Ordú 16

Nós imeachta tríú páirtí

1. (i) Más rud é, in aon chaingean, go n-éileoidh cosant óir amhail i gcoinne aon duine nach mbeidh ina pháirtí cheana féin sa chaingean (dá ngairtear ‘‘an tríú páirtí’’ san Ordú seo)—

 

(a) é a bheith i dteideal ranníoca nó slánaíochta, nó

(b) é a bheith i dteideal aon fhaoisimh nó leighis a bhainfidh nó a ghabhfaidh le hábhar bunaidh na caingne agus arb ionann go substaintiúil é agus faoiseamh nó leigheas éigin a bheidh éilithe ag an ngearánaí, nó

(c) gurb ionann go substaintiúil aon cheist nó saincheist a bhainfidh nó a ghabhfaidh leis an ábhar sin agus ceist nó saincheist éigin a bheidh ag teacht chun cinn idir an gearánaí agus an cosantóir agus gur ceart de réir cirt í a chinneadh ní amháin amhail idir an gearánaí agus an cosantóir ach amhail idir an gearánaí agus an cosantóir agus an tríú páirtí nó idir aon pháirtí nó ceachtar páirtí díobh,

féadfaidh an Chúirt cead a thabhairt don chosantóir fógra tríú páirtí a eisiúint agus a sheirbheáil agus féadfaidh sí, san am céanna, má dhealraíonn sé gurb inmhianaithe sin a dhéanamh, cead a thabhairt don tríú páirtí láithriú ag an triail agus cibé páirt is cóir a ghlacadh inti, agus go ginearálta cibé ordacháin is cuí leis an gCúirt a thabhairt chun gur caoithiúla a dhéanfar aon cheist, nó cearta nó dliteanais na bpáirtithe, a chinneadh agus a chur i bhfeidhm agus i dtaobh an mhodha ina mbeidh, agus a mhéid a bheidh, an bhreith nó an breithiúnas sa chaingean ina ceangal nó ina cheangal ar an tríú páirtí nó i dtaobh an mhodha ina mbeidh, agus a mhéid a bheidh, an tríú páirtí tugtha faoi dhliteanas aici nó aige.

(ii) Is le foriarratas iar bhfógra chun an ghearánaí a dhéanfar an t-iarratas ar an gcead sin. Mura rud é gur mian leis an ngearánaí an tríú páirtí a chur isteach leis na cosant óirí, ní gá dó freastal tráth éisteachta an fhoriarratais. Má fhreastalaíonn sé, ní bheidh sé i dteideal costas ach amháin le hordachán speisialta ón gCúirt.

(iii) Is laistigh d’ocht lá is fiche ón tráth a bheidh ceaptha chun an chosaint a sheachadadh nó, i gcás ina mbeidh an t-iarratas á dhéanamh ag an gcosantóir i bhfrithéileamh, chun an freagra a sheachadadh, a dhéanfar iarratas ar chead chun an fógra tríú páirtí a eisiúint, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

2. (i) Luafar san fhógra tríú páirtí cineál agus forais an éilimh nó cineál na ceiste nó na saincheiste a mbeifear ag iarraidh í a chinneadh agus cineál agus réim aon fhaoisimh nó leighis a bheidh á éileamh agus aon ordacháin ón gCúirt a bheidh tugtha faoi riail 1 (1) den Ordú seo. Beidh an fógra de réir Fhoirm Uimh. 1 nó Fhoirm Uimh. 2 i bhFoscríbhinn C, agus déanfar é a shéalú, agus a sheirbheáil ar an tríú páirtí, agus déanfar cóip de a chomhdú leis an oifigeach cuí sa tslí chéanna agus a dhéanfaí i gcás toghairmeacha tionscnaimh.

(ii) Mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt seirbheálfar an fógra laistigh d’ocht lá is fiche ó dháta déanta an ordaithe, agus déanfar cóip den toghairm thionscnaimh agus d’aon phléadálacha a bheidh seachadta sa chaingean a sheachadadh ina theannta.

3. Beidh an tríú páirtí, amhail ó thráth seirbheála an fhógra air, ina pháirtí sa chaingean, leis na cearta céanna i leith cosaint a dhéanamh i gcoinne aon éilimh a dhéanfar ina choinne agus ar dhóigheanna eile amhail is dá mbeadh an cosantóir tar éis é a agairt go cuí sa ghnáthshlí.

4. (i) Féadfaidh an tríú páirtí láithreas a thaifeadadh sa chaingean laistigh d’ocht lá ón tseirbheáil nó laistigh de cibé tréimhse ama bhreise a ordóidh an Chúirt agus a shonrófar san fhógra: Ar an gcoinníoll go bhféadfaidh an tríú páirtí a loicfidh láithriú laistigh den tréimhse ama sin cead a iarraidh ar an gCúirt chun láithriú, agus féadfar an cead sin a thabhairt ar cibé téarmaí, más ann, is cuí leis an gCúirt. Is i bhFoirm Uimh. 3 i bhFoscríbhinn A, Cuid II, a bheidh an meabhrán láithris.

(ii) I gcás ina mbeidh láithreas taifeadta ag tríú páirtí agus go mbeidh ráiteas éilimh iarrtha aige, seachadfaidh an cosantóir ráiteas éilimh ar an tríú páirtí laistigh de lá is fiche ó dháta taifeadta an láithris.

(iii) I gcás ina mbeidh láithreas taifeadta ag tríú páirtí seachadfaidh sé a chosaint—

 

(a) i gcás nach mbeidh ráiteas éilimh iarrtha aige le fógra, laistigh d’ocht lá is fiche ó dháta taifeadta an láithris;

(b) i gcás ina mbeidh ráiteas éilimh iarrtha aige, laistigh d’ocht lá is fiche ó dháta seachadta an ráitis éilimh.

5. Mura ndéanfaidh tríú páirtí ar a mbeidh fógra tríú páirtí seirbheáilte go cuí láithreas a thaifeadadh nó má mhainníonn sé aon phléadáil a mbeidh ordaithe dó nó ceangailte air í a sheachadadh, measfar é a bheith ag géilleadh do bhailíocht aon bhreithiúnais a bheidh tugtha sa chaingean, le toiliú nó ar shlí eile, agus beidh an breithiúnas sin, agus aon bhreith sa chaingean ar aon cheist a bheidh sonraithe san fhógra, ina gceangal air, agus nuair a éileofar ranníoc nó slánaíocht, nó faoiseamh nó leigheas eile, ina choinne san fhógra, measfar é a bheith ag admháil a dhliteanais i leith an ranníoca nó na slánaíochta sin nó an fhaoisimh nó an leighis eile sin.

6. I gcás ina mainneoidh tríú páirtí láithreas a thaifeadadh nó aon phléadáil a sheachadadh a mbeidh ordaithe dó nó ceangailte air í a sheachadadh agus go dtabharfar breithiúnas mainneachtana i gcoinne an chosantóra a mbeidh an fógra á thabhairt aige, beidh an cosantóir sin i dteideal, tráth ar bith, tar éis sásamh a thabhairt sa bhreithiúnas ina choinne féin, nó, le cead ón gCúirt, sula dtabharfar an sásamh sin, breithiúnas a thaifeadadh i gcoinne an tríú páirtí go feadh aon ranníoca nó slánaíochta a bheidh éilithe san fhógra tríú páirtí, nó, le cead ón gCúirt, cibé breithiúnas a thaifeadadh, i leith aon fhaoisimh nó leighis eile a bheidh éilithe, a ordóidh an Chúirt: ar an gcoinníoll gur dleathach don Chúirt an breithiúnas sin i gcoinne an tríú páirtí a chur ar ceal nó a athrú ar cibé téarmaí is cóir léi.

7. Tar éis don tríú páirtí láithreas a thaifeadadh, agus sula mbeidh an tréimhse ama a bheidh ceaptha chun cosaint a sheachadadh caite, féadfaidh sé, tar éis fógra faoin iarratas beartaithe a sheirbheáil ar an ngearánaí agus ar na cosantóirí uile, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte chun aon ordacháin a bheidh tugtha ag an gCúirt faoi fho-riail (1) de riail 1 den Ordú seo a athrú.

8. (i) Tar éis don tríú páirtí a chosaint a sheachadadh, féadfaidh an cosantóir a mbeidh fógra á thabhairt aige, tar éis fógra faoin iarratas beartaithe a sheirbheáil ar an ngearánaí, ar an tríú páirtí agus ar aon chosantóir eile, ordacháin a iarraidh ar an gCúirt, agus féadfaidh an Chúirt—

(a) i gcás ina suífear, nuair a bheidh an t-iarratas á éisteacht, dliteanas an tríú páirtí i leith an chosantóra a mbeidh an fógra á thabhairt aige, a ordú cibé breithiúnas a thaifeadadh is gá de réir nádúr an cháis i gcoinne an tríú páirtí i bhfabhar an chosantóra a mbeidh an fógra á thabhairt aige, nó

(b) más deimhin léi ceist nó saincheist a bheith ann ar cuí í a thriail amhail idir an gearánaí agus an cosantóir agus an tríú páirtí nó idir aon pháirtí nó ceachtar páirtí díobh i dtaobh dhliteanas an chosantóra i leith an ghearánaí nó i dtaobh dhliteanas an tríú páirtí chun aon ranníoc nó slánaíocht a bheith éilithe a dhéanamh go hiomlán nó go páirteach, nó i dtaobh aon fhaoisimh nó leighis eile a bheidh éilithe san fhógra ag an gcosantóir, nó gur ceart ceist nó saincheist a bheidh luaite san fhógra a chinneadh ní amháin amhail idir an gearánaí agus an cosantóir ach amhail idir an gearánaí, an cosantóir agus an tríú páirtí, nó aon pháirtí nó ceachtar páirtí díobh, an cheist nó an tsaincheist sin a thriail air sin, nó a ordú í a thriail i cibé slí a ordóidh an Chúirt, nó

(c) má dhealraíonn sé gurb inmhianaithe sin a dhéanamh, cead a thabhairt don tríú páirtí an chaingean a chosaint, leis féin nó i gcomhpháirt leis an gcosantóir bunaidh, ar cibé téarmaí is cóir, nó

(d) an t-iarratas a dhíbhe.

(ii) Féadfar aon ordacháin a thabharfar de bhun na rialach seo a thabhairt sula mbeidh aon bhreithiúnas faighte ag an ngearánaí i gcoinne an chosantóra sa chaingean nó tar éis dó breithiúnas a fháil, agus féadfar iad a athrú ó thráth go chéile nó a chealú.

(iii) Féadfaidh an Chúirt na himeachtaí tríú páirtí a chur ar ceal tráth ar bith.

9. (i) I gcás ina ndéanfar an chaingean a thriail, féadfaidh an Chúirt a mbeidh an chaingean á triail aici, sa triail nó tar éis na trialach, cibé breithiúnas a thabhairt is gá de réir nádúr an cháis i bhfabhar nó i gcoinne an chosantóra a mbeidh an fógra á thabhairt aige i gcoinne nó ar son an tríú páirtí, agus féadfaidh sí aon fhaoiseamh nó leigheas a dheonú don chosantóir nó don tríú páirtí a d’fhéadfaí a dheonú de réir cirt dá mbeifí tar éis cosantóir a dhéanamh den tríú páirt i gcaingean a bheadh tionscanta go cuí ina choinne ag an gcosantóir: ar an gcoinníoll nach n-eiseofar forghníomhú i gcoinne an tríú páirtí gan cead ón gCúirt go dtí go mbeidh sásamh tugtha ag an gcosantóir in aon bhreithiúnas ina choinne.

(ii) I gcás ina ndéanfar an chaingean a bhreithniú ar shlí seachas le triail, féadfaidh an Chúirt, ar é a iarraidh, cibé ordú a dhéanamh is gá de réir nádúr an cháis, agus, i gcás ina mbeidh breithiúnas i gcoinne an chosantóra gnóthaithe ag an ngearánaí, féadfaidh sí a ordú cibé breithiúnas is cóir a thaifeadadh ar son nó i gcoinne an chosantóra a mbeidh an fógra á thabhairt aige i gcoinne nó ar son an tríú páirtí.

10. Féadfaidh an Chúirt gach ceist faoi chostais amhail idir aon tríú páirtí agus na páirtithe eile sa chaingean a bhreithniú, agus féadfaidh sí a ordú d’aon pháirtí amháin nó níos mó costais aon pháirtí nó aon pháirtithe eile a íoc, nó cibé ordacháin a thabhairt i dtaobh costas a dhlífidh an ceartas sa chás.

11. (i) I gcás ina ndéanfaidh tríú páirtí éileamh mar a mhínítear i riail 1 i gcoinne aon duine nach páirtí cheana féin sa chaingean, beidh feidhm mutatis mutandis amhail idir an tríú páirtí agus an duine eile sin ag forálacha an Ordaithe seo lena rialáiltear na cearta agus an nós imeachta amhail idir an cosantóir agus an tríú páirtí agus féadfaidh an Chúirt cead a thabhairt don tríú páirtí sin fógra tríú páirtí a eisiúint, agus beidh feidhm, mutatis mutandis, ag na rialacha sin roimhe seo den Ordú seo, agus beidh feidhm ag an abairt ‘‘fógra tríú páirtí’’ agus ‘‘tríú páirtí’’ maidir le gach fógra a eiseofar amhlaidh agus le gach duine ar a seirbheálfar an fógra sin faoi seach, agus folóidh sí gach fógra agus gach duine den sórt sin.

(ii) I gcás duine ar a mbeidh fógra faoin riail seo seirbheáilte ag tríú páirtí do dhéanamh éilimh mar a mhínítear i riail 1, ar a sheal, i gcoinne duine eile nach páirtí cheana féin sa chaingean, beidh éifeacht ag an Ordú seo arna chur chun feidhme leis an riail seo maidir leis an duine eile sin agus le haon duine nó daoine eile a sheirbheálfar amhlaidh agus mar sin de i ndiaidh a chéile.

12. (i) I gcás ina n-éileoidh cosantóir i gcoinne cosantóra eile—

(a) é a bheith i dteideal ranníoca nó slánaíochta, nó

(b) é a bheith i dteideal aon fhaoisimh nó leighis a bhainfidh nó a ghabhfaidh le hábhar bunaidh na caingne agus arb ionann go substaintiúil é agus faoiseamh nó leigheas éigin a bheidh éilithe ag an ngearánaí, nó

(c) gurb ionann go substaintiúil aon cheist nó saincheist a bhainfidh nó a ghabhfaidh leis an ábhar sin agus ceist nó saincheist éigin a bheidh ag teacht chun cinn idir an gearánaí agus an cosantóir a mbeidh an t-éileamh á dhéanamh aige agus gur ceart de réir cirt í a chinneadh ní amháin amhail idir an gearánaí agus an cosantóir a mbeidh an t-éileamh á dhéanamh aige ach amhail idir an gearánaí agus an cosantóir agus an cosantóir eile nó idir aon pháirtí nó ceachtar páirtí díobh,

féadfaidh an cosantóir a mbeidh an t-éileamh á dhéanamh aige, gan aon chead, fógra a eisiúint agus a sheirbheáil ar an gcosantóir eile sin ina ndéanfar an t-éileamh sin nó ina sonrófar an cheist nó an tsaincheist sin. Ní gá aon láithreas de réir an fhógra sin.

(ii) Tar éis an fógra sin a sheirbheáil beidh de chead ag ceachtar cosantóir ordacháin a iarraidh maidir le pléadálacha eatarthu má mheasann ceachtar acu gur gá déanamh amhlaidh. D’éagmais iarratais den sórt sin laistigh d’ocht lá is fiche tar éis an fógra sin a sheirbheáil déanfar an t-éileamh, an cheist nó an tsaincheist a thriail le linn, nó tar éis, caingean an ghearánaí a thriail, de réir mar a ordóidh breitheamh na trialach.

(iii) Ní dhéanfaidh aon ní sa riail seo dochar do chearta an ghearánaí i gcoinne aon chosantóra sa chaingean.

13. San Ordú seo folóidh na focail ‘‘gearánaí’’ agus ‘‘cosantóir’’, faoi seach, gearánaí agus cosantóir i bhfrithéileamh.