Ordú 107

An tAcht Ceardchumann, 1971

1. Is le toghairm speisialta a thionscnófar gach iarratas faoin Acht Ceardchumann, 1971, alt 3.

2. Is é teideal a chuirfear ar an toghairm ná maidir leis an Acht Ceardchumann, 1971, agus ar iarratas ón duine a mbeidh an t-iarratas á thionscnamh aige.

3. Seirbheálfar an toghairm ar an Aire Saothair.