Is é an tAcht um Leanaí 2001 an phríomhreachtaíocht a rialaíonn ceartas i leith an aosa óig in Éirinn. Nuair atá an Chúirt Dúiche ina suí ar an mbonn sin, tugtar an Chúirt Leanaí uirthi.

An Chúirt Leanaí

An Chúirt Leanaí

I bhfianaise an dlí, is ionann ‘leanbh’ agus duine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois. Cé gurb ionann aois na freagrachta coiriúla agus 12 bhliain d’aois sa chuid is mó de chásanna, d’fhéadfaí leanbh atá 10 mbliana d’aois nó 11 bhliain d’aois a chúiseamh as dúnmharú, dúnorgain, éigniú agus tromionsaí gnéasach.  Caithfidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí aontú le haon chúiseamh i leith leanaí faoi bhun 14 bliana d’aois.

Pléann an Chúirt Leanaí le gach cúiseamh i leith leanaí maidir le mionchionta agus d’fhéadfadh sí plé le cion indíotáilte (cion lena mbaineann an ceart chun triail le giúiré a fháil) nuair a thoilíonn an leanbh. Má cheapann breitheamh na Cúirte Leanaí nach mionchion é an cion a cuireadh i leith an linbh, nó gur chóir déileáil leis an gcion sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, seans nach bpléifidh sé leis an gcúiseamh i leith an linbh. I ndáiríre, pléann an Chúirt Leanaí leis an gcuid is mó de chúisimh indíotáilte i leith leanaí.

I mBaile Átha Cliath, tá Cúirt Leanaí ar leith i Margadh na Feirme a shuíonn gach lá oibre chun plé le ceisteanna maidir le ceartas i leith an aosa óig laistigh de mhórcheantar uirbeach Bhaile Átha Cliath. Is minic a shuíonn an Chúirt Leanaí lasmuigh de Bhaile Átha Cliath i seomraí cúirte ina mbíonn an Chúirt Dúiche ina suí de ghnáth, ach suíonn sí ar laethanta difriúla nó ag amanna difriúla. A oiread agus is féidir, níor chóir go mbeadh teagmháil ag daoine atá ag freastal ar an gCúirt Leanaí le daoine atá ag freastal ar shuí de chuid cúirte eile.

Is cúirt phríobháideach í an Chúirt Leanaí. Tá srian ar na daoine a d’fhéadfadh a bheith i láthair i seomra na cúirte ag aon suí den chúirt dá bharr sin.  Tá cead ag na daoine seo a leanas a bheith i seomra na cúirte, áfach:

  • tuismitheoirí nó caomhnóir an linbh atá i gceist,
  • oifigigh de chuid na cúirte,
  • daoine a bhfuil baint dhíreach acu leis na himeachtaí,
  • ionadaí bona fide don phreas, agus
  • aon duine eile a d’fhéadfadh an chúirt a cheadú, lena cead.

Éilítear san Acht um Leanaí 2001 go gcaithfidh tuismitheoirí nó caomhnóir an linbh atá i gceist freastal ar imeachtaí cúirte a bhaineann lena leanbh, ach amháin má cheapann an chúirt nach gá dóibh freastal ar an gcúirt ar mhaithe leis an gceartas.  Nuair nach bhfuil na tuismitheoirí nó an caomhnóir i láthair, is féidir le gaol fásta leis an leanbh nó ionadaí fásta eile a bheith i láthair i seomra na cúirte.

Ós rud é go mbíonn imeachtaí na Cúirte Leanaí príobháideach, ní cheadaítear sonraí a thuairisciú óna bhféadfaí an leanbh a aithint.  Gearrtar pionóis choiriúla ar dhaoine as an riail seo a shárú.

  1. na tuismitheoirí
  2. oifigigh
  3. daoine