Ordú 122

Tréimhse ama

1. I gcás ina mbeidh teorainn mhíonna curtha, leis na Rialacha seo nó le haon ordú, le tréimhse ama chun aon ghníomh a dhéanamh nó aon imeacht a thionscnamh, is de réir míonna féilire a ríomhfar an tréimhse ama sin, mura mbeidh a mhalairt sainráite.
2. I gcás ina gceapfar nó ina lamhálfar aon tréimhse theoranta ama is lú ná sé lá ó aon dáta nó i ndiaidh aon teagmhais chun aon ghníomh a dhéanamh nó aon imeacht a thionscnamh, ní áireofar an Satharn, an Domhnach, Lá Nollag ná Aoine an Chéasta agus an tréimhse theoranta ama sin á ríomh.

3. I gcás ina rachaidh an tréimhse ama chun aon ghníomh a dhéanamh nó aon imeacht a thionscnamh in éag ar Shatharn, ar Dhomhnach, nó ar lá eile a mbeidh na hoifigí dúnta, agus, dá dheasca sin, nach féidir an gníomh sin a dhéanamh nó an t-imeacht sin a thionscnamh an lá sin, measfar, chomh fada is a bhainfidh le ham déanta an ghnímh nó le ham tionscanta an imeachta, é a bheith déanta nó tionscanta go cuí má dhéantar nó má thionscnaítear é an chéad lá eile a mbeidh na hoifigí ar oscailt.

4. Mura n-ordóidh an Chúirt é, nó mura mbeidh toiliú chuige, ní dhéanfar pléadáil a sheachadadh nó a leasú i rith na saoire Fada.

5. Mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, ní áireofar tréimhse ama na saoire Fada agus na tréimhsí ama a cheaptar nó a lamháiltear leis na Rialacha seo chun aon phléadáil a leasú, nó a sheachadadh, á ríomh.

6. Ní áireofar an lá a seirbheálfar ordú le haghaidh urrúis i leith costas agus an tréimhse ama as sin amach go dtí an lá a dtabharfar an t-urrús sin, agus an lá sin san áireamh, nuair a bheidh an tréimhse ama a bheidh lamháilte chun pléadáil, agarcheisteanna a fhreagairt, nó aon imeacht eile a thionscnamh sa chúis nó san ábhar, á ríomh.

7. Beidh cumhacht ag an gCúirt an tréimhse ama a cheaptar leis na Rialacha seo, nó a shocrófar le haon ordú ag fadú tréimhse ama, chun aon ghníomh a dhéanamh nó aon imeacht a thionscnamh, a fhadú nó a ghiorrú ar cibé téarmaí (más ann) a ordóidh an Chúirt, agus féadfar aon fhadú den sórt sin a ordú cé nach mbeidh an t-iarratas air déanta go dtí tar éis dheireadh na tréimhse ama a bheidh ceaptha nó lamháilte.

8. Féadfar, le toiliú i scríbhinn, gan iarratas chun na Cúirte, fadú a dhéanamh ar an tréimhse ama chun aon phléadáil, freagra nó doiciméad eile a sheachadadh, a leasú nó a chomhdú.

9. Déanfar toghairmeacha, pléadálacha, fógraí, orduithe agus imeachtaí eile a sheirbheáil roimh a cúig a chlog san iarnóin, ach amháin ar an Satharn, nuair a dhéanfar an tseirbheáil roimh a haon a chlog san iarnóin. Seirbheáil a dhéanfar i ndiaidh a cúig a chlog san iarnóin aon dálach ach amháin an Satharn, measfar, chun críche aon tréimhse ama i ndiaidh na seirbheála sin a ríomh, í a bheith déanta an lá dár gcionn. Seirbheáil a dhéanfar i ndiaidh a haon a chlog san iarnóin ar an Satharn, measfar, chun na críche céanna, í a bheith déanta ar an Luan dár gcionn.

10. In aon chás ina ndéantar aon líon áirithe laethanta, gan é a bheith sainráite gur laethanta glan iad, a fhorordú leis na Rialacha seo, déanfar iad a ríomh gan an chéad lá a áireamh ach an lá deiridh a áireamh.

11. In aon chúis nó ábhar nach mbeidh aon imeacht tar éis bheith inti nó ann ar feadh bliana amháin ón imeacht deireanach a bheidh tar éis bheith inti nó ann, déanfaidh an páirtí ar mian leis dul ar aghaidh fógra míosa a thabhairt don pháirtí eile á rá é a bheith ar intinn aige dul ar aghaidh. In aon chúis nó ábhar nach mbeidh aon imeacht tar éis bheith inti nó ann ar feadh dhá bhliain ón imeacht deireanach a bheidh tar éis bheith inti nó ann, féadfaidh an cosantóir iarraidh ar an gCúirt í nó é a dhíbhe d’uireasa í nó é a thabhairt ar aghaidh, agus féadfaidh an Chúirt, ar an iarratas sin a éisteacht, a ordú an chúis nó an t-ábhar a dhíbhe dá réir sin nó féadfaidh sí cibé ordú a dhéanamh agus ar cibé téarmaí is cóir leis an gCúirt. Ní mheasfar foriarratas nó toghairm nach mbeidh aon ordú déanta air nó uirthi a bheith ina imeacht nó ina himeacht faoi réim na rialach seo ach measfar fógra trialach, d’ainneoin é a bheith curtha ar ceal, a bheith ina imeacht faoi réim na rialach seo.