, ghlac sé le tairiscint ón Ró-Onórach John Beresford, Príomhchoimisinéir Ioncam na hÉireann, chun Teach Custaim nua a dhearadh i mBaile Átha Cliath. Tháinig Gandon go Baile Átha Cliath ar an 26 Aibreán 1781 ach níor cuireadh tús leis an obair ar feadh cúpla mí mar go raibh ceannaithe go mór i gcoinne an Teach Custaim a bhí ag Droichead Shráid Chéipil a athlonnú. Leagadh an chéad chloch ar an 8 Lúnasa 1781 agus cuireadh an obair i gcrích in 1791. Agus Teach an Chustaim á thógáil, chuaigh Gandon go Londain chun cuairt a thabhairt ar a bhean chéile agus a theaghlach. Bhí sé i gceist aige a theach a dhíol agus teacht ar ais go Baile Átha Claith lena theaghlach. Bhí a bhean chéile tinn, áfach, agus fuair sí bás tar éis dó teacht. Tháinig sé ar ais go Baile Átha Cliath i Márta 1782 leis an triúr leanaí ab óige; James a bhí ocht mbliana d’aois, Mary Anne a bhí deich mbliana d’aois agus Elizabeth a bhí sé bliana d’aois.

Sa bhliain 1784, thug Gandon faoi theach cúirte nua a thógáil i bPort Láirge.  Le linn na 1780idí, ceapadh Gandon ina chomhairleoir ar Choimisiún na Sráideanna Leathana i mBaile Átha Cliath agus dhear sé roinnt foirgneamh, lena n-áirítear Droichead Carlisle agus feabhsúcháin ar ospidéal luí seoil agus gairdíní Rotunda.  Idir an dá linn, coimisiúnaíodh é chun síntí a chur le Teach na Parlaiminte, Sráid Westmoreland. Cuireadh tús leis an obair i mBealtaine 1785 agus cuireadh i gcrích faoi 29 Aibreán 1789 í. Chosain an obair sin thart ar fhiche míle punt.

Tar éis bhás Thomas Cooley sa bhliain 1784, ceapadh James Gandon chun an obair ar na Ceithre Cúirteanna nua a chríochnú. Leagadh an bhunchloch ar an 3 Márta 1786. Leagadh na bunchlocha don sciathán thoir de na hoifigí a bhí fágtha in 1798. Cuireadh an obair i gcrích sa bhliain 1802.

Ba é Óstaí an Rí an foirgneamh deiridh i mBaile Átha Cliath a raibh baint aige leis. Agus Sráid Henrietta taobh thiar de agus Cnoc an Bhunreachta os a chomhair, tógadh idir 1795 agus 1827 é. Rinne binseoirí Chumann Onórach Óstaí an Rí athchóiriú mór air le déanaí. Faightear sa seomra bia an t-aon taobh istigh de chuid Gandon (seachas roinnt seomraí sa phóirseáid thoir i bhfoirgneamh Bhanc na hÉireann) atá fós slán i príomhfhoirgneamh poiblí. Dódh nó buamáladh na foirgnimh ar fad eile le linn na gcogaí go luath sa 20ú haois nó rinneadh athruithe ollmhóra orthu ó shin.

Tar éis dó saol fada, rathúil a chaitheamh, cuireadh in uaigh a sheancharad, Francis Grose, i Reilig Dhroim Chonrach é, ar a iarratas féin. Seo a leanas atá ar an inscríbhinn: "Such was the respect in which Gandon was held by his neighbours and friends from around his home in Lucan that they refused carriages and walked the 16 miles to and from Drumcondra on the day of his funeral."