Ordú 91A

An tAcht um Rialáil Tacsaithe, 2003 : I.R. Uimh. 315 de 2006

1. San Ordú seo:—

ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Rialáil Tacsaithe, 2003;

tá le “údarás ceadúnúcháin” an bhrí chéanna atá leis san Acht.

2. Déanfar achomharc chun na hArd-Chúirte faoi alt 35(7) nó alt 36(2A) den Acht a thosú trí fhógra foriarratais tionscnaimh ina luafar go cruinn an ponc dlí ar ar tugadh cead achomharc a dhéanamh. Eiseofar fógra foriarratais den sórt sin laistigh de lá is fiche ón ordú lena dtugtar cead chun achomharc a dhéanamh. Is maidir le hachomharc faoi alt 35(7) nó, de réir mar a bheidh, faoi alt 36(2A) den Acht idir an t-achomharcóir mar achomharcóir agus an páirtí eile san achomharc chun na Cúirte Dúiche faoi alt 35(3) nó, de réir mar a bheidh, an páirtí nó na páirtithe eile san iarratas faoi alt 36(2), mar fhreagróir nó mar fhreagróirí, an teideal a bheidh ar an bhfógra foriarratais. Foilseánfar sa mhionnscríbhinn forais cóip den iarratas a dhéantar chun na Cúirte Cuarda nó chun na Cúirte Dúiche, aon taifead ar na himeachtaí os comhair na Cúirte Cuarda nó na Cúirte Dúiche agus cóip den ordú ón gCúirt Chuarda nó ón gCúirt Dúiche. Ní bheidh feidhm ag forálacha Ordú 61 maidir le haon achomharc ón gCúirt Chuarda faoin Ordú seo.

3. Déanfar iarratas chuig breitheamh den Ard-Chúirt faoi alt 36(2) den Acht trí fhógra foriarratais tionscnaimh a mbeidh mar fhoras leis mionnscríbhinn, arna mionnú ag an iarratasóir nó thar ceann an iarratasóra, ina leagfar amach na fíorais nó na himthosca a bhfuil an t-iarratasóir ag brath orthu agus a líomhnaítear a thacaíonn le deonú an fhaoisimh atá á lorg. Is maidir le halt 36(2) den Acht agus maidir le hiarratas idir an t-iarratasóir mar iarratasóir agus Ceannfort an Gharda Síochána don cheantar ina bhfuil gnáthchónaí ar an iarratasóir (agus, i gcás go bhfuil an duine ina shealbhóir ar cheadúnas dá ndéantar difear, an t-údarás ceadúnúcháin) mar fhreagróirí, an teideal a bheidh ar an bhfógra foriarratais. Déanfar cóipeanna den fhógra foriarratais tionscnaimh, den mhionnscríbhinn forais agus d’aon fhoilseáin a ghabhann leis an gcéanna a sheirbheáil ar na freagróirí. Féadfaidh an Chúirt, tráth ar bith, a ordú go ndéanfar cóipeanna den fhógra foriarratais tionscnaimh, den mhionnscríbhinn forais agus d’aonfhoilseáin a ghabhann leis an gcéanna a sheirbheáil ar aon duine eile is iomchuí leis an gCúirt nó dá ndéanfaidh an t-iarratas difear agus féadfaidh sí ordacháin a thabhairt maidir le haon duine den sórt sin do sheachadadh aon mhionnscríbhinne.

4. In imeachtaí faoin Ordú seo, déanfar cóipeanna den fhógra foriarratais tionscnaimh, den mhionnscríbhinn forais agus d’aon fhoilseáin a ghabhann leis an gcéanna a sheirbheáil ar an bhfreagróir lá is fiche ar a laghad roimh dháta fillte an fhógra foriarratais tionscnaimh.

5. Maidir leis an bhfreagróir agus le haon duine eile a n-ordóidh an Chúirt ina leith go seirbheálfar an fógra foriarratais tionscnaimh air, féadfaidh sé mionnscríbhinn freagartha a sheachadadh, agus sa chás sin seirbheálfar cóip den mhionnscríbhinn sin ar an iarratasóir nó ar an achomharcóir agus ar gach duine eile ar ar seirbheáladh an fógra foriarratais tionscnaimh laistigh de cheithre lá dhéag ón tráth a sheirbheáil an t-iarratasóir nó an t-achomharcóir an fógra foriarratais tionscnaimh.

6. Sula n-éistfear an foriarratas déanfar mionnscríbhinn a chomhdú ina dtugtar ainmneacha agus seoltaí na ndaoine go léir ar ar seirbheáladh, agus na háiteanna inar seirbheáladh orthu agus na dátaí a seirbheáladh orthu, an fógra foriarratais, an mhionnscríbhinn forais agus na foilseáin (más ann).

7. Féadfaidh an Chúirt, ar dháta fillte fógra foriarratais tionscnaimh de bhun an Ordaithe seo (nó ar aon atráthú den dáta sin), cibé ordú a dhéanamh nó cibé ordacháin a thabhairt maidir le seoladh na n-imeachtaí, lena n-áirítear teorainneacha ama a shocrú, a dhealraíonn di a bheith caoithiúil chun na himeachtaí a chinneadh ar mhodh a bheidh cóir agus dlúsúil agus ar dóigh dó costais na n-imeachtaí sin a íoslaghdú.

8. Ach amháin i gcás go n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, is trí mhionnscríbhinn a dhéanfar imeachtaí faoin Ordú seo a éisteacht agus a chinneadh.

9. Cuirfidh an Cláraitheoir faoi deara cóip d’aon ordú a dhéanfar ar iarratas faoi alt 36(2) den Acht a chur chuig Ceannfort an Gharda Síochána don cheantar ina bhfuil gnáthchónaí ar an iarratasóir, chuig an údarás ceadúnúcháin lena mbaineann, agus chuig aon duine eile dár tugadh fógra i dtaobh an iarratais.