Sa bhliain 1541 rinne Anraí VIII na mainistreacha a lánscor agus dheonaigh léas do Chumann Onórach Óstaí an Rí chun mainistir na mBráithre Dubha a úsáid - áit a bhfuil na Ceithre Cúirteanna anois.
Sa lá atá inniu ann tá líon mór foirgneamh agus áiteanna aitheanta a bhfuil baint acu leis an dlí sa limistéar a chuimsíonn Plás Blackhall san iarthar, Óstaí an Rí ar an taobh thoir, Sráid an Rí Thuaidh ó thuaidh agus na Céanna ó dheas. Tá roinnt comhlachtaí a bhaineann leis an dlí sa cheantar freisin lena n-áirítear Comhairle an Bharra, an Dlí-Chumann, agus Óstaí an Rí. Agus tá go leor gnólachtaí dlí agus gnólachtaí Cuntasóirí Costais Dlí ann.
Siúil thart ar Cheathrú Dhlí Bhaile Átha Cliath agus tabhair beagnach 500 bliain den stair chun beatha. Ag tosú ag na Ceithre Cúirteanna, treoróidh ár léarscáil thú chuig Teach Cúirte Shráid na Faiche, Óstaí an Rí, an Dlí-Chumann, Cnoc an Arbhair agus na Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla.