Ordú 102

An tAcht Iompair (Tionscnóirí Turas agus Gníomhairí Taistil), 1982

1. Is le toghairm speisialta a thionscnófar gach achomharc chun na Cúirte faoin Acht Iompair (Tionscnóirí Turas agus Gníomhairí Taistil), 1982, Alt 9.

2. Is é teideal a chuirfear ar an toghairm ná maidir leis an Acht agus ar iarratas ón duine a mbeidh an t-achomharc á thionscnamh aige, agus luafar inti an diúltú nó an bhreith a mbeidh achomharc á dhéanamh ina aghaidh nó ina haghaidh agus na forais achomhairc.

3. Seirbheálfar an toghairm ar an Aire Cumarsáide.