Is cúirt í an Chúirt Chuarda a bhfuil dlínse áitiúil, theoranta aici. Teoranta maidir le cé na cásanna a fhéadann sí a chinneadh i ngnóthaí sibhialta agus coiriúla.

Dlínse

Is cúirt í an Chúirt Chuarda a bhfuil dlínse áitiúil, theoranta aici. Is féidir an obair a roinnt ina ceithre phríomhréimse: sibhialta, coiriúil, dlí teaghlaigh agus seirbhís ghiúiré. Suíonn an Chúirt Chuarda in ionaid i ngach cuaird. Maireann suíonna achair éagsúla ama ó lá amháin go trí seachtaine agus is iondúil go dtionóltar iad gach 2 go 4 mhí. Bíonn suíonna leanúnacha i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh i rith gach téarma dleathach.

 

A- Gnó Sibhialta

Dlínse shibhialta atá ag an gCúirt Chuarda ach amháin go dtoilíonn gach páirtí i ngníomh an teorainn a bhaint den dlínse. Baineann teorainn dlínse na cúirte go príomha le gníomhartha nuair is lú ná €75,000 an t-éileamh agus gur lú ná €3,000,000 an luach margaidh.

B- Coiriúil

I ngnóthaí coiriúla, tá an dlínse chéanna ag an gCúirt Chuarda leis an bPríomh-Chúirt Choiriúil i ngach ciontú indíotáilte seachas dúnmharú, éigniú, tromionsaí gnéis, tréas, píoráideacht agus cionta bainteacha. Tá an dlínse seo infheidhmithe sa cheantar ina ndearnadh an cion nó inar gabhadh nó a gcónaíonn an té atá cúisithe. I gCúirteanna Cuarda taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath, áfach, féadann breitheamh an triail a aistriú go Cúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath ar iarratas ó na cúisitheoirí nó ó na cosantóirí agus má tá sé/sí sásta nach éagóir é a dhéanamh. Is sa Chúirt Dúiche a thosaíonn cásanna coiriúla a bpléann an Chúirt Chuarda Choiriúil leo agus cuirtear ar aghaidh iad chun na Cúirte Cuarda i gcomhair trialach nó breithe.

C- Dlí Teaghlaigh

Tá dlínse chomhreathach ag an gCúirt Chuarda agus ag an Ard-Chúirt i réimse an Dlí Teaghlaigh. Tá údarás ag an gCúirt Chuarda i réimse leathan d'imeachtaí dlí teaghlaigh (scaradh breithiúnach, colscaradh, neamhniú agus achomhairc ón gCúirt Dúiche). Tá údarás ag an gCúirt Chuarda agus í ag éisteacht a leithéid de chásanna orduithe bainteacha a dhéanamh, lena n-áirítear orduithe coinneála agus rochtana, orduithe cothabhála agus urchoisc. Is féidir fosta iarratais ar orduithe cosanta agus urchoisc a chur go díreach faoi bhráid na Cúirte Cuarda. Is í an Chúirt Chuarda fosta a phléann le hiarratais ar an tréimhse fógra pósta trí mhí a chur i leataobh.

D- Roghnú Giúiré

Is ar an gCláraitheoir Contae atá freagracht roghnú giúiré do na Cúirteanna Cuarda Coiriúla sna sé chontae fichead uile. Is i mBaile Átha Cliath a ghairtear giúiréithe don Phríomh-Chúirt Choiriúil agus don Ard-Chúirt. An Oifig Ghiúiré atá mar chuid d'Oifig Chúirt Chuarda Bhaile Átha Cliath atá freagrach as giúiréithe a ghairm do Chúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath, don Phríomh-Chúirt Choiriúil agus do ghníomhartha sibhialta áirithe amhail clúmhilleadh, ionsaí agus príosúnacht neamhdhleathach san Ard-Chúirt.

 

Comhdhéanamh

An tUachtarán, tríocha a seacht de ghnáthbhreithiúna agus seisear breithiúna speisialaithe atá sa Chúirt Chuarda. Is breitheamh breise é/í, de bhun a (h)oifige, Uachtarán na Cúirte Dúiche. Tá an tír roinnte ina hocht gcuaird agus breitheamh amháin sannta i ngach cuaird ach amháin i mBaile Átha Cliath, mar a bhféadfaí deichniúr breithiúna a shannadh agus i gCorcaigh mar a mbíonn triúr breithiúna.

Achomhairc ón gCúirt Dúiche

Is féidir cinntí de chuid na Cúirte Dúiche a achomharc chuig an gCúirt Chuarda seachas roinnt eisceachtaí. Téann achomhairc chun cinn le hathéisteacht iomlán agus is cinneadh deiridh é cinneadh na Cúirte Cuarda. Feidhmíonn an Chúirt Chuarda mar chúirt achomhairc i leith chinntí de chuid na Cúirte Oibreachais, an Binse um Dhífhostú Éagórach agus an Binse um Achomhairc Fostaíochta.

Tá tuilleadh eolais ar nósanna imeachta na cúirte agus ar chás a thionscnamh anseo, click here  do chásanna sibhialta agus anseo here do chásanna coiriúla.