Ordú 20

Ráiteas éilimh

Cliceáil ar an nasc 'English' thuas chun an doiciméad seo a fheiceáil sa Bhéarla.

(S.I. 490 of 2021)

  1. Nuair is nós imeachta le toghairm achomair nó toghairm speisialta an nós imeachta, ní sheachadfar aon ráiteas éilimh nó aon phléadáil eile ach amháin le hordú ón gCúirt, agus féadfar an t-ordú sin a dhéanamh in aon chás ina ndealróidh sé é a bheith riachtanach an ráiteas éilimh sin nó an phléadáil eile sin a sheachadadh.
     
  2. I gcás inar nós imeachta le toghairm iomlánach an nós imeachta, féadfaidh an gearánaí, faoi réir théarmaí aon ordaithe ón gCúirt arna dhéanamh sna himeachtaí, lena n-áirítear aon ordú arna dhéanamh de réir Ordú 122, riail 7, ráiteas éilimh a sheachadadh i dteannta na toghairme iomlánaí nó an fhógra in ionad na toghairme sin, nó tráth ar bith laistigh d’ocht seachtaine óna seirbheáil.
     
  3. I gcás ina dtaifeadfaidh an cosantóir láithreas de réir toghairme iomlánaí agus, tráth taifeadta an láithris sin nó laistigh d’ocht lá ina dhiaidh sin, go dtabharfaidh sé fógra i scríbhinn don ghearánaí, nó dá aturnae, á rá é a bheith ag éileamh go ndéanfar ráiteas éilimh a sheachadadh, déanfaidh an gearánaí, mura mbeidh sé sin déanta aige cheana féin, faoi réir théarmaí aon ordaithe ón gCúirt arna dhéanamh sna himeachtaí, lena n-áirítear aon ordú arna dhéanamh de réir Ordú 122, riail 7, ráiteas éilimh a sheachadadh laistigh d’ocht seachtaine ó dháta faighte an fhógra sin.
     
  4. Faoi réir fhorálacha Ordú 13, riail 19, i dtaobh ráiteas éilimh a chomhdú nuair nach mbeidh aon láithreas ann, ní gá aon ráiteas éilimh a sheachadadh nuair a loicfidh an cosantóir láithriú nó nuair a loicfidh sé an fógra sin a luaitear i riail 3 a sheirbheáil. I gcás ina seachadfaidh an gearánaí ráiteas éilimh gan é a bheith faoi cheangal é sin a dhéanamh, nó i gcás ina n-éileoidh an cosantóir ráiteas den sórt sin gan ghá, féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh is cóir i dtaobh na gcostas a bheidh tagtha de sin, má dhealraíonn sé é a bheith míchuí ráiteas éilimh a sheachadadh nó gan gá a bheith lena sheachadadh.
     
  5. I gcás ina mbeidh an cosantóir i gcaingean phrobháide tar éis láithriú, ní bheidh de cheangal ar an ngearánaí ráiteas éilimh a sheachadadh go dtí go mbeidh ocht lá caite tar éis don chosantóir a mhionnscríbhinn i dtaobh scríbhinní a chomhdú.
     
  6. Aon uair a sheachadfar ráiteas éilimh féadfaidh an gearánaí a éileamh a athrú, a mhodhnú nó a leathnú sa ráiteas sin gan aon leasú a dhéanamh ar an bhformhuiniú ar an toghairm.
     
  7. Luafar go sonrach i ngach ráiteas éilimh an faoiseamh a bheidh á éileamh ag an ngearánaí, cibé acu go simplí nó mar mhalairt ar a chéile é, agus ní gá faoiseamh ginearálta nó faoiseamh eile a iarraidh — féadfar é sin a thabhairt i gcónaí, de réir mar is cóir leis an gCúirt, an oiread is dá mbeifí tar éis é a iarraidh. Beidh feidhm ag an riail chéanna maidir le haon fhrithéileamh a dhéanfaidh an cosantóir, nó le haon fhaoiseamh a éileoidh sé, ina chosaint.
     
  8. I gcás ina lorgóidh an gearánaí faoiseamh i leith éileamh leithleach ar leithligh nó cúiseanna gearáin a bheidh bunaithe ar fhorais ar leith agus ar leithligh, luafar iad, a mhéid is féidir, ar leith agus ar leithligh. Beidh feidhm ag an riail chéanna i gcás ina mbeidh a sheasamh ag an gcosantóir ar fhorais chosanta, fhritháirimh nó fhrithéilimh leithleacha ar leithligh, a bheidh bunaithe ar fhíorais ar leith agus ar leithligh.
     
  9. I ngach cás inar cuntas ríofa nó socraithe an chúis chaingne, déanfar an céanna a líomhain, maille le sonraí, ach i ngach cás ina mbeifear ag seasamh ar ráiteas cuntais mar fhianaise ar aon chúis chaingne eile, nó mar ghéilleadh d’aon chúis chaingne eile, a bheidh á pléadáil, ní líomhnófar an céanna sna pléadálacha.
     
  10. I gcaingne probháide ina ndíospóidfidh an gearánaí leas an chosantóra, líomhnóidh sé ina ráiteas éilimh é a bheith ag séanadh leas an chosantóra, agus sna cásanna sin féadfaidh an dá pháirtí, le cead na Cúirte agus faoi réir an cheada sin, cruthúnas a thabhairt ar aird ag an aon triail amháin ar a leasanna faoi seach, agus, tar éis an ráiteas éilimh a sheachadadh, ní dhíospóidfidh an gearánaí, gan cead chuige sin a fháil ón gCúirt, leas an pháirtí ar a mbeidh sé seachadta.
     
  11. I gcúiseanna leasa ní foláir go dtaispeánfar ar éadan phléadáil gach páirtí gan aon duine eile a bheith ann ag a mbeidh leas i dtosaíocht ar leas an éilitheora.
     
  12. (1) I gcás ina mbeidh sé ar intinn nó beartaithe ag gearánaí fianaise shaineolach a thairiscint ar aon ábhar ag an triail, nochtfar sa ráiteas éilimh é sin a bheith ar intinn nó beartaithe aige agus luafar go hachomair an réimse saineolais lena mbainfidh agus na hábhair a mbeidh sé ar intinn nó beartaithe fianaise shaineolach a thairiscint maidir leo.

    (2) Ní bheidh feidhm ag an riail seo maidir le caingne díobhálacha pearsanta.
     
  13. (1) Maidir le ráiteas éilimh gearánaí is comhlacht, eagraíocht nó comhlachas lena mbaineann alt 117(7) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018,

(i) beidh ráiteas sa chéill sin ar áireamh ann, agus
​(ii) daingneofar ann go gcomhlíonann an gearánaí gach ceanglas iomchuí d’Airteagal 80 den Rialachán maidir le Cosaint Sonraí.

(2) Maidir le ráiteas éilimh gearánaí is comhlacht, eagraíocht nó comhlachas lena mbaineann alt 120(2) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, daingneofar ann go mbaineann gach mír d’alt 120(2) den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, leis an ngearánaí sin.

(3) Féadfaidh an Chúirt, uaithi féin nó ar iarratas ó pháirtí eile i gcaingean cosanta sonraí lena mbaineann alt 117 nó 120 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, a ordú go soláthrófar di cibé faisnéis bhreise is gá chun a dhaingniú gur comhlacht, eagraíocht nó comhlachas den sórt sin an gearánaí, i bhfoirm sonraí breise nó i bhfoirm mionnscríbhinne.