Ordú 87

Forálacha forlíontacha a bhaineann le hachomhairc in imeachtaí coiriúla : I.R. Uimh. 485 de 2014

I. RÉAMHRÁITEACH AGUS GINEARÁLTA


Léiriú agus raon

1. San Ordú seo—

ciallaíonn “Cúirt” an Chúirt Achomhairc (agus, i gcás achomhairc ón bPríomh-Chúirt Choiriúil chun na Cúirte Uachtaraí, folaíonn sé an Chúirt Uachtarach);

ciallaíonn “an chúirt íochtair” an chúirt (agus, chun amhras a sheachaint, folaíonn sé armchúirt nó breitheamh míleata) a ndéantar achomharc (nó iarratas ar chead achomhairc) uaithi chun na Cúirte Achomhairc;

folaíonn “foilseáin” gach leabhar, páipéar agus doiciméad agus an mhaoin, na hábhair agus na nithe eile go léir d’aon sórt a bheidh bainteach leis na himeachtaí i gcoinne aon duine a bheidh i dteideal, nó afhéadfar a údarú dó, achomharc a dhéanamh másrud é go ndearnadh an céanna—

(i) a chur ar aghaidh chun cúirt na trialach ar an duine cúisithe a bheith á chimiú chun a thrialach, nó

(ii) a thabhairt ar aird agus a úsáid i bhfianaise le linn thriail an duine a bheidh i dteideal, nó a mbeidh údaraithe dó, achomharc a dhéanamh, nó le linn imeachtaí eile i ndáil leis an duine sin;

ciallaíonn “Breitheamh chúirt na trialach”, in aon achomharc in imeachtaí coiriúla, an Breitheamh d’aon Chúirt ar ón gciontú os a comhair nó ón bpianbhreith uaithi a dhéanann duine achomharc;

ciallaíonn “oifigeach cuí do chúirt na trialach”, in aon achomharc in imeachtaí coiriúla, cláraitheoir na cúirte nó duine eile a bheidh ag gníomhú de thuras na huaire sa cháil sin in aon chúirt ar ón gciontú os a comhair nó ón bpianbhreith uaithi a dhéanann duine achomharc;

ciallaíonn an “Cláraitheoir” Cláraitheoir na Cúirte Achomhairc (agus, i gcás achomhairc ón bPríomh-Chúirt Choiriúil chun na Cúirte Uachtaraí, folaíonn sé Cláraitheoir na Cúirte Uachtaraí);

ciallaíonn “achomharc iomchuí” achomharc in imeachtaí coiriúla.


II. TAIFID AGUS FOILSEÁIN A THABHAIRT AR AIRD AR ACHOMHARC
Taifead agus athscríbhinn na trialach a thaisceadh ar achomharc

2. (1) In aon achomharc iomchuí, déanfaidh an duine a bheidh freagrach as stóráil nó coimeád thaifead na n-imeachtaí i gcúirt na trialach, arna dhéanamh ar iarraidh ón tSeirbhís Chúirteanna, an taifead nó aon chuid den taifead a chur ar fáil don Chúirt nó don Chláraitheoir, ar cibé modh a éileofar, ar iarraidh ón gCúirt nó ón gCláraitheoir.

(2) In aon achomharc iomchuí, déanfar an athscríbhinn de na himeachtaí i gcúirt na trialach (ina mbeidh na haighneachtaí go léir arna ndéanamh ag abhcóidí i gcúrsa na trialach, lena n-áirítear óráidí oscailte agus deiridh don ghiúiré agus aon aighneachtaí arna ndéanamh de mhaolú ar phianbhreith) nó de cibé cuid den triail a éileoidh an Cláraitheoir, is athscríbhinn arna deimhniú ag an scríbhneoir athscríbhinne a bheith ina hathscríbhinn chruinn iomlán den triail, nó den chuid den triail a bheidh éilithe, a thaisceadh leis an gCláraitheoir.

(3) I gcás gur gá é, déanfaidh an Cláraitheoir an athscríbhinn a chur faoi bhráid bhreitheamh chúirt na trialach chun go bhfíoróidh sé í. 

Doiciméid agus foilseáin a thabhairt ar aird don Chláraitheoir

3. (1) Féadfaidh an Cláraitheoir iarratas a dhéanamh, nó déanfaidh sé iarratas nuair a ordóidh Breitheamh dó déanamh amhlaidh, chun an oifigigh chuí do chúirt na trialach (nó chuig cibé oifigeach cúirte nó duine eile a mbeidh an céanna ina choimeád) chun aon doiciméad bunaidh nó ní lena mbaineann achomharc agus a bheidh i gcoimeád an oifigigh sin a thabhairt ar aird dó lena úsáid ag an gCúirt tráth éisteachta an achomhairc.

(2) Féadfaidh an Cláraitheoir, nó déanfaidh sé i gcás go n-ordóidh Breitheamh dó déanamh amhlaidh, a údarú go ndéanfaidh páirtí in achomharc iniúchadh, nó go ndéanfar iniúchadh thar a cheann, ar aon doiciméad bunaidh nó ní a bheidh tugtha ar aird dó de réir fho-riail (1).


III. ORDUITHE ÁIRITHE Ó CHÚIRT NA TRIALACH A CHUR AR FIONRAÍ AG FEITHEAMH AR ACHOMHARC
Achomharc i gcás fíneáil a fhorchur

4. Faoi réir aon fhorála de chuid reachta, déanfar oibriú aon ordaithe ó chúirt na trialach lena bhforáiltear fíneáil a íoc (lena n-áirítear aon ordú den sórt sin lena bhforchuirtear iarmhairtí d’éagmais fíneáil a íoc laistigh de thréimhse fhorordaithe), faoi réir an duine ciontaithe do chomhlíonadh aon téarmaí nó coinníollacha arna bhforchur ag cúirt na trialach i gcás achomhairc (lena n-áirítear dul faoi aon chúirtbhannaí a bheidh socraithe ag Breitheamh chúirt na trialach), a chur ar fionraí go ceann cibé tréimhse ó dháta an ordaithe ó chúirt na trialach ar lena linn a fhéadfaidh an duine ciontaithe fógra achomhairc a thaisceadh. 

Achomharc i gcás ordú a dhéanamh lena ndéantar difear do mhaoin

5. (1) Faoi réir aon fhorála de chuid reachta, féadfaidh sé go n-áireofar in ordú ó chúirt na trialach:

(i) lena bhforáiltear go ndéanfar aon mhaoin a fhorghéilleadh, a dhíothú nó a dhiúscairt ar shlí eile; nó

(ii) lena bhforáiltear go ndéanfar aiseag nó go n-íocfar cúiteamh nó go ndéanfar aon chineál eile íocaíochta le duine, nó

(iii) lena bhforáiltear go dtabharfar aon mhaoin ar ais d’aon duine,

cibé ordacháin, téarmaí agus coinníollacha chun oibriú an ordaithe a chur ar fionraí, nó chun aon mhaoin (nó aon sampla nó aon chuid den mhaoin sin nó aon léiriú ar an maoin sin) is ábhar don ordú a chaomhnú ar shlí eile, i gcás achomhairc, is dóigh le cúirt na trialach is ceart.

(2) Coimeádfaidh an t-oifigeach cuí do chúirt na trialach taifead ar aon orduithe den sórt sin.

(3) In éagmais aon ordachán, téarmaí agus coinníollacha arna bhforchur ag cúirt na trialach i gcás ordaithe a luaitear i bhfo-riail (1), cuirfear oibriú an ordaithe ar fionraí go ceann cibé tréimhse ó dháta an ordaithe ó chúirt na trialach ar lena linn a fhéadfaidh an duine ciontaithe fógra achomhairc a thaisceadh leis an gCúirt, agus beidh de dhualgas ar an duine a bheidh i seilbh aon mhaoine dá ndéanfar difear an mhaoin sin a chaomhnú.

(4) I gcás achomhairc chun na Cúirte, féadfaidh an Chúirt, le hordú arna dhéanamh ar iarratas ó aon pháirtí iar bhfógra chun an pháirtí eile san achomharc agus a mbeidh fógra ina thaobh tugtha d’aon duine eile dá ndéanfar difear, aon ordú dá dtagraítear i bhfo-riail (1) a neamhniú, nó féadfaidh sí an t-ordú sin a athrú, agus maidir le hordú den sórt sin, ní bheidh éifeacht leis má neamhnaítear é, agus, má athraítear é, beidh éifeacht leis arna athrú amhlaidh. 

Deimhniú ciontaithe

6. (1) Ní eiseoidh an t-oifigeach cuí do chúirt na trialach, faoi aon reacht á údarú dó déanamh amhlaidh, deimhniú ciontaithe aon duine arna chiontú ar díotáil i gcúirt na trialach don tréimhse ó dháta an ordaithe ó chúirt na trialach ar lena linn a fhéadfaidh an duine ciontaithe fógra achomhairc a thaisceadh leis an gCúirt nó, nuair a bheidh fógra achomhairc tugtha go cuí, go dtí go gcinnfear an t-achomharc.

(2) I gcás go ndéanfar iarratas chun an oifigigh chuí do chúirt na trialach chun deimhniú ciontaithe a eisiúint tar éis an tréimhse a bheith caite ó dháta an ordaithe ó chúirt na trialach ar lena linn a fhéadfaidh an duine ciontaithe fógra achomhairc a thaisceadh leis an gCúirt, beidh sé deimhin de, sula ndéanfaidh sé an deimhniú a eisiúint, nach mbeidh aon achomharc ar feitheamh an tráth sin sa Chúirt i gcoinne an chiontaithe.

(3) Féadfaidh duine ar mian leis deimhniú ciontaithe a fháil deimhniú i bhFoirm Uimh. 58, Foscríbhinn U, a fháil ón gCláraitheoir á rá gan aon achomharc i gcoinne ciontaithe a bheith ar feitheamh an tráth sin. Tar éis dhá mhí a bheith caite ó dháta an chiontaithe, féadfaidh an t-oifigeach cuí do chúirt na trialach deimhniú ciontaithe a eisiúint, ach amháin i gcásanna ina mbeidh fógra tugtha dó i dtaobh achomhairc a bheith fós gan chinneadh.

(4) Chun críocha na rialach seo, ciallaíonn “ciontú” an fíorasc nó an phléadáil ciontach agus aon bhreithiúnas críochnaitheach a thabharfar ar fhíorasc nó ar phléadáil ciontach.