Is í an Chúirt Uachtarach an chúirt is airde in Éirinn agus cúirt na n-achomharc deiridh. Bunaíodh go foirmiúil í ar 29 Meán Fómhair 1961 faoi théarmaí Airteagal 34 de Bhunreacht na hÉireann.

Comhdhéanamh na Cúirte Uachtaraí

Is é atá sa Chúirt Uachtarach, Príomh-Bhreitheamh na hÉireann ar Uachtarán na Cúirte é/í agus naonúr de ghnáthbhreithiúna. Breithiúna breise iad sa Chúirt Uachtarach, Uachtarán na Cúirte Achomhairc agus Uachtarán na hArd-Chúirte.

Ceapadh an Breitheamh Uasal Donal O'Donnell mar an 13ú Príomh-Bhreitheamh na hÉireann ar an 11ú Deireadh Fómhair, 2021, ina chomharba ar an mBreitheamh Uasal Frank Clarke. Chomh maith le bheith i gceannas ar éisteachtaí na Cúirte Uachtaraí, tá de fhreagracht ar an bPríomh-Bhreitheamh an chúirt a bhainistiú, lena n-áirítear sannadh na mBreithiúna ar chásanna atá le héisteacht.

Sna Ceithre Cúirteanna, Baile Átha Cliath, atá an Chúirt Uachtarach lonnaithe ach go suíonn sí ó am go chéile i gcathracha eile. Triúr, cúigear nó, i gcúinsí eisceachtúla, seachtar breithiúna a éisteann cásanna.

Breithiúnais

Is le comhaontú thromlach na mbreithiúna a shocraítear cásanna sa Chúirt Uachtarach. Tá gach breitheamh i dteideal tuairim ar leith a thabhairt, bídís ag aontú nó ag easaontú.

Tagann an eisceacht sa chleachtas seo aníos sa chás nuair a atreoraíonn an tUachtarán Bille chuig an gCúirt Uachtarach faoi Airteagal 26 den Bhunreacht. Sna cásanna seo, breitheamh aonair a fhógraíonn an cinneadh faoi mar a threoraíonn an chúirt agus ní chuirtear aon tuairim eile in iúl.

Rochtain Phoiblí

Foráiltear sa Bhunreacht go riartar an ceartas go poiblí i ngach cúirt in Éirinn, an Chúirt Uachtarach san áireamh. I bhformhór mór na gcásanna a thagann os comhair na Cúirte Uachtaraí, mar sin de, tá siad oscailte don phobal agus is eisceachtaí iad cásanna a bhaineann le dlí teaghlaigh agus le cionta gnéis go háirithe.

Dlínse

Tá de dhlínse ag an gCúirt Uachtarach na hachomhairc seo a leanas a éisteacht:

(a) cinneadh de chuid na Cúirte Achomhairc  má tá an Chúirt Uachtarach sásta-

  i. go mbaineann an cinneadh le gnó ar de thábhacht náisiúnta é nó

  ii. ar mhaithe leis an gceartas, is gá go mbeidh achomharc sa Chúirt Uachtarach (Airteagal 34.5.3 den Bhunreacht) agus

(b) cinneadh de chuid na hArd-Chúirte : má tá an Chúirt Uachtarach sásta go bhfuil cúinsí eisceachtúla ann ar gá achomharc díreach ina leith - réamhchoinníoll chun go mbíonn an Chúirt Uachtarach sásta gur ann do cheachtar den dá thoisc seo a leanas nó an dá thoisc:

  i. baineann an cinneadh le gnó ar de thábhacht ghinearálta phoiblí é;

  ii. ar mhaithe leis an gceartas (Airteagal 34.5.4 den Bhunreacht).

Tá de chumhacht ag an gCúirt Uachtarach fosta a chinneadh an bhfuil Bille a achtaíodh sa dá Theach Oireachtais agus a cuireadh faoi bhráid Uachtarán na hÉireann chun a shíniú míbhunreachtúil. Tarlaíonn sé seo nuair a atreoraíonn an tUachtarán an gnó chuig an gCúirt.

Tá tuilleadh eolais ar nósanna imeachta na cúirte agus cásanna a thionscnamh ach cliceáil anseo here