Is foirgnimh stairiúla iad go leor dár dtithe cúirte agus féadann an pobal cuairt a thabhairt orthu saor in aisce agus foghlaim faoi thraidisiún agus faoi fheidhm an phróisis dhlíthiúil.
Cad Chuige Cuairt a Thabhairt Orainn?
Cad Chuige Cuairt a Thabhairt Orainn?
Dar lena lán daoine gur ionann teacht chuig foirgneamh cúirte agus freastal ar chás cúirte - mar dhlíthí, finné, giúróir nó mar íospartach - ach is iomaí fáth ar fiú cuairt a thabhairt ar theach cúirte.
Is féidir foghlaim faoi conas a oibríonn ár gcúirteanna agus breathnú ar chleachtóirí dlí i mbun a gceirde.
Is féidir a luach a thabhairt fosta den mhéid a chuireann foirgnimh chúirte le hoidhreacht ár dtíre - ó mhaorgacht ailtireacht an 18ú haois go dtí áiseanna den scoth an 21ú haois.
Cá bhfuilimid?
Cuairteanna Grúpa
Inrochtaineacht
Inrochtaineacht
Is féidir cuairt a thabhairt ar fhoirgnimh chúirte ar fud na tíre nuair a bhíonn na cúirteanna ag suí. Fáilte romhat dul isteach i mbunús gach seomra cúirte chun cásanna a bhreathnú, ach ba chóir do chuairteoirí a bhfuil fadhbanna soghluaisteachta acu dul i dteagmháil leis an gcúirt ar dtús óir tá deacrachtaí inrochtaineachta i roinnt foirgneamh.
Béasa sa Seomra Cúirte
Béasa sa Seomra Cúirte
Áiteanna foirmiúla iad seomraí cúirte agus bítear ag dúil le hiompar measúil a bheith agat. Is gá dea-iompar a bheith ag gach duine sa chúirt, lena n-áirítear finnéithe, cosantóirí agus an pobal dá réir. Ní ceadmhach fóin phóca a úsáid agus níor chóir féachaint le teagmháil a dhéanamh le haon duine atá páirteach sa chás, giúróirí san áireamh.
Ar mhaithe le príobháideacht agus cumhdach daoine atá ag freastal ar chúirt, ní ceadmhach grianghraif ná físeáin a thógáil, nó imeachtaí a thaifeadadh ar dhóigh ar bith.