Ordú 25

Ponc dlí a thriail

1. Beidh páirtí ar bith i dteideal aon phonc dlí a tharraingt anuas trína phléadáil, agus déanfaidh an Breitheamh a mbeidh an chúis á triail aige aon phonc a tharraingeofar anuas amhlaidh a chur de láimh sa triail nó tar éis na trialach, ar an gcoinníoll go bhféadfar, le toiliú na bpáirtithe, nó le hordú ón gCúirt ar cheachtar páirtí dá iarraidh sin, an céanna a chur síos lena éisteacht agus lena chur de láimh tráth ar bith roimh an triail.

2. Más rud é, i dtuairim na Cúirte, an chaingean go léir, nó aon chúis chaingne, foras cosanta, fritháireamh, frithéileamh, nó freagra ar leithligh inti, a bheith curtha de láimh go substaintiúil le cinneadh an phoinc dhlí sin, féadfaidh an Chúirt, air sin, an chaingean a dhíbhe nó cibé ordú eile a dhéanamh inti is cóir.