Ordú 118

Suíonna agus tréimhsí saoire

1. Is é an méid suíonna a bheidh ag an gCúirt Uachtarach agus an méid suíonna i mBaile Átha Cliath a bheidh ag an Ard-Chúirt ceithre cinn sa bhliain, eadhon: suíonna na Féile Michíl, suíonna na Féile Bríde, suíonna na Cásca agus suíonna na Tríonóide. Tosóidh suíonna na Féile Michíl ar an gcéad Luan i nDeireadh Fómhair agus críochnóidh siad ar an 21 Nollaig; tosóidh suíonna na Féile Bríde ar an 11 Eanáir agus críochnóidh siad ar Aoine na seachtaine roimh shaoire na Cásca; tosóidh suíonna na Cásca ar Luan na seachtaine i ndiaidh shaoire na Cásca agus críochnóidh siad ar an Déardaoin roimh Dhomhnach Cincíse; agus tosó idh suíonna na Tríonóide ar Chéadaoin na seachtaine i ndiaidh sheachtain na Cincíse agus críochnóidh siad ar an 31 Iúil, ar an gcoinníoll, más Satharn nó Domhnach an 11 Eanáir, go dtosóidh suíonna na Féile Bríde ar an Luan ina dhiaidh sin.

2. Is iad na tréimhsí saoire a choimeádfar sna Cúirteanna agus sna hoifigí uile agus faoi seach den Chúirt Uachtarach agus den Ard-Chúirt ceithre cinn sa bhliain, eadhon: saoire na Nollag, saoire na Cásca, saoire na Cincíse agus an tsaoire Fhada. Tosó idh saoire na Nollag ar an 24 Nollaig agus críochnóidh sí ar an 6 Eanáir. Tosóidh saoire na Cásca ar Luan na seachtaine roimh sheachtain na Cásca agus críochnóidh sí ar Shatharn sheachtain na Cásca. Tosóidh saoire na Cincíse ar Aoine na seachtaine roimh an gCincís agus críochnóidh sí ar Shatharn sheachtain na Cincíse. Tosóidh an tsaoire Fhada ar an 1 Lúnasa agus críochnóidh sí ar an 30 Meán Fómhair.

3. Beidh laethanta tosaithe agus críochnaithe gach suí agus tréimhse saoire ar áireamh sna suíonna agus sna tréimhsí saoire sin faoi seach.

4. (i) Beidh oifigí uile agus faoi seach na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte ar oscailt le haghaidh gnó phoiblí gach lá den bhliain ach amháin an Satharn, an Domhnach, Lá Nollag agus na seacht lá díreach ina dhiaidh, Lá Fhéile Pádraig, Aoine an Chéasta, an Luan agus an Mháirt i Seachtain na Cásca agus na leathanta a bheidh ceaptha go cuí lena gcoimeád ina laethanta saoire poiblí in oifigí poiblí.

(ii) Is iad seo a leanas na huaireanta an chloig a mbeidh na hoifigí sin ar oscailt lena linn le haghaidh gnó phoiblí:—

(a) i rith na suíonna, ó leathuair tar éis a deich a chlog sa réamhnóin go dtí leathuair tar éis a ceathair a chlog san iarnóin;
(b) i rith na saoire Fada, ó leathuair tar éis a deich a chlog sa réamhnóin go dtí a haon a chlog san iarnóin;

(c) i rith tráthanna saoire eile, ó leathuair tar éis a deich a chlog sa réamhnóin go dtí a dó a chlog san iarnóin.

5. Roghnófar duine de Bhreithiúna na hArd-Chúirte i dtosach gach saoire Fada chun go n-éistfidh sé i mBaile Átha Cliath le linn na saoire gach iarratas is gá a éisteacht lá ithreach nó go pras. Gníomhó idh an Breitheamh sin mar Bhreitheamh saoire go ceann bliana ó dháta a roghnaithe. Mura mbeidh comhshocrú idir na Breithiúna, is é a bheidh ina Bhreitheamh saoire an Breitheamh is déanaí a bheidh ceaptha mura mbeidh sé tar éis fónamh cheana mar Bhreitheamh saoire ar feadh dhá bhliain, agus, más rud é go mbeidh sé tar éis fónamh amhlaidh, ansin is é a bheidh ina Bhreitheamh saoire an Breitheamh sóisir nach mbeidh tar éis fónamh ar feadh dhá bhliain de réir oird sóisearachta ceapacháin, agus más rud é go mbeidh, agus aon uair a bheidh, na Breithiúna go léir tar éis fónamh ar feadh dhá bhliain, ansin, sa chás sin, gníomhóidh gach Breitheamh i ndiaidh a chéile in ord sóisearachta mar Bhreitheamh saoire go ceann bliana. Féadfaidh aon Bhreitheamh eile den Ard-Chúirt suí le linn saoire in ionad aon Bhreithimh shaoire. Ní bheidh an Príomh-Bhreitheamh faoi dhliteanas gníomhú mar Bhreitheamh saoire.
6. Aon aga idir na suíonna den Ard-Chúirt, nach mbeidh ar áireamh i saoire, measfar, a mhéid a bhainfidh leis an mBreitheamh saoire do chur gnó i gcrích, gur cuid den tsaoire é.