Tá dlínse iomlán ag an Ard-Chúirt chun gach gnó ar cheisteanna sibhialta nó coiriúla a shocrú. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil aon teorainn ar an méid airgid a fhéadann an Ard-Chúirt a bhronnadh mar chúiteamh nó damáistí.

Nuair a bhíonn an Ard-Chúirt ag éisteacht gnóthaí coiriúla, tugtar an Phríomh-Chúirt Choiriúil uirthi. In imeachtaí coiriúla, suíonn Breitheamh na hArd-Chúirte le giúiré de dháréag.

Dlínse

Tá dlínse iomlán agus cumhacht ag an Ard-Chúirt chun gach gnó agus ceist a shocrú, bídis sa dlí nó fíric, sibhialta nó coiriúil. Tá dlínse aici fosta i gceisteanna bailíocht aon dlí ó thaobh an Bhunreachta de.

Gníomhaíonn an Ard-Chúirt mar chúirt achomhairc ón gCúirt Chuarda i ngnóthaí sibhialta. Tá de chumhacht aici cinntí binsí áirithe a athbhreithniú. Féadann sí fosta rialuithe a thabhairt ar cheisteanna dlí a chuireann an Chúirt Dúiche isteach.

Féadann duine dá dtugtar bannaí sa Chúirt Dúiche iarratas a chur chuig an Ard-Chúirt chun coinníollacha na mbannaí a athrú. Is chuig an Ard-Chúirt amháin a fhéadann duine ar cuísíodh dúnmharú ina leith iarratas ar bhannaí a chur.

I dtéarmaí na Príomh-Chúirte Coiriúla, suíonn an chúirt cibé am agus áit a dtreoraíonn Uachtarán na hArd-Chúirte agus triaileann cásanna coiriúla ata lasmuigh de dhlínse na Cúirte Cuarda.

Comhdhéanamh na hArd-Chúirte

An tUachtarán agus tríocha a sé de ghnáthbhreithiúna atá san Ard-Chúirt. Is breithiúna breise de chuid na hArd-Chúirte iad, de bhun a n-oifige, an Príomh-Bhreitheamh, Uachtarán na Cúirte Achomhairc agus Uachtarán na Cúirte Cuarda.

Is iondúil gur breitheamh amháin a éisteann agus a chinneann gnóthaí a thagann os comhair na hArd-Chúirte ach féadann Uachtarán na hArd-Chúirte a chinneadh go bhféadann triúr breithiúna aon chúis nó gnó nó cuid díobh a éisteacht i gcúirt ar a dtugtar cúirt roinne.

I dtéarmaí trialacha Coiriúla, breitheamh amháin a bhíonn ina mbun a shuíonn le giúiré dháréag ach féadann Uachtarán na hArd-Chúirte a threorú do bheirt bhreithiúna nó níos mó suí le chéile i gcomhair triail ar leith.

Suíonna

Suíonn an Ard-Chúirt i mBaile Átha Cliath chun gníomhartha a éisteacht. Éistear gníomhartha díobháil phearsanta agus díobháil mharfach fosta san iomad suíomh ar fud na tíre (Corcaigh, Gaillimh, Luimneach, Port Láirge, Sligeach, Dún Dealgan. Cill Chainnigh, an Inis), ag amanna sonracha den bhliain. Lena chois sin, suíonn an Ard-Chúirt in ionaid lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.

Éisteann an Phríomh-Chúirt Choiriúil, go príomha, trialacha dúnmharaithe agus éignithe agus ó tháinig an tAcht Iomaíochta 2002 i bhfeidhm, trialacha coiriúla faoin Acht seo fosta. Le blianta, is i mBaile Átha Cliath amháin a shuigh an chúirt. Le blianta beaga anuas, áfach, suíonn an chúirt i Luimneach, Sligeach, an Inis, Corcaigh agus i gCaisleán an Bharraigh.

Achomhairc

Is féidir achomhairc in imeachtaí sibhialta ón Ard-Chúirt a thabhairt chun na Cúirte Achomhairc, ach amháin na cásanna sin ina gceadaíonn an Chúirt Uachtarach achomharc a thabhairt chuici (achomharc 'Cliobóige'). Tá sé seo amhlaidh ó bunaíodh an Chúirt Achomhairc ar 28 Deireadh Fómhair 2014.

Is féidir achomharc i gcoinne chiontú nó phianbhreith de chuid na Príomh-Chúirte Coiriúla a thabhairt os comhair na Cúirte Achomhairc.

Tá tuilleadh eolais ar nósanna imeachta na cúirte agus ar chás a thionscnamh ar fáil anseo, click here.