Ordú 9

Toghairm a sheirbheáil

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo.

 

 

I. An modh seirbheála.

1. Ní gá toghairm a sheirbheáil nuair a ghlacfaidh an cosantóir, trína aturnae, le seirbheáil agus nuair a gheallfaidh sé i scríbhinn láithreas a thaifeadadh.

2. Ach amháin sna cásanna a shonraítear sna rialacha seo a leanas den Ordú seo, déanfar seirbheáil aon toghairme ar an gcosantóir trí sheirbheáil phearsanta más indéanta le réasún é. I gcás ina ndealróidh sé, ó mhionnscríbhinn, an cosantoóir sin a bheith go pearsanta laistigh den dlínse agus dúthracht chuí réasúnach a bheith déanta ag iarraidh an tseirbheáil phearsanta sin a dhéanamh, féadfar an toghairm sin a sheirbheáil trí chóip di a sheachadadh ag teach nó áit chónaithe an chosantóra, nó ag oifig, stór, teach cuntais, siopa, monarcha nó áit ghnó an duine sin, ar bhanchéile, fearchéile, leanbh, athair, máthair, deartháir nó deirfiúr an chosantóra, nó ar aon seirbhíseach nó cléireach don chosantóir (ar bheith don duine ar a seachadfar an chóip sin sé bliana déag d’aois nó os a chionn) agus an chóip bhunaidh nó dúblach den chóip bhunaidh den toghairm sin a thaispeáint don duine sin.

3. Déanfar seirbheáil phearsanta trí chóip den toghairm a sheachadadh ar an gcosantóir i bpearsa agus an chóip bhunaidh nó dúblach den chóip bhunaidh a thaispeáint dó.

II. Ar chosantóirí sonracha.

4. Nuair a bheidh fearchéile agus banchéile araon ina gcosantóirí in aon imeachtaí, seirbheálfar iad araon mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

5. Nuair a bheidh naíon ina chosantóir in aon imeachtaí, measfar, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, gur seirbheáil mhaith ar an naíon seirbheáil ar a athair nó ar a mháthair nó ar a chaomhnóir, nó, mura mbeidh a leithéid ann, ansin ar an duine a mbeidh an naíon ina chónaí leis nó faoina chúram; ar an gcoinníoll go bhféadfaidh an Chúirt a ordú go measfar gur seirbheáil mhaith seirbheáil a bheidh déanta nó le déanamh ar an naíon.

6. Nuair a bheidh gealt nó duine mímheabhrach nach mbeidh breithnithe ina ghealt nó ina dhuine mímheabhrach ag ionchoisne ina chosantóir in aon imeachtaí, measfar, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, gur seirbheáil mhaith ar an gcosantóir sin seirbheáil ar chúramaí na geilte nó ar an duine a mbeidh an duine mímheabhrach ina chónaí leis nó a mbeidh sé faoina chúram.

7. In éagmais aon fhorála reachtúla lena mbeidh seirbheáil á rialáil, féadfar gach toghairm a eiseofar i gcoinne ilchorparáide a sheirbheáil ar mhéara nó ar oifigeach ceannais eile, nó ar chléireach baile, cléireach, cisteoir nó rúnaí na corparáide sin; agus féadfar gach toghairm a eiseofar i gcoinne áitritheoirí ceantair chontae nó ceantair eile dá shamhail a sheirbheáil ar aon oifigeach den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort a bheidh ar stáisiún sa chontae ina mbeidh an ceantar sin, agus, gach toghairm a eiseofar i gcoinne áitritheoirí aon chontae nó aon chathrach nó baile, nó i gcoinne áitritheoirí aon díolúine, saoirse, cathrach, baile, nó áite nach cuid den cheantar contae nó den cheantar eile dá shamhail, féadfar í a sheirbheáil ar oifigeach síochána éigin den chéanna: ar an gcoinníoll i gcónaí go dtabharfar i ngach cás den sórt sin leorfhógra faoi eisiúint na toghairme san Iris Oifigiúil agus i gceann de nuachtáin áitiúla an chontae, na cathrach nó an cheantair ina mbeidh cónaí ar an gcosantóir nó na cosantóirí nó ar an oifigeach nó an duine eile a bheidh le seirbheáil, agus rithfidh na tráthanna chun láithriú sna cásanna sin ó lá foilsithe an fhógra sin san Iris Oifigiúil nó sa nuachtán sin, cibé acu is déanaí; agus i gcás ina ndéanfar socrú le haon reacht maidir le seirbheáil aon imeachtaí ar aon chorparáid, nó ar aon chumann nó comhaltacht, nó ar aon chomhlacht nó líon daoine, corpraithe nó neamh-chorpraithe, féadfar gach toghairm a sheirbheáil sa tslí a bheidh socraithe amhlaidh.

III. I gcaingne sonracha.

8. In aon chaingean a thionscnófar chun talamh a aisghabháil mar gheall ar neamhíoc cíosa nó ar rósheilbh, ní gá an toghairm a sheirbheáil ar aon duine ach amháin an duine nó na daoine a bheidh iarbhír i seilbh na talún nó aon choda di, mar thionónta nó mar fhothionónta.

9. I gcaingne eile chun talamh a aisghabháil, is gá gach duine a bheidh iarbhír i seilbh na dtailte nó aon choda díobh, nó ag fáil na gcíosanna agus na mbrabús astu, a sheirbheáil, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt.

10. I gcaingne chun talamh a aisghabháil féadfar toghairm a sheirbheáil trína seirbheáil go pearsanta ar an duine a bheidh le seirbheáil in áit ar bith laistigh den dlínse nó trí chóip den toghairm sin a sheachadadh ar bhanchéile, fearchéile, leanbh, athair, máthair, deartháir nó deirfiúr an duine sin, ag teach, nó oifig, nó áit ghnó an duine (ar bheith don duine ag a bhfágfar an chóip sin sé bliana déag d’aois nó os a chionn), agus an chóip bhunaidh nó dúblach den chóip bhunaidh den toghairm sin a thaispeáint don duine sin, agus féadfar an tseirbheáil sin is déanaí a dúradh a dhéanamh cibé acu a bheidh an duine a bheidh le seirbheáil laistigh den dlínse nó nach mbeidh.

11. I gcaingean chun talamh a aisghabháil, féadfar, i gcás seilbhe glaine, toghairm a sheirbheáil, nuair nach féidir í a sheirbheáil in aon slí eile, trí chóip di a ghreamú de dhoras an tí cónaithe nó de chuid fheiceálach eile den mhaoin; ar an gcoinníoll, áfach, sa chás sin, sula dtabharfar breithiúnas mainneachtana, go mbeidh an Chúirt sásta gan aon duine ar a bhféadfaí seirbheáil eile a dhéanamh a bheith iarbhír i seilbh nó ag fáil na gcíosanna agus na mbrabús.

IV. Ginearálta.

12. Déanfaidh an duine a mbeidh an toghairm á seirbheáil aige, laistigh de thrí lá ar a mhéad tar éis na seirbheála, lá agus dáta a seirbheála a fhormhuiniú ar an toghairm; agus i ngach mionnscríbhinn faoi sheirbheáil na toghairme sin luafar dáta déanta an fhormhuinithe sin.

13. I ngach mionnscríbhinn seirbheála toghairme i gcaingne chun talamh a aisghabháil mar gheall ar neamhíoc cíosa, nó ar rósheilbh, luafar nach eol don teisteoir aon duine eile a bheith ann, seachas na daoine sin a bheidh seirbheáilte, a bheidh iarbhír i seilbh na talún a mbeifear ag iarraidh í a aisghabháil, nó i seilbh aon choda di, mar thionónta nó mar fhothionónta.

14. I ngach mionnscribhinn seirbhea la toghairme i gcaingne eile chun talamh a aisghabháil, luafar nach eol don teisteoir, agus gan é a bheith á chreidiúint, aon duine eile a bheith ann, seachas na daoine a bheidh seirbheáilte, a bheidh iarbhír i seilbh na talún a mbeifear ag iarraidh í a aisghabháil, nó i seilbh aon choda di, nó ag fáil na gcíosanna agus na mbrabús aisti, agus fíorófar an ráiteas sin le mionnscríbhinn ón ngearánaí nó ó dhuine de na gearánaithe, nó ón aturnae thar ceann an ghearánaí.

15. I gcás ar bith féadfaidh an Chúirt, ar fhorais chóra, a dhearbhú gur seirbheáil dhóthanach an tseirbheáil a bheidh déanta iarbhír.

16. Beidh feidhm ag an Ordú seo, a mhéid is indéanta, maidir leis an doiciméad tionscnaimh in imeachtaí nach mbeidh tionscanta le toghairm agus maidir le fógra in ionad seirbheála.

 

Leasuithe
I.R. Uimh. 475 de 2017 : Níl ábhar ar fáil sa Ghaeilge don leasú seo.
Cliceáil ar an nasc 'English' thuas chun an doiciméad seo a fheiceáil sa Bhéarla.