1. Conas a gheobhaidh mé cóip d'ordú cúirte?

Nuair a bhíonn ordú déanta ag breitheamh nó ag Máistir na hArd-Chúirte, ullmhaíonn agus foirbhíonn (síníonn) Cláraitheoir an t-ordú ina leagtar amach na mionsonraí.

Féadann páirtithe cáis nó aturnaetha gnáthchóipeanna nó dearbhaithe (sínithe agus deimhnithe) d'orduithe a iarraidh. I mbunús gach cáis, tá gnáthchóipeanna inghlactha. Ar chúiseanna áirithe, áfach, is gá cóip dheimhnithe agus tá táille dleacht stampála chúirte - €15.00 faoi láthair - le gearradh.

Más ag déanamh ionadaíochta ort féin atá tú, is féidir cóip d'ordú a iarraidh de r-phost. Má tá aturnae ag déanamh ionadaíochta ar do shon, is é d'aturnae a dhéanfaidh an t-iarratas. Is gá go gcuimseofar sa r-phost uimhir thaifid na hArd-Chúirte, teideal an cháis, dáta an ordaithe agus, i gcás aturnaetha, an páirtí a bhfuil siad ag déanamh ionadaíochta ar a shon.

Chun gnáthchóip a iarraidh, cuir r-phost chuig: highcourtbespeaks@courts.ie.

Chun cóip dheimhnithe a iarraidh (m.sh. ar chúis oifigiúil nó achomhairc), ní mór duit coinne a chur in áirithe ar líne leis an bPríomh-Oifig agus freastal go pearsanta.

Chun coinne a chur in áirithe téigh go dtí an córas áirithinte ar líne. Roghnaigh ‘An Phríomh-Oifig’ agus déan an ceapachán leis an ‘Ard-Chúirt Orduithe Fianaithe agus Bailiú Doiciméad’

Cuirfear dátaí agus amanna ar fáil duit le roghnú astu. Nuair a bheidh tú críochnaithe gheobhaidh tú ríomhphost deimhnithe maidir le sonraí do choinne.

Iarrtar ar chustaiméirí na nithe seo a leanas a chinntiú agus iad ag freastal;

  • Tá an t-ordú curtha i gcrích trí Chuardach na hArd-Chúirte a sheiceáil
  • Tá cárta táille €15 in aghaidh an ordaithe acu agus is féidir é a fháil ón Oifig Stampála (áit a bhfuil táillí i gceist).
  • Tá aitheantas fótagrafach acu (is féidir é a iarraidh).
  • Tá uimhir Thaifid na hArd-Chúirte acu, teideal an cháis agus dáta an ordaithe/na n-orduithe atá á iarraidh.
     

2. Conas a dhéanaim teagmháil le cláraitheoir?

Chun dul i dteagmháil le cláraitheoir faoi ordú, seol r-phost chuig  highcourtcentraloffice@courts.ie.   Abair sa líne ábhair gur i gcomhair an chláraitheora atá an r-phost. Ba chóir uimhir thaifid na hArd-Chúirte, teideal an cháis, dáta an ordaithe agus an páirtí a bhfuil tú ag déanamh ionadaíochta ar a shon a chuimsiú.

3. Conas a fhaighim cóip den doiciméad ón gcomhad cúirte?

Má tá tú ag déanamh ionadaíochta ort féin, féadann tú an t-iarratas a dhéanamh. Má tá aturnae ag déanamh ionadaíochta ar do shon, ní mór don aturnae an t-iarratas a dhéanamh. Má tá an cás tagtha chun críche is féidir cóip den doiciméad a iarraidh. Ní mór dleacht stampála chúirte a íoc - €15.00 faoi láthair -  ar gach cóip de dhoiciméad.

Ba chóir an chóip den doiciméad a iarraidh go pearsanta ag an bPríomh-Oifig agus ní mór duit teacht chun na hoifige le do dhoiciméid a bhailiú. Glacann sé suas le trí lá oibre chun an chóip den doiciméad a phróiseáil.

4. Conas a fhaighim cóip de bhreith scríofa?

Is iondúil gur le breith scríofa a chuirtear cás i gcrích agus leagtar amach inti na fáthanna atá le cinneadh a dhéanann an breitheamh. Is minice a thugtar breith ex tempore (ó bhéal). Is féidir breitheanna a íoslódáil saor in aisce ón suíomh gréasáin seo.

Chun cóip dheimhnithe de bhreith a fháil (m.sh. chun achomharc a dhéanamh) seol r-phost chuig  highcourtjudgments@courts.ie. Ba chóir uimhir thaifid na hArd-Chúirte, teideal an cháis agus dáta na breithe a chuimsiú. Ní mór duit dleacht stampála chúirte a íoc - €14.00 faoi láthair móide €1.00 ar gach ceithre leathanach - ar chóipeanna deimhnithe de bhreitheanna scríofa. Déarfaimid leat cá mhéad atá le híoc nuair a gheobhaimid an t-iarratas.

Ní mór duit an chóip den bhreith dheimhnithe a bhailiú tú féin ón bPríomh-Oifig. Más ag déanamh ionadaíochta ort féin atá tú, iarrfaimid aitheantas grianghraf agus tú ag bailiú na cóipe.

5. Ordú Ard-Chúirte a achomharc chun na Cúirte Achomhairc

Is féidir Ordú Ard-Chúirte a achomharc chun na Cúirte Achomhairc.

Ordú nó Cinneadh Ard-Chúirte a achomharcOrdú 86a de Rialacha na nUaschúirteanna

6. Achomharc ordú de chuid Mháistir na hArd-Chúirte

Is féidir ordú de chuid Mháistir na hArd-Chúirte a Achomharc chun na hArd-Chúirte.

Chun ordú a achomharc, ba chóir duit fógra foriarratais agus mionnscríbhinn a chur faoi bhráid na Príomh-Oifige agus tabharfaidh an Oifig dáta duit.

Má dhiúltaíonn an Máistir don iarratas, tá 6 lá agat chun an fógra foriarratais leis an gcinneadh a achomharc a chur isteach. Má ghlacann an Máistir leis an iarratas, tá 6 lá agat ó dháta foirbhithe an ordaithe chun an cinneadh a achomharc.

Ordú de chuid Mháistir na hArd-Chúirte a AchomharcOrdú 63 Riail 9 de Rialacha na nUaschúirteanna.

7. Conas a fhaighim tras-scríbhinn de Thaifeadadh Digiteach Fuaime?

Taifeadtar éisteachtaí cúirte le Taifeadtaí Digiteacha Fuaime (DAR). Má tá tras-scríbhinn den DAR uait, ní mór duit iarratas a chur chuig an mbreitheamh a d'éist an gnó. Déantar é seo le fógra foriarratais agus mionnscríbhinn forais . (I.R. Uimh 1010 de 2013: Rialacha na nUaschúirteanna (ordú 123)).

Liostófar an fógra foriarratais os comhair an bhreithimh a d'éist an gnó, ar dháta a shannann an tArd-Chláraitheoir. Ba chóir go gcuimseofaí ann an uimhir thaifid Ard-Chúirte, teideal an cháis, an dáta ar éisteadh an cás, an breitheamh a d'éist agus an seomra cúirte inar éisteadh an cás. Ní mór an fógra foriarratais a sheirbheáil ar na páirtithe eile sa chás. Féadann an breitheamh a shocrú go mbeidh rochtain ar an taifead ar fad nó cuid de agus an mbeidh aon téarmaí agus coinníollacha i bhfeidhm.

Ní cheadófar iarratas ach amháin nuair a gheallann iarratasóir íoc as an tras-scríbhinn, mura dtreoireoidh an breitheamh a mhalairt.

Má cheadaíonn breitheamh ordú chun tras-scríbinn a fháil, ba chóir duit dul i dteagmháil le Epiq Global Limited (a bhfuil conradh acu ón tSeirbhís Cúirteanna) agus cóip den ordú a thabhairt dóibh. Ní faoin tSeirbhís Cúirteanna atá na costais a bhaineann le tras-scríbinn a fháil.

Déantar teagmháil le Epiq Global Limited ag: 4 Lána na Seansaireachta, BÁC 8. Teil: 01 571 0220. R-phost:

dublinoffice@epiqglobal.ie

8. Bronnadh cúirte ar pháistí agus bronnadh a rochtain ar bhaint 18 mbliana amach dóibh

Infheistíonn an tSeirbhís Cúirteanna airgead a bhronntar ar pháiste ar chur i gcrích cáis go dtí go mbaineann an páiste ocht mbliana déag amach ach amháin má threoraíonn an chúirt a mhalairt.

D'fhéadfaí cuid den airgead a scaoileadh le freastal ar riachtanais sláinte agus leasa sula mbaineann an páiste ocht mbliana déag amach. Féadann an duine ar a dtugtar 'an Neaschara' (tuismitheoir nó caomhnóir de ghnáth) iarratas a dhéanamh ar scaoileadh an airgid de r-phost nó sa phost.

Ba chóir go mbeadh ainm an pháiste agus, más ar fáil, uimhir thaifid na hArd-Chúirte agus teideal an cháis a bheith le gach comhfhreagras. Ba chóir go gcuimseofaí san iarratas an fáth atá leis an íocaíocht (sonraisc agus meastacháin cuimsithe mar thacaíocht) agus ainm agus uimhir ghutháin an neaschara. De rogha air sin, is féidir teacht chun na cúirte go pearsanta chun an t-iarratas a dhéanamh. Sa chás seo, déantar teagmháil leis an bPríomh-Oifig roimh ré.

Chun iarratas a dhéanamh de r-phost, cuir isteach 'Iarratas do Mhionaoiseach' sa líne ábhair agus seol chuig:

highcourtcentraloffice@courts.ie

Chun iarratas a dhéanamh sa phost, seol chuig: Íocaíochtaí, An Phríomh-Oifig, An Ard-Chúirt, Na Ceithre Cúirteanna, BÁC 7.

Is iondúil gurb é Máistir na hArd-Chúirte a bhreithníonn iarratais. Ba chóir duit iarratas a dhéanamh dhá mhí sular mian leat an íocaíocht a fháil chun am a thabhairt leis an iarratas a bhreithniú. Má fhaomhann an Máistir an t-iarratas, déanfaidh Oifig Cuntasóirí na Seirbhíse Cúirteanna teagmháil le neaschara an pháiste faoi íocaíochtaí. Is féidir íocaíochtaí a sheoladh de sheic nó d'aistriú bainc.

Ba chóir iarratais ar airgead atá le scaoileadh ar bhaint amach ocht mbliana déag don mhionaoiseach a dhéanamh go díreach le hOifig Cuntasóirí na Seirbhíse Cúirteanna
 

9. An Cás a Tharchur chun na Cúirte Cuarda

Nuair a dhéantar ordú ina dtarchuirtear cás Ard-Chúirte chun na Cúirte Cuarda, aistrítear an comhad chuig an Oifig Chuí Cúirte Cuarda a luaithe a fhoirbhítear an t-ordú.

10. Orduithe le hiontráil sa Phríomh-Oifig

Is gá roinnt orduithe Ard-Chúirte a tháirgeadh ag páirtí/aturnae sa Phríomh-Oifig leis na doiciméid chuí. Tarlaíonn sé seo go príomha nuair a thagann páirtithe le chéile, a leasaítear toghairm nó a athraítear teideal na n-imeachtaí. Sna cásanna seo, ba chóir an toghairm bhunaidh a thabhairt chun na hoifige.

I Rialacha na nUaschúirteanna leagtar amach na nósanna imeachta do chásanna eile nuair nach mór an t-ordú a iontráil sa Phríomh-Oifig.