Ordú 10

Seirbheáil ionadach

1. Má léirítear don Chúirt nach féidir leis an ngearánaí ar chúis ar bith seirbheáil phearsanta, nó cibé seirbheáil eile a fhorordaítear leis na Rialacha seo, a dhéanamh go pras, féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh le haghaidh seirbheála ionadaí nó seirbheála eile, nó chun fógra a thabhairt trí fhógrán nó ar shlí eile a chur in ionad seirbheáil a dhéanamh.

2. Gach iarratas chun na Cúirte ar ordú le haghaidh seirbheála ionadaí nó seirbheála eile, nó chun fógra a thabhairt a chur in ionad seirbheáil a dhéanamh, beidh mionnscríbhinn ina leagfar amach na forais ar a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh mar thaca leis.

3. Aon uair a dhéanfar aon ordú den sórt sin seirbheálfar cóip de i dteannta na toghairme nó an fhógra, de réir mar a bheidh.