Ordú 90

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 1981

1. Is le toghairm speisialta a thionscnófar gach achomharc faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981, alt 299, 300 nó 301.

2. Is é teideal a chuirfear ar an toghairm ná maidir leis an Acht a dúradh, ar iarratas ón duine a mbeidh an t-achomharc á thionscnamh aige, agus luafar inti an bhreith ón oifigeach achomhairc a mbeidh achomharc á dhéanamh ina haghaidh, maille leis na forais achomhairc.

3. Seirbheálfar an toghairm ar an Aire Leasa Shóisialaigh agus ar gach páirtí sa bhreith ón oifigeach achomhairc.

4. Déanfar an toghairm a eisiúint laistigh de lá is fiche tar éis an dáta a mbeidh fógra faoin mbreith ón oifigeach achomhairc tugtha don pháirtí a mbeidh achomharc á dhéanamh aige; ar an gcoinníoll go bhféadfar fad a chur leis an tréimhse ama ina bhféadfar an toghairm a eisiúint ar iarratas ex parte a dhéanamh tráth ar bith laistigh de shé sheachtain ón dáta a mbeidh fógra faoin mbreith ón oifigeach achomhairc tugtha don pháirtí ar mian leis achomharc a dhéanamh.

5. Is le toghairm speisialta, dar teideal maidir leis an Acht a dúradh, ar iarratas ón Aire a dúradh, a chuirfear aon cheist a tharchuirfidh an tAire sin faoi bhreith na hArd-Chúirte faoi alt 299 den Acht sin. Luafar go comair sa toghairm an cheist a bheidh á tarchur chun breith na Cúirte a fháil uirthi agus seirbheálfar í ar gach páirtí san iarratas chun an oifigigh achomhairc.

6. Ní cheadófar aon chostais i leith aon imeachtaí faoin Ordú seo mura gceadóidh an Chúirt na costais sin le hordú speisialta.