Ordú 7

Aturnaetha

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo

1. Gach aturnae a mbeidh a ainm formhuinithe ar aon toghairm nó doiciméad tionscnaimh eile, déanfaidh sé, ar éileamh i scríbhinn arna dhéanamh ag aon chosantóir nó thar ceann aon chosantóra a mbeidh an céanna nó fógra ina thaobh sin seirbheáilte air, nó a mbeidh láithrithe aige ina leith, a dhearbhú láithreach i scríbhinn an toghairm sin nó an doiciméad tionscnaimh eile sin a bheith eisithe aige nó eisithe lena údarás nó lena ionpháirteacht; agus má dhearbhaíonn an t-aturnae sin nach eisean a bheidh tar éis an toghairm nó an doiciméad tionscnaimh eile a eisiúint nó nach mbeifear tar éis í nó é a eisiúint lena údarás nó lena ionpháirteacht, bacfar na himeachtaí go léir i leith an chéanna, agus ní thionscnófar aon imeachtaí eile ina leith gan cead ón gCúirt.

2. (i) Aon pháirtí a bheidh ag agairt nó ag cosaint trí aturnae, beidh de chead aige, ach amháin i gcúis nó in ábhar maidir le pósadh, a aturnae a athrú nó a aturnae a scaoileadh uaidh agus an t-agra nó an chosaint a dhéanamh i bpearsa, agus aon pháirtí a bheidh ag agairt nó ag cosaint i bpearsa beidh de chead aige aturnae a cheapadh, in aon chúis nó ábhar, gan ordú chuige sin, ar fhógra faoin athrú, faoin scaoileadh nó faoin gceapachán sin a chomhdú sa Phríomh-Oifig, ach go dtí go gcomhdófar an fógra sin amhlaidh agus go seirbheálfar cóip de mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo, measfar gan aon athrú, scaoileadh nó ceapachán den sórt sin a bheidh tagtha in éifeacht.

(ii) Seirbheálfaidh an páirtí a mbeidh an fógra sin á thabhairt aige cóip de ar gach páirtí eile sna himeachtaí (nach páirtí mainneachtnach i dtaobh láithreas a thaifeadadh).

(iii) Luafar i ngach fógra den sórt sin áit chláraithe ghnó nó seoladh le haghaidh seirbheála mar a fhorordaítear le hOrdú 4.

(iv) Féadfaidh an páirtí a mbeidh aon fhógra den sórt sin á thabhairt aige na dualgais a fhorordaítear leis an riail seo a chomhlíonadh i bpearsa nó (ach amháin i gcás ina mbeidh beartaithe aige gníomhú i bpearsa) trína aturnae nua.

3. (i) I gcás ina mbeidh aturnae a mbeidh gníomhaithe aige thar ceann páirtí in aon imeachtaí tar éis bháis nó tagtha chun bheith ina fhéimheach, nó nach féidir é a fháil, nó é a bheith tar éis loiceadh deimhniú cleachta a thógáil amach nó é a bheith scriosta de rolla na n-aturnaetha nó é a bheith tar éis scor de bheith ag gníomhú thar ceann an pháirtí, agus nach mbeidh fógra tugtha ag an bpáirtí á rá an t-aturnae a bheith athraithe nó é a bheith ar intinn aige gníomhú i bpearsa de réir fhorálacha riail 2, féadfaidh aon pháirtí eile sna himeachtaí nó (i gcás ina mbeidh an t-aturnae tar éis scor de bheith ag gníomhú) féadfaidh an t-aturnae, ar fhógra a sheirbheálfar ar an bpáirtí céadluaite, go pearsanta, nó le litir arna díriú chuig an áit chónaithe is deireanaí is eol a bheith aige, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar ordú á dhearbhú an t-aturnae a bheith scortha de bheith ina aturnae ag gníomhú dó thar ceann an pháirtí chéadluaite sna himeachtaí, agus féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh dá réir sin.

(ii) I gcás ina mbeidh ordú den sórt sin déanta tabharfaidh an páirtí nó an t-aturnae a bheidh tar éis é a iarraidh fógra láithreach sa chéill chéanna leis an ordú, agus beidh feidhm ag forálacha riail 2 maidir le comhdú agus seirbheáil ina leith fara na modhnuithe is gá agus faoi réir aon ordacháin san ordú sin maidir le seirbheáil ar an bpáirtí céadluaite.

(iii) I gcás ina mbeidh na forálacha sin comhlíonta ag an bpáirtí nó ag an aturnae a bheidh tar é is an t-ordú sin a iarraidh, ansin, mura gceapfaidh an páirtí cé adluaite aturnae eile nó mura dtabharfaidh sé an seoladh sin le haghaidh seirbheála is gádo pháirtí a bheidh ag gníomhú i bpearsa a thabhairt, agus mura gcomhlíonfaidh sé forálacha riail 2, féadfar aon doiciméid nach gá a sheirbheáil go pearsanta a sheirbheáil ar an bpáirtí sin trína gcomhdú leis an oifigeach cuí.

(iv) I gcás ina ndéanfar an t-ordú sin ar aturnae dáiarr aidh sin, measfar, faoi réir fhorálacha rialacha 2 agus 3, gurb é an t-aturnae sin aturnae an pháirtí go dtí críochnú críoch naitheach na n-imeachtaí mura mbeidh, agus go dtí go mbeidh, forálacha mhír (2) den riail seo comhlíonta aige.

4. Féadfar ordú faoi fhorálacha riail 3 a dhéanamh ar iarratas ex parte mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

5. Ní dhéanfaidh aon ordú a dhéanfar faoi fhorálacha riail 3 difear do chearta an aturnae agus an pháirtí amhail eatarthu féin.

 

Leasuithe

I.R. Uimh. 485 de 2014: Rialacha na nUaschúirteanna (An tAcht um an gCúirt Achomhaird 2014) 2014

Ordú 7, riail 2(2)

an fho-riail seo a leanas a chur isteach díreach i ndiaidh na forialach sin:

“(2A) I gcás ina dtabharfar an fógra sin tráth ar bith a mbeidh achomharc ar feitheamh sa Chúirt Achomhairc nó sa Chúirt Uachtarach, déanfaidh an páirtí lena mbainfidh, de bhreis air sin, cóip den fhógra a thaisceadh in Oifig Chláraitheoir na Cúirte Achomhairc nó, de réir mar a bheidh, in Oifig Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí.”