Ordú 128

Aistriú Daoine ar Cuireadh Pianbhreith Orthu : I.R. Uimh. 417 de 2007


AN tACHT UM AISTRIÚ DAOINE AR CUIREADH PIANBHREITH ORTHU, 1995

AN tACHT UM FHORGHNÍOMHÚ PIANBHREITHEANNA A AISTRIÚ, 2005


I. Réamhráiteach

1. San Ordú seo—

ciallaíonn “Acht 1995” an tAcht um Aistriú Daoine ar Cuireadh Pianbhreith Orthu, 1995;

ciallaíonn “Acht 2005” an tAcht um Fhorghníomhú Pianbhreitheanna a Aistriú, 2005;

ciallaíonn “Stát de chuid an Choinbhinsiúin” Stát lena mbaineann an Coinbhinsiún nó Stát nó críoch atá ainmnithe amhlaidh ag an Aire Gnóthaí Eachtracha faoi alt 2 d’Acht 1995;

ciallaíonn “tír ainmnithe” Stát atá ainmnithe amhlaidh ag an Aire Gnóthaí Eachtracha faoi alt 5 d’Acht 2005;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí.

II. Imeachtaí faoi Acht 1995

2. (1) Is trí iarratas ex parte a dhéanfaidh an tAire iarratas chun barántas a eisiúint faoi alt 7(1) d’Acht 1995.

(2) Is é “Maidir leis an Acht um Aistriú Daoine ar Cuireadh Pianbhreith Orthu, 1995 agus maidir le hIarratas ón Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí” an teideal a bheidh ar dhuillín ex parte a bheidh mar fhoras le hiarratas den sórt sin. Maidir leis an duillín ex parte—

(a) beidh iarraidh ann go n-eiseoidh an Chúirt barántas de bhun alt 7 d’Acht 1995;

(b) sainaithneofar ann an duine lena mbaineann ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi (de réir bhrí Acht 1995);

(c) sonrófar ann an phianbhreith arna forchur ar an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi;

(d) sonrófar ann an Stát de chuid an Choinbhinsiúin ina bhfuil an phianbhreith lena mbaineann á cur isteach ag an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi;

(e) sonrófar ann cathain agus conas a thug an duine lena mbaineann ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi a thoiliú nó a toiliú leis an aistriú;

(f) sonrófar ann an chuid den phianbhreith atá fágtha agus atá le forfheidhmiú sa Stát; agus

(g) sonrófar ann an áit nó na háiteanna sa Stát a fhéachfaidh an tAire lena sonrú sa bharántas de réir alt 7(3) d’Acht 1995.

(3) Déanfar iarratas den sórt sin a fhíorú trí mhionnscríbhinn nó trí mhionnscríbhinní arna mionnú ag an Aire nó thar ceann an Aire, agus maidir leis an mionnscríbhinn nó na mionnscríbhinní sin—

(a) cuirfear in iúl inti nó iontu conas agus cathain a tháinig an duine lena mbaineann ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi chun bheith ina náisiúnach den Stát nó conas a mheastar é nóí a bheith ina náisiúnach den Stát ar shlí eile;

(b) foilseánfar inti nó iontu an t-ordú faoina ndearnadh an phianbhreith lena mbaineann a fhorchur ar an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi (agus, i gcás nach bhfuil an t-ordú sin i dteanga oifigiúil de chuid an Stáit, aistriúchán ar an ordú go teanga oifigiúil de chuid an Stáit) agus taispeánfar inti nó iontu gur ordú críochnaitheach é, an tráth a dhéantar an t-iarratas;

(c) cuirfear in iúl inti nó iontu fad na pianbhreithe a bheidh curtha isteach ag an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi tráth a bheidh an iarraidh ar an aistriú faighte agus aon loghadh pianbhreithe a bheidh fabhraithe mar aon leis an mbonn ar a ndéanfar an céanna a ríomh. Más rud é go bhfuil níos lú ná sé mhí fós le cur isteach ag an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi, is cóir deimhneasc a áireamh inti nó iontu, más cuí, go measann an tAire go bhfuil imthosca eisceachtúla ann a d’fhágfadh gur cheart é nó í a aistriú;

(d) foilseánfar inti nó iontu an toiliú i scríbhinn leis an aistriú arna thabhairt ag an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi nó ag ionadaí dlíthiúil an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi nó ag aon duine eile a mheasfaidh an tAire is cuí;

(e) tuairisceofar inti nó iontu go hachomair na gníomhartha nó an neamhghníomh arb éard iad nó é an cion ar ina leith a cuireadh pianbhreith ar an duine lena mbaineann ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi;

(f) cuirfear cruthúnas ar fáil inti nó iontu ar cibé bearta a bheidh déanta chun na nithe seo a leanas a chur in iúl i scríbhinn don duine ina theanga nó ina teanga féin, is duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi—


(i) ábhar na gcomhshocraíochtaí idirnáisiúnta ar dá réir a bheartaítear é nó í a aistriú;

(ii) an éifeacht, i ndáil leis an duine, a bheidh ag aon bharántas a fhéadfar a eisiúint ina leith faoi alt 7 d’Acht 1995;

(iii) an éifeacht, i ndáil leis an duine, a bheidh ag an dlí a bhaineann lena choinneáil nó lena coinneáil faoi bharántas den sórt sin, agus

(iv) cumhachtaí an Aire faoi alt 9 d’Acht 1995;


(g) foilseánfar inti nó iontu an deimhniú ón Aire arna eisiúint faoi alt 6(6) d’Acht 1995.

(4) Is i bhFoirm 1, Foscríbhinn EE, fara cibé modhnuithe a bheidh cuí, a bheidh barántas a eiseofar faoi alt 7 d’Acht 1995.

3. (1) Is trí iarratas ex parte a dhéanfaidh an tAire iarratas chun na Cúirte de bhun alt 9(1)(b) d’Acht 1995 chun barántas a chúlghairm nó chun ceann amháin nó níos mó d’fhorálacha barántais arna eisiúint faoi alt 7 d’Acht 1995 a athrú agus beidh mionnscríbhinn nó mionnscríbhinní arna mionnú ag an Aire nó thar ceann an Aire mar fhoras leis. Maidir leis an mionnscríbhinn nó na mionnscríbhinní sin—

(a) leagfar amach inti nó iontu na forais leis an gcúlghairm nó leis an athrú (de réir mar a bheidh);

(b) leagfar amach inti nó iontu sonraí an iarratais bhunaidh ar an mbarántas, agus

(c) foilseánfar inti nó iontu an barántas a bheidh eisithe ag an gCúirt roimhe sin.

(2) Maidir le haon chás ina bhfuil an Chúirt den tuairim go ndéanann, nó gur dóigh go ndéanfaidh, ordú a dhéanfar faoi alt 9 d’Acht 1995 dochar ar aon slí don duine lena mbaineann ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi, féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfar an t-iarratas ón Aire a sheirbheáil ar an duine lena mbaineann ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi agus féadfaidh sí an t-iarratas ón Aire a chur ar atráth agus a ordú go ndéanfar an duine lena mbaineann ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi a thabhairt i láthair ag am agus ar dháta a shonróidh an Chúirt. Ar an duine lena mbaineann ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi a thabhairt i láthair agus tar éis cibé aighneachtaí nó uiríll a éisteacht a fhéadfaidh an duine lena mbaineann ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi a dhéanamh nó a fhéadfar a dhéanamh thar a cheann nó thar a ceann, agus a fhéadfaidh an tAire a dhéanamh nó a fhéadfar a dhéanamh thar a cheann nó thar a ceann, féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh de bhun alt 9 d’Acht 1995 is cuí léi sna himthosca.

(3) I gcás go ndéanfar barántas faoi alt 7 d’Acht 1995 a athrú, déanfar an t-athrú a fhormhuiniú ar an mbarántas bunaidh.

III. Imeachtaí faoi Acht 2005

4. (1) Is trí iarratas ex parte a dhéanfaidh an tAire iarratas chun barántas a eisiúint faoi alt 8(1) d’Acht 2005.

(2) Is é “Maidir leis an Acht um Fhorghníomhú Pianbhreitheanna a Aistriú, 2005 agus maidir le hIarratas ón Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí” an teideal a bheidh ar dhuillín ex parte a bheidh mar fhoras le hiarratas den sórt sin. Maidir leis an duillín ex parte—

(a) beidh iarraidh ann go n-eiseoidh an Chúirt barántas de bhun alt 8(1) d’Acht 2005;

(b) sainaithneofar ann an duine lena mbaineann ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi (de réir bhrí Acht 2005);

(c) sonrófar ann an phianbhreith arna forchur ar an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi;

(d) sonrófar ann an tír ainmnithe ina raibh an phianbhreith lena mbaineann le cur isteach ag an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi;

(e) sonrófar ann an chuid den phianbhreith atá fágtha agus atá le forfheidhmiú sa Stát;

(f) sonrófar ann an áit sa Stát a gcimeofar chuici an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi agus a fhéachfaidh an tAire lena sonrú sa bharántas.

(3) Déanfar iarratas den sórt sin a fhíorú trí mhionnscríbhinn nó trí mhionnscríbhinní arna mionnú ag an Aire nó thar ceann an Aire, agus maidir leis an mionnscríbhinn nó na mionnscríbhinní sin—

(a) cuirfear in iúl inti nó iontu gur saoránach de chuid an Stáit an duine lena mbaineann ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi nó go bhfuil dlúthcheangail aige nó aici leis an Stát agus, sa chás deiridh sin, nádúr na gceangal sin;

(b) foilseánfar inti nó iontu an t-ordú faoina ndearnadh an phianbhreith lena mbaineann a fhorchur ar an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi (agus, i gcás nach bhfuil an t-ordú sin i dteanga oifigiúil de chuid an Stáit, aistriúchán ar an ordú go teanga oifigiúil de chuid an Stáit) agus taispeánfar inti nó iontu gur ordú críochnaitheach é, an tráth a dhéantar an t-iarratas;

(c) cuirfear in iúl inti nó iontu aon fhad de phianbhreith a bheidh curtha isteach ag an duine lena mbaineann ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi tráth a bheidh an iarraidh ar fhorghníomhú na pianbhreithe sa Stát faighte agus aon loghadh pianbhreithe a bheidh fabhraithe mar aon leis an mbonn ar a ndéanfar an céanna a ríomh. Más rud é gur cuireadh níos lú ná sé mhí de phianbhreith ar an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi nó go bhfuil níos lú ná sé mhí fós le cur isteach aige nó aici, is cóir deimhneasc a áireamh inti nó iontu, más cuí, go measann an tAire go bhfuil imthosca eisceachtúla ann a d’fhágfadh gur cheart don duine an phianbhreith, nó an chuid den phianbhreith atá fágtha, a chur isteach sa Stát;

(d) tuairisceofar inti nó iontu go hachomair na gníomhartha nó an neamhghníomh arb éard iad nó é an cion ar ina leith a cuireadh pianbhreith ar an duine lena mbaineann ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi;

(e) foilseánfar inti nó iontu an deimhniú ón Aire arna eisiúint faoi alt 8(1) den Acht, agus

(f) cuirfear in iúl inti nó iontu gurb ann do na himthosca dá dtagraítear in alt 10(2)(f) d’Acht 2005.

(4) Déanfar cóip dheimhnithe de gach mionnscríbhinn dá dtagraítear i bhfo-riail (3) a sheirbheáil ar an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi a luaithe is féidir tar éis an barántas lena mbaineann a fhorghníomhú.

(5) Is i bhFoirm 2, Foscríbhinn EE, fara cibé modhnuithe a bheidh cuí, a bheidh barántas a eiseofar faoi alt 8(2) d’Acht 2005.

5. (1) Is trí iarratas ex parte a dhéanfaidh an tAire iarratas chun na Cúirte de bhun alt 8(6) d’Acht 2005 chun barántas a chúlghairm nó chun ceann amháin nó níos mó d’fhorálacha barántais arna eisiúint faoi alt 8(1) d’Acht 2005 a athrú agus beidh mionnscríbhinn nó mionnscríbhinní arna mionnú ag an Aire nó thar ceann an Aire mar fhoras leis. Maidir leis an mionnscríbhinn nó na mionnscríbhinní sin—

(a) leagfar amach inti nó iontu na forais leis an gcúlghairm nó leis an athrú (de réir mar a bheidh);

(b) leagfar amach inti nó iontu sonraí an iarratais bhunaidh ar an mbarántas, agus

(c) foilseánfar inti nó iontu an barántas a bheidh eisithe ag an gCúirt roimhe sin.

(2) I gcás go ndéanfar barántas faoi alt 8(1) d’Acht 2005 a athrú, déanfar an t-athrú a fhormhuiniú ar an mbarántas bunaidh agus déanfar cóip dheimhnithe de gach mionnscríbhinn dá dtagraítear i bhfo-riail (1) a sheirbheáil ar an duine ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi a luaithe is féidir tar éis an barántas arna athrú a fhorghníomhú.

(3) I gcás go ndéanfar an barántas faoi alt 8(1) a fhorghníomhú agus go bhfuil an Chúirt den tuairim go ndéanann, nó gur dóigh go ndéanfaidh, ordú a dhéanfar faoi alt 8(6) d’Acht 2005 dochar ar aon slí don duine lena mbaineann ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi, féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfar an t-iarratas ón Aire a sheirbheáil ar an duine lena mbaineann ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi agus féadfaidh sí an t-iarratas ón Aire a chur ar atráth agus a ordú go ndéanfar an duine lena mbaineann ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi a thabhairt i láthair ag am agus ar dháta a shonróidh an Chúirt. Ar an duine lena mbaineann ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi a thabhairt i láthair agus tar éis cibé aighneachtaí nó uiríll a éisteacht a fhéadfaidh an duine lena mbaineann ar cuireadh pianbhreith air nó uirthi a dhéanamh nó a fhéadfar a dhéanamh thar a cheann nó thar a ceann, agus a fhéadfaidh an tAire a dhéanamh nó a fhéadfar a dhéanamh thar a cheann nó thar a ceann, féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh de bhun alt 8(6) d’Acht 2005 is cuí léi sna himthosca.

6. (1) Is i scríbhinn a bheidh faisnéis faoi mhionn ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná cigire d’fhonn iarratas a dhéanamh chun barántas a eisiúint faoi alt 9(1) d’Acht 2005 agus is é “Maidir leis an Acht um Fhorghníomhú Pianbhreitheanna a Aistriú, 2005 agus maidir le hIarratas ar ghabháil shealadach C.D. ar Iarratas ó A.B.” an teideal a bheidh uirthi agus déanfar an iarraidh sin a thabhairt ar aird nó a fhoilseánadh inti.

(2) Is i bhFoirm 3, Foscríbhinn EE, fara cibé modhnuithe a bheidh cuí, a bheidh barántas a eiseofar faoi alt 9(1) d’Acht 2005.

7. (1) Faoi réir riail 8, is ar fhianaise trí mhionnscríbhinn, lena n-áireofar aon mhionnscríbhinn arna mionnú chun críche iarratais faoi fho-alt (1) nó faoi fho-alt (6) d’alt 8 d’Acht 2005, a rachaidh éisteacht faoi fho-alt (1) d’alt 10 d’Acht 2005 ar aghaidh agus a éistfear iarratas faoi fho-alt (3) den alt sin. I gcásanna práinneacha nó más gá é ar mhaithe leis an gceartas, áfach, féadfar fianaise bhéil a ghlacadh.

(2) Féadfaidh an tAire iarratas faoi fho-alt (3) d’alt 10 d’Acht 2005 a dhéanamh ex parte ag an éisteacht faoi fho-alt (1) den alt sin.

8. (1) Féadfaidh an Chúirt, ag éisteacht faoi fho-alt (1) d’alt 10 d’Acht 2005, i gcás go ndéanfaidh an duine sin ordú a dhéanfaidh an Chúirt ina leith faoi alt 10(1) d’Acht 2005 a chonspóid—

(a) a ordú don duine Pointí Agóide a sheachadadh ar aturnae an Aire agus ar an bPríomh-Oifig laistigh de cibé tréimhse ama a shocróidh an Chúirt, is Pointí Agóide i gcoinne ordú den sórt sin a dhéanamh;

(b) ordacháin a thabhairt maidir le mionnscríbhinní breise a sheachadadh;

(c) dáta a shocrú chun na Pointí Agóide a éisteacht, agus

(d) an duine a athchur chun na críche sin.

(2) Ní bheidh sna Pointí Agóide ach ráiteas soiléir i bhfoirm achomair maidir leis na forais agus na fíorais ábhartha ar a mbeidh an duine ag seasamh chun cur in aghaidh ordú den sórt sin a dhéanamh agus ní bheidh an fhianaise lena gcruthófar na fíorais ábhartha sin iontu.

(3) Is i bhFoirm 4, Foscríbhinn EE, fara cibé modhnuithe a bheidh cuí, a bheidh barántas cimithe tar éis ordú a dhéanamh faoi alt 10(1) d’Acht 2005.

IV. Imeachtaí i gcoitinne

9. Maidir le hoifigeach cuí don Phríomh-Oifig—

(a) coimeádfaidh sé nó sí clár ina mbeidh sonraí na n-iarratas uile a dhéanfar faoi alt 7 agus alt 9 d’Acht 1995 agus faoi alt 8 agus alt 9 d’Acht 2005;

(b) coimeádfaidh sé nó sí taifead agus cóip de na barántais uile a eiseofar faoi Acht 1995 agus Acht 2005 le hordú ón gCúirt, agus

(c) coinneoidh sé nó sí deimhnithe ón Aire agus na mionnscríbhinní a úsáidfear san iarratas nó sna hiarratais i ndáil le gach barántas den sórt sin, de réir mar a bheidh.