Ordú 36

Triail

I. Ionad agus modh na trialach.

1. Déanfar gach imeacht san Ard-Chúirt a thriail sna Ceithre Chúirt, Baile Átha Cliath, mura mbeidh a mhalairt ordaithe nó foráilte le reacht nó leis na Rialacha seo.

2. (a) Faoi réir fhorálacha mhír (b) den riail seo, féadfaidh aon pháirtí ordú chun aon imeachtaí a thriail in áit seachas i mBaile Átha Cliath a iarraidh ar Bhreitheamh, tráth ar bith tar éis dheireadh na bpléadálacha, le foriarratas iar bhfógra don pháirtí nó do na páirtithe eile sna himeachtaí sin nó, má thoilíonn an páirtí nó na páirtithe eile sin leis, le foriarratas ex parte.

(b) I gcás aon imeachtaí a mbeidh na páirtithe i dteideal, de cheart, gur le giúiré a thriailfí iad, féadfar fógra trialach a sheirbheáil i gcomhair aon ionaid de na hionaid seo a leanas — Corcaigh, Luimneach, Gaillimh, Sligeach, Dún Dealgan, Cill Chainnigh — gan iarratas roimh ré chun na Cúirte, agus féadfar an t-ábhar a chur síos i gcomhair trialach san ionad sin.

(c) I gcás ina ndéanfaidh aon pháirtí fógra trialach a sheirbheáil i gcomhair ionaid faoi mhír 2 (b) den riail seo, féadfaidh aon pháirtí eile iarratas a dhéanamh chun na Cúirte le fógra foriarratais chun an t-ionad a athrú.

3. Déanfar fógra trialach a sheirbheáil i ngach caingean a bheidh tionscanta le toghairm iomlánach nó a bheidh curtha ar atráth le haghaidh éisteachta iomlánaí (seachas caingne probháide agus aimiréalachta) agus déanfar gach caingean nó ábhar den sórt sin a chur síos i gcomhair trialach sa Phríomh-Oifig. Déanfar foriarratais chun fógra trialach a chur ar ceal laistigh de cheithre lá tar éis an fógra a mbeifear ag gearán faoi a sheirbheáil.

4. Déanfaidh an gearánaí i gcaingne probháide agus aimiréalachta a bheidh tionscanta le toghairm iomlánach, agus déanfaidh an t-achainíoch in á bhair maidir le pósadh a bheidh tionscanta le hachainí, iarratas, le foriarratas iar bhfógra don Mháistir, ar ordacháin, agus déanfaidh an Máistir, nó an Chúirt, más rud é go mbeidh an foriarratas curtha ar liosta na Cúirte ag an Máistir, am agus modh na trialach a shocrú agus déanfaidh sé aon ordú coimhdeach maidir le pléadálacha, sonraí, follasú, agarcheisteanna, iniúchadh doiciméad, iniúchadh maoine réadaí nó pearsanta, coimisiúin, ceistiú finnéithe, socrú saincheisteanna, nó eile, is gá nó is fóirsteanach. Ar an gcoinníoll, má loiceann an gearánaí in aon chaingean phrobháide nó aimiréalachta den sórt sin, nó má loiceann an t-achainíoch in aon ábhar den sórt sin maidir le pósadh, iarratas a dhéanamh amhlaidh laistigh de cheithre lá dhéag ó dháta seachadta na pléadála deireanaí, go bhféadfaidh aon chosantóir nó aon fhreagróir, de réir mar bheidh, iarratas a dhéanamh ar ordacháin mar a dúradh.

5. Na cúiseanna nó na hábhair uile nach mbeidh na páirtithe i dteideal, de cheart, gur le giúiré a thriailfí iad, is Breitheamh gan ghiúiré a thriailfidh iad, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

6. I ngach cás nach dtiocfaidh faoi riail 5, luafaidh an páirtí a mbeidh fógra trialach á sheirbheáil aige, san fhógra sin, é a bheith ag iarraidh gur le giúiré nó gan ghiúiré a dhéanfar na saincheisteanna fíorais a thriail, agus má theastaíonn uaidh go ndéanfar na saincheisteanna sin a thriail gan ghiúiré déanfar iad a thriail amhlaidh, mura gcuirfidh an páirtí nó na páirtithe eile, nó aon pháirtí díobh, in iúl le fógra i scríbhinn, laistigh de cheithre lá dhéag ó dháta seirbheála fógra trialach, nó laistigh de cibé tréimhse ama a lamhálfaidh an Chúirt, gur mian leis nó leo gur le giúiré a thriailfí iad, agus as a aithle sin déanfar iad a thriail amhlaidh.

7. Féadfaidh an Chúirt, má dhealraíonn sé gurb inmhianaithe sin a dhéanamh, a ordú go dtriailfear gan ghiúiré aon cheist nó saincheist fíorais, nó aon cheist nó saincheist a bheidh go páirteach ina ceist nó ina saincheist fíorais agus go páirteach ina ceist nó ina saincheist dlí, a thiocfaidh chun cinn in aon chúis nó ábhar ar féidir, gan aon toiliú ó na páirtithe, í a thriail gan ghiúiré, agus féadfaidh an triail sin bheith ar siúl, má ordaíonn an Chúirt amhlaidh, an tráth céanna a mbeidh aon saincheisteanna fíorais sa chúis chéanna nó san ábhar céanna á dtriail ag giúiré.

8. Más rud é go léireofar, tráth ar bith tar éis na himeachtaí a eisiúint, chun sástacht na Cúirte, ar cheachtar páirtí dá iarraidh sin, gurb é a bheidh san ábhar a bheidh faoi dhíospóid cúrsaí cuntais nach féidir a thriail go caoithiúil sa ghnáthshlí, féadfaidh an Chúirt, ar an iarratas sin a dhéanamh chuici, an t-ábhar sin a bhreithniú go hachomair, nó a ordú go ndéanfar an t-ábhar sin, go hiomlán nó go páirteach, a tharchur chun eadránaí a cheapfaidh na páirtithe, nó chun an Mháistir nó an Scrúdaitheora, ar cibé téarmaí i dtaobh costas agus eile a mheasfaidh an Chúirt a bheith réasúnach.

9. Faoi réir fhorálacha na rialacha sin roimhe seo den Ordú seo, féadfaidh an Chúirt in aon chúis nó ábhar, tráth ar bith nó ó thráth go chéile, a ordú go ndéanfar ceisteanna éagsúla fíorais a bheidh ag teacht chun cinn sa chúis nó san ábhar sin a thriail ar mhodhanna éagsúla trialach, nó go dtriailfear ceist fíorais amháin nó níos mó sula dtriailfear na cinn eile, agus féadfaidh sí a ordú, i ngach cás, go dtriailfear saincheist fíorais amháin nó níos mó sula dtriailfear aon cheann nó aon chinn eile.

10. Aon cheist nó saincheist fíorais a bheidh le triail le giúiré, is Breitheamh a thriailfidh í i ngach cás, mura n-ordófar go speisialta go ndéanfaidh beirt Bhreitheamh nó níos mó í a thriail.

II. Fógra trialach agus cur síos.

11. Féadfaidh an gearánáý, nó an páirt eile i bpáirt gearánaí, fógra trialach a thabhairt in aon chúis nó ábhar. Féadfar an fógra sin a thabhairt i dteannta an fhreagra (más ann), cibé acu a chuirfidh nó nach gcuirfidh sé deireadh leis na pléadálacha, nó tráth ar bith tar éis na saincheisteanna fíorais a bheith réidh lena dtriail.

12. (a) Mura dtabharfaidh an gearánaí in aon chaingean fógra trialach laistigh de thrí sheachtain tar éis dheireadh na bpléadálacha, féadfaidh an cosantóir, ar fhógra a bheith tugtha don ghearánaí, cead a iarraidh ar an gCúirt fógra trialach a thabhairt, agus ar an iarratas sin a éisteacht féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh is cóir leis an gCúirt ar cibé téarmaí is cóir léi.

(b) Mura dtabharfaidh an gearánaí in aon chaingean fógra trialach laistigh de shé sheachtain tar éis dheireadh na bpléadálacha, nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe ama a lamhálfaidh an Chúirt, féadfaidh an cosantóir, roimh fhógra trialach arna thabhairt ag an ngearánaí, fógra trialach a thabhairt (ar fógra é le haghaidh trialach le giúiré, i gcásanna ina mbeidh an gearánaí i dteideal giúiré, de cheart), nó féadfaidh sé a iarraidh ar an gCúirt an chaingean a dhíbhe d’uireasa í a thabhairt ar aghaidh; agus ar an iarratas sin a éisteacht féadfaidh an Chúirt a ordú an chaingean a dhíbhe dá réir sin, nó féadfaidh sí cibé ordú eile a dhéanamh is cóir leis an gCúirt ar cibé téarmaí is cóir léi.

13. Mura ndéanfaidh an t-achainíoch, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis ordú an Mháistir nó na Cúirte ag socrú am agus mhodh na trialach, imeacht maidir le pósadh a thaifeadadh le haghaidh trialach, féadfaidh an freagróir an t-imeacht sin a thaifeadadh le haghaidh trialach, nó féadfaidh sé a iarraidh ar an gCúirt an achainí a dhíbhe d’uireasa í a thabhairt ar aghaidh.

14. Mura ndéanfaidh an gearánaí i gcaingean phrobháide nó aimiréalachta, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis ordú an Mháistir nó na Cúirte ag socrú am agus mhodh na trialach, an chaingean a thaifeadadh le haghaidh trialach, féadfaidh an cosantóir an chaingean a thaifeadadh le haghaidh trialach.

15. Luafar san fhógra trialach cibé acu an fógra é chun an chúis nó an t-ábhar a thriail nó chun na saincheisteanna sa chúis nó san ábhar a thriail, agus is i bhFoirm Uimh. 18 nó i bhFoirm Uimh. 19 i bhFoscríbhinn C a bheidh sé.

16. Tabharfar fógra lá is fiche faoin triail, mura mbeidh toilithe ag an bpáirtí dá dtabharfar é, nó mura mbeidh sé faoi théarmaí, nó mura mbeidh ordaithe dó, glacadh le gearrfhógra trialach; agus is leor é i ngach cás, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt. Is fógra ceithre lá a bheidh i ngearrfhógra trialach, mura n-ordófar a mhalairt.

17. Déanfar fógra trialach a thabhairt sula gcuirfear an chaingean síos i gcomhair trialach.

18. Mura ndéanfaidh páirtí amháin nó an páirtí eile, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis fógra trialach a thabhairt, an chaingean a chur síos, ní bheidh feidhm a thuilleadh ag an bhfógra trialach.

19. Ní bheidh fógra trialach nó an cur síos nó an taifeadadh le haghaidh trialach ina fhógra d’aon suíonna áirithe nó ní oibreoidh sé mar fhógra d’aon suíonna áirithe; ach measfar é a bheith le haghaidh aon lae tar éis an fógra do dhul in éag ar a dtiocfaidh an triail ar aghaidh de réir a hoird ar an liosta.

20. Ní dhéanfar aon fhógra trialach a chur ar ceal ach amháin le toiliú nó le cead na Cúirte, agus féadfar an cead sin a thabhairt faoi réir cibé téarmaí i dtaobh costas nó eile is cóir.

21. Mura ndéanfaidh an páirtí a mbeidh fógra trialach á thabhairt aige an chaingean a chur síos laistigh de sheacht lá tar éis fógra trialach a thabhairt, féadfaidh an páirtí dá mbeidh fógra tugtha, mura mbeidh an fógra curtha ar ceal faoi riail 20, an chaingean a chur síos, faoi réir riail 18.

22. Is é an t-oifigeach ag a mbeidh bainistiú na Príomh-Oifige de thuras na huaire an t-oifigeach cuí chun taifid a dhéanamh agus cuntais a thabhairt ar na fíneálacha nó na suimeanna pionósacha uile a ghearrfaidh an Chúirt.

23. Nuair a bheidh aon chúis nó ábhar curtha ar atráth lena breithniú nó lena bhreithniú tuilleadh, féadfar, tar éis ocht lá a bheith caite agus laistigh de cheithre lá dhéag ó dháta comhdaithe dheimhniú an Scrúdaitheora, í nó é a chur síos lena breithniú nó lena bhreithniú tuilleadh, ar iarraidh i scríbhinn ón aturnae thar ceann an ghearánaí nó an pháirtí ag a mbeidh stiúradh na n-imeachtaí, agus tar éis do na ceithre lá dhéag sin a bheith caite féadfaidh an Cláraitheoir an chúis nó an t-ábhar a chur síos ar iarraidh i scríbhinn ón aturnae thar ceann an ghearánaí nó thar ceann aon pháirtí eile; agus i gceachtar cás, ar an mbreithiúnas nó ar an ordú ag cur tuilleadh breithnithe ar atráth, nó cóip den bhreithiúnas nó den ordú, maille le cóip de dheimhniú an Scrúdaitheora nó meabhrán de dháta comhdaithe an deimhnithe, arna fhormhuiniú ar an iarraidh ag an oifigeach cuí, a thabhairt ar aird. Féadfaidh an iarraidh a bheith i bhFoirm Uimh. 27 i bhFoscríbhinn G. Ní dhéanfar an chúis nó an t-ábhar, nuair a bheidh sí nó sé curtha síos amhlaidh, a chur sa liosta lena breithniú nó lena bhreithniú tuilleadh go dtí go mbeidh sé lá caite ón lá a mbeifear tar éis í nó é a chur síos amhlaidh. Tabharfar fógra ina thaobh sin do na páirtithe eile sa chaingean ceithre lá ar a laghad roimh an lá dá bhféadfar an céanna a mharcáil amhlaidh lena bhreithniú tuilleadh. Féadfaidh an fógra sin a bheith i bhFoirm Uimh. 28 i bhFoscríbhinn G.

III. Páipéir le haghaidh an Bhreithimh

24. An páirtí ar mian leis na himeachtaí a chur síos i gcomhair trialach déanfaidh sé é sin trí chóip den fhógra trialach a sheachadadh ar an oifigeach cuí, mar aon le dhá chóip d’iomlán na bpléadálacha, agus d’aon litir nó fógra ag iarraidh sonraí agus freagra uirthi sin nó air sin, a mbeidh cóip amháin díobh le haghaidh úsáid an Bhreithimh sa triail.

25. Mar aon leis an dá chóip d’iomlán na bpléadálacha, déanfaidh an páirtí a mbeidh caingean phrobháide á taifeadadh aige le haghaidh trialach liosta a sheachadadh ar an oifigeach cuí, le hainmneacha agus dá taí gach caveat, rabhaidh, forghairme agus láithris a bheidh taiscthe, comhdaithe, eisithe nó taifeadta anuas go dtí dáta an tseachadta sin, maille le cóip den ordú ag socrú am agus mhodh na trialach.

26. Déanfaidh an páirtí a mbeidh imeacht maidir le pósadh, arna thionscnamh le hachainí, á thaifeadadh aige le haghaidh trialach dhá chóip d’iomlán na bpléadálacha, maille le cóip den ordú ag socrú am agus mhodh na trialach agus na saincheisteanna a bheidh le triail, a sheachadadh ar an oifigeach cuí.

27. Déanfaidh an páirtí a mbeidh aon imeachtaí le haghaidh trialach á dtaifeadadh aige, nó déanfaidh a aturnae, deimhniú ar leith a thaisceadh á dheimhniú na cóipeanna go léir a bheidh taiscthe a bheith ina gcóipeanna dílse.


IV. Imeachtaí sa triail

28. Más rud é, nuair a ghlaofar triail, go láithreoidh an gearánaí agus nach láithreoidh an cosantóir, féadfaidh an gearánaí a éileamh a chruthú, a mhéid a bheidh an dualgas cruthúnais air.

29. I gcaingean chun talamh a aisghabháil, más rud é go ndealróidh sé teideal an ghearánaí a bheith ann mar a bheidh líomhnaithe sa toghairm tráth a seirbheála, ach go ndealróidh sé freisin é a bheith dulta in éag roimh thráth na trialach, beidh an gearánaí, dá ainneoin sin, i dteideal fíoraisc de réir an fhíorais é a bheith i dteideal amhlaidh tráth tionscanta na caingne agus seirbheála na toghairme, agus i dteideal breithiúnais le haghaidh a chostas maidir leis an agra.

30. I gcaingean chun talamh a aisghabháil, más rud é go láithreoidh an gearánaí agus nach láithreoidh an cosantóir, beidh an gearánaí i dteideal fíoraisc, gan aon chruthúnas ar a theideal, agus i gcás caingne chun talamh a aisghabháil, dar foras teideal, beidh sé i dteideal méid na ndamáistí a bheidh bainte dó de dheasca chailliúint na bhfoghailrátaí agus na bhfoghailbhrabús a chruthú, agus i gcás caingne chun talamh a aisghabháil mar gheall ar neamhíoc cíosa, beidh sé i dteideal méid an chíosa a bheidh dlite iarbhír a chruthú, agus fíorasc a fháil ina leith sin.

31. I gcásanna a thiocfaidh faoi riail 30, más caingean í chun talamh a aisghabháil mar gheall ar neamhíoc cíosa, féadfar méid an chíosa a bheidh dlite a chruthú le mionnscríbhinn an tiarna talún, a ghníomhaire, a ghlacadóra nó a chléirigh.

32. Más rud é, nuair a ghlaofar triail, go láithreoidh an cosantóir agus nach láithreoidh an gearánaí, beidh an cosantóir, mura mbeidh aon fhrithéileamh aige, i dteideal breithiúnais ag díbhe na caingne, ach, má tá frithéileamh aige, ansin féadfaidh sé an frithéileamh sin a chruthú, a mhéid a bheidh an dualgas cruthúnais air.

33. Féadfaidh an Chúirt aon fhíorasc nó breithiúnas a gheofar i gcás nach láithreoidh páirtí amháin sa triail a chur ar ceal ar cibé téarmaí is cuí léi, ar iarratas arna dhéanamh laistigh de shé lá i ndiaidh na trialach.

34. Féadfaidh an Breitheamh, más dóigh leis é a bheith fóirsteanach ar mhaithe leis an gceartas, triail a chur siar nó a chur ar atráth go ceann cibé tréimhse ama, agus ar cibé téarmaí, más ann, is cuí leis.

35. I dtriail le giúiré, déanfar na haithisc chun an ghiúiré a rialáil mar a leanas: ceadófar, i ndeireadh a cháis, don pháirtí a thosóidh, nó dá abhcóide, más rud é nach bhfógróidh a fhreasúróir é a bheith ar intinn aige fianaise a thabhairt ar aird, an giúiré a aitheasc an dara huair chun coimriú a dhéanamh ar an bhfianaise, agus ceadófar don pháirtí freasúrach, nó dá abhcóide, a chás a oscailt agus, freisin, coimriú a dhéanamh ar an bhfianaise, más ann, agus beidh an ceart chun freagra a thabhairt díreach mar a bhí go dtí seo.

36. I gcaingne i leith leabhail nó béadchainte, nach ndéanfaidh an cosantóir, lena chosaint, fírinne an ráitis a mbeidh gearán déanta faoi a dhearbhú iontu, ní bheidh an cosantóir i dteideal, sa triail, príomhfhianaise a thabhairt, d’fhonn damáistí a mhaolú, i dtaobh na n-imthosca faoina mbeifear tar éis an leabhal nó an bhéadchaint a fhoilsiú, nó i dtaobh charachtar an ghearánaí, gan cead ón mBreitheamh, mura mbeidh sonraí tugtha aige don ghearánaí, seacht lá ar a laghad roimh an triail, faoi na hábhair a mbeidh ar intinn aige fianaise a thabhairt ina dtaobh.

37. Féadfaidh an Breitheamh, i ngach cás, aon cheisteanna a chuirfear le linn chroscheistiú aon pháirtí nó finné eile agus a dhealróidh dó a bheith ina gceisteanna cráiteacha, agus gan a bheith iomchuí maidir le haon ábhar ar cuí fiosrúchán a dhéanamh air sa chúis nó san ábhar, a dhícheadú.

38. Féadfaidh an Breitheamh, i dtriail nó tar éis trialach, a ordú breithiúnas a thaifeadadh d’aon pháirtí nó do cheachtar páirtí, nó an cás a chur ar atráth lena bhreithniú tuilleadh os a chomhair. Ní thaifeadfar aon bhreithiúnas tar éis trialach gan ordú an Bhreithimh.

39. I ngach triail taifeadfaidh an Cláraitheoir nó an t-oifigeach cuí eile gach cinneadh fíorais a ordóidh an Breitheamh a thaifeadadh, maille le hordacháin, más ann, an Bhreithimh i dtaobh breithiúnais, agus leis na deimhnithe, más ann, arna ndeonú ag an mBreitheamh, i leabhar a choimeádfar chun na críche sin.

40. Má ordaíonn an Breitheamh aon bhreithiúnas a thaifeadadh d’aon pháirtí, déanfaidh an Cláraitheoir nó an t-oifigeach cuí eile breithiúnas a thaifeadadh dá réir sin.

41. Déanfar trialacha le measúnóirí i cibé slí agus ar cibé téarmaí a ordóidh an Chúirt.

42. I ngach caingean a thriailfidh Breitheamh le giúiré agus ina mbeidh damáistí á n-éileamh i leith díobhála don phearsa agus do mhaoin a bheidh tagtha d’fheithicil inneallghluaiste a mbeidh ceangailte an dliteanas ina leith a bheith cumhdaithe le polasaí formheasta árachais faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961, alt 56, a thiomáint go faillitheach, ordóidh an Breitheamh don ghiúiré na damáistí (más ann) a dhámhfar a chionroinnt idir an díobháil don phearsa agus an díobháil do mhaoin.


V. Tarchur chun an Mháistir i dtaobh damáistí

43. Beidh socrú agus rialáil an chúrsa imeachta faoi tharchur chun an Mháistir i dtaobh damáistí go hiomlán faoi réir rialú agus threorú an Mháistir.

44. Déanfaidh an Máistir an fhianaise i ngach cás a bhreacadh síos ar ala na huaire agus a chaomhnú.

45. Déanfar toradh an fhiosrúcháin os comhair an Mháistir a lua i ndeimhniú arna shíniú aige agus, déanfar an deimhniú sin, ar é a bheith socraithe, a léirscríobh, agus, ar é a bheith sínithe, comhdófar é, agus air sin beidh an deimhniú sin arna dhaingniú mura ndéanfar fógra foriarratais a sheirbheáil, laistigh de cheithre lá tar éis an deimhniú a chomhdú, chun é a chur ar ceal nó a athrú.

46. Sonrófar i ngach fógra foriarratais den sórt sin na forais ar a mbeifear ar intinn iarratas a dhéanamh chun an deimhniú sin a chur ar ceal nó a athrú.

47. I gcás ina mbeidh an deimhniú ón Máistir arna dhaingniú faoi riail 44, nó ina ndaingneofar é leis an bhforiarratas sin a luaitear sa riail sin, féadfar breithiúnas críochnaitheach a thaifeadadh láithreach dá réir sin.

48. I ngach caingean nó imeacht ina ndealróidh sé don Chúirt gur ábhar a bhainfidh le ríomh, go substaintiúil, é méid na ndamáistí a mbeifear ag iarraidh iad a ghnóthú, féadfaidh an Chúirt a ordú go bhfionnfaidh an Máistir nó an t-oifigeach cuí eile don Chúirt an tsuim a mbeidh breithiúnas críochnaitheach le taifeadadh ina leith, agus féadfar, le subpoena, iallach a chur ar fhinnéithe freastal, agus go dtabharfaí doiciméid ar aird, os comhair an Mháistir nó an oifigigh sin, agus féadfaidh an Máistir nó an t-oifigeach sin an fiosrúchán a chur ar atráth ó thráth go chéile, agus deimhneoidh sé an tsuim a bheidh cinnte aige, agus air sin féadfaidh na himeachtaí céanna a bheith ann i dtaobh na costais a fhómhas, breithiúnas a thaifeadadh, agus eile, a bheadh ann ar chinneadh giúiré.

49. I gcás ina mbeidh damáistí le measúnú i leith aon chúise leanúnaí caingne, déanfar iad a mheasúnú anuas go dtí tráth an mheasúnaithe.