Ordú 34

Cás speisialta

1. Féadfaidh na páirtithe in aon chúis nó ábhar comhthoiliú leis na ceisteanna dlí a bheidh ag teacht chun cinn sa chúis nó san ábhar sin a shonrú i bhfoirm cáis speisialta chun tuairim na Cúirte a fháil orthu. Déanfar gach cás speisialta den sórt sin a roinnt ina mhíreanna, arna n-uimhriú as a chéile, agus sonrófar go comair ann cibé fíorais agus doiciméid is gá chun a chur ar chumas na Cúirte na ceisteanna a bheidh tarraingthe anuas leis a bhreithniú. Le linn an cás sin a argóint beidh de chead ag an gCúirt agus ag na páirtithe tagairt d’ábhar iomlán na ndoiciméad sin, agus beidh de chead ag an gCúirt aon tát, cibé acu tát fíorais nó dlí, a bhaint as na fíorais agus na doiciméid a shonrófar in aon chás speisialta den sórt sin a d’fhéadfaí a bhaint astu dá ndéanfaí iad a chruthú i dtriail.

2. Má dhealraíonn sé don Chúirt ceist dlí a bheith in aon chúis nó ábhar ba chaoithiúil go ndéanfaí í a bhreithniú sula dtabharfaí aon fhianaise nó sula ndéanfaí aon cheist nó saincheist fíorais a thriail, nó sula ndéanfaí aon tarchur chun eadránaí, féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh dá réir sin, agus féadfaidh sí a ordú an cheist dlí sin a tharraingt anuas chun tuairim na Cúirte a fháil uirthi, trí chás speisialta nó i cibé slí eile is fóirsteanach leis an gCúirt, agus air sin féadfar gach imeacht eile a bhféadfaidh breithniú na ceiste dlí sin a thabhairt nach mbeadh gá leis a bhacadh.

3. Déanfaidh an gearánaí gach cás speisialta a chló agus déanfaidh na páirtithe uile agus faoi seach, nó a n-abhcóide nó a n-aturnae, é a shíniú, agus comhdóidh an gearánaí é. Déanfaidh an gearánaí cóipeanna clóite a sheachadadh le haghaidh úsáid na Cúirte.

4. Ní dhéanfar aon chás speisialta in aon chúis nó ábhar ar páirtí sa chúis nó san ábhar sin naíon, nó duine mímheabhrach nach mbeidh breithnithe ina dhuine mímheabhrach ag ionchoisne, a chur síos i gcomhair argóinte gan cead ón gCúirt, agus ní foláir leorfhianaise a bheith mar thaca leis an iarratas air sin gur fíor na ráitis a bheidh sa chás speisialta sin, a mhéid a dhéanfaidh an céanna difear do leas an naín nó an duine mhímheabhraigh sin.

5. Féadfaidh ceachtar páirtí cás speisialta a thaifeadadh i gcomhair argóinte trí mheabhrán taifid, i bhFoirm Uimh. 26 i bhFoscríbhinn C, a sheachadadh ar an oifigeach cuí, agus, freisin, más páirtí sa chúis nó san ábhar aon naíon nó aon duine mímheabhrach nach mbeidh breithnithe ina dhuine mímheabhrach ag ionchoisne, cóip den ordú ag tabhairt ceada chun an cás speisialta a thaifeadadh i gcomhair argóinte a thabhairt ar aird.

6. Féadfaidh na páirtithe i gcás speisialta, más cuí leo é, comhaontú a dhéanamh i scríbhinn, ina gcomhaontófar go n-íocfaidh páirtí amháin de na páirtithe leis an bpáirtí eile díobh, ar an gCúirt do thabhairt breithiúnas dearfach nó diúltach ar na ceisteanna dlí a bheidh tarraingthe anuas leis an gcás speisialta, suim airgid, a shocróidh na páirtithe nó a bheidh le fionnadh ag an gCúirt, nó i cibé slí a ordóidh an Chúirt, le costais na cúise nó an ábhair, nó gan na costais sin; agus féadfar breithiúnas na Cúirte a thaifeadadh le haghaidh na suime a bheidh comhaontaithe nó fionnta amhlaidh, le costais nó gan chostais, de réir mar a bheidh, agus féadfar forghníomhú a eisiúint láithreach ar an mbreithiúnas sin, mura gcomhaontófar a mhalairt, nó mura ndéanfar é a bhacadh ar achomharc.

7. Beidh feidhm ag an Ordú seo maidir le gach cás speisialta a shonrófar i gcúis nó in ábhar, nó in aon imeacht a ghabhfaidh leis, agus le haon chás speisialta a shonrófar chun tuairim na Cúirte a fháil air de bhun aon reachta a bhainfidh leis an Ioncam a mhéid nach mbeidh sé ar neamhréir le forálacha an reachta sin.

8. Féadfar aon chás speisialta a shonrú dá éis seo chun na gcríoch céanna dá bhforáiltear leis an Chancery (Ireland) Act, 1867 (30 7 31 Vic. c. 44), agus beidh feidhm ag forálacha an Achta sin maidir leis an gcás sin, ach amháin a mhéid a bheidh an céanna ar neamhréir leis an Ordú seo.