Ordú 30

Orduithe taoibhe

Is iad seo a leanas orduithe taoibhe na Cúirte:—

(1) Chun an gearánaí, ar naíon é le déanaí, do thabhairt imeachtaí ar aghaidh ina ainm féin, ar a lán-aois a shlánú (i gcásanna nach mbeidh ag teacht faoi Ordú 15, riail 16).

(2) Chun imeachtaí a thabhairt ar aghaidh i gcoinne cosantóra, ar naíon é le déanaí, ar a lán-aois a shlánú (i gcásanna nach mbeidh ag teacht faoi Ordú 15, riail 16).

(3) Chun imeachtaí a thabhairt ar aghaidh d’ainneoin páirtí d’fháil bháis, ach a cheart a bheith ar marthain.

(4) Chun imeachtaí a thabhairt ar aghaidh trí Ard-Aighne nua nó i gcoinne Ard-Aighne nua.

(5) Go dtabharfaidh páirtí cíosrolla.

(6) Go n-íocfaidh tionóntaí a gcíosanna le glacadóir, le forghabhálaí, le caomhnóir, nó le riarthóir pendente lite.

(7) Go ndéanfaidh daoine a mbeidh fiacha ag eastát pearsanta orthu na suimeanna a bheidh dlite díobh a íoc le glacadóir nó le riarthóir pendente lite.

(8) Le haghaidh urghaire do shirriam chun ceannaitheoir a chur i seilbh.

(9) Le haghaidh urghaire do shirriam chun tionónta a chur i seilbh.

(10) Chun glacadóir ar thailte a bheidh díolta ag an mBreitheamh Talún, nó ar thailte a bheidh cuimsithe in ordú dílseacháin a bheidh déanta, nó comhaontú a mbeidh fiattugtha ina leith, ag Coimisiún Talún na hÉireann (ar dheimhniú ó Choimisiún Talún na hÉireann a thabhairt ar aird á dheimhniú an t-ordú dílseacháin sin a bheith déanta nó fiat a bheith tugtha i leith an chomhaonaithe sin, agus an t-airleacan a bheith déanta i leith na dtailte sin), a urscaoileadh.

(11) Chun díol a dhaingniú go hiomlán.

(12) Chun toiliú a ghlacadh agus riail Chúirte a dhéanamh de, i gcásanna inar ghnách déanamh amhlaidh go dtí seo.

(13) Chun ordú coinníollach a dhaingniú ar dheimhniú neamhshuite cúise, agus chun ordú a dhéanamh á ordú cibé costais (más ann) a íoc a bheifear tar éis a fhorchoimeád tráth déanta an ordaithe choinníollaigh.

(14) Le haghaidh breithiúnais eisealbhaithe ar shéanadh.

(15) Chun imeachtaí a thabhairt ar aghaidh, comhréiteach as an áireamh.

(16) Chun aturnae a athrú i gcúiseanna nó in ábhair maidir le pósadh faoi Ordú 70, riail 69.

(17) Go nglacfar le neamhláithriú páirtí fhorghairthe mar thréigean cheart an pháirtí sin chun probháide nó riaracháin faoi Ordú 79, riail 57.

(18) Go ndéanfaidh páirtí forghairthe probháid nó riarachán a bhaint amach, nó go nglacfar lena neamhdhéanamh amhlaidh mar thréigean cheart an pháirtí sin faoi Ordú 79, riail 58.

(19) In aimiréalacht — chun comhaontuithe i scríbhinn a ghlacadh faoi Ordú 64, riail 52.

Ach amháin mar a dúradh, ní thaifeadfar nó ní dhéanfar aon ordú taoibhe.