Ordú 11B

Rialacha na nUaschúirteanna (Coinbhinsiún Lugano, Cothabháil agus Seirbhís), 2013 : I.R. Uimh. 307 de 2013

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo.

1. Níl feidhm ag forálacha an Ordaithe seo, faoi réir Ordú 11A, riail 9, ach amháin maidir le himeachtaí a rialaítear le téarmaí Choinbhinsiún 1968 agus le Cuid II d’Acht 1998 (agus an Chéad Sceideal den Acht sin) agus, a mhéid is indéanta agus is infheidhme, maidir le haon ordú, foriarratas nó fógra in aon imeachtaí den sórt sin.

2. Is incheadaithe toghairm thionscnaimh nó fógra faoi thoghairm thionscnaimh a sheirbheáil lasmuigh den dlínse gan cead ón gCúirt más rud é go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas, agus sa chás sin amháin:

(i) maidir leis an éileamh arna dhéanamh leis an toghairm, gur éileamh é, de bhua Choinbhinsiún 1968 agus Chuid II d’Acht 1998 (agus an Chéad Sceideal den Acht sin), a bhfuil de chumhacht ag an gCúirt é a éisteacht agus a chinneadh, agus

(ii) nach bhfuil imeachtaí ar bith idir na páirtithe a bhaineann leis an gcúis chaingne chéanna ar feitheamh idir na páirtithe i stát eile ina bhfuil Coinbhinsiún 1968 i bhfeidhm.

3. I gcás go mbeidh toghairm thionscnaimh nó fógra faoi thoghairm thionscnaimh le seirbheáil lasmuigh den dlínse faoi riail 2, is í seo a leanas an tréimhse ama a bheidh le cur isteach ar an toghairm ar lena linn a dhéanfaidh an cosantóir ar a seirbheálfar í láithreas a thaifeadadh (lena n-áirítear láithreas a thaifeadfar chun dlínse a chonspóid, agus chuige sin amháin, de bhua Airteagal 18 de Choinbhinsiún 1968):

(a) cúig seachtaine tar éis an toghairm nó an fógra faoi thoghairm a sheirbheáil, gan lá na seirbheála a áireamh, i gcás go mbeidh toghairm thionscnaimh nó fógra faoi thoghairm thionscnaimh le seirbheáil i gcríoch Eorpach stáit eile ina bhfuil Coinbhinsiún 1968 i bhfeidhm, nó
(b) sé seachtaine tar éis an toghairm nó an fógra faoi thoghairm a sheirbheáil, gan lá na seirbheála a áireamh, i gcás go mbeidh toghairm thionscnaimh nó doiciméad tionscnaimh eile nó fógra faoi thoghairm thionscnaimh nó faoi dhoiciméad tionscnaimh le seirbheáil in aon chríoch de chuid stáit eile, nach críoch Eorpach, ina bhfuil Coinbhinsiún 1968 i bhfeidhm.

4. (i) I gcás go mbeidh beirt chosantóirí nó níos mó ina bpáirtithe in imeachtaí lena mbaineann forálacha an Ordaithe seo, ach nach mbeidh sainchónaí ar gach comhchosantóir den sórt sin:
(ii) i mBallstát den Aontas Eorpach;
(iii) i Stát Conarthach de Choinbhinsiún Lugano, ná

(iv) i stát ina bhfuil Coinbhinsiún 1968 i bhfeidhm

chun críocha Acht 1998, Rialachán Uimh. 44/2001 nó Choinbhinsiún Lugano, ansin beidh feidhm ag forálacha Ordú 11, lena gceanglaítear cead chun seirbheáil a dhéanamh lasmuigh den dlínse, maidir le gach uile chomhchosantóir den sórt sin.
(v) Ní bheidh feidhm ag an riail seo maidir le himeachtaí lena mbaineann forálacha Airteagal 16 de Choinbhinsiún 1968 maidir le dlínse eisiach, ná forálacha Airteagal 17 de Choinbhinsiún 1968 a bhaineann le dlínse a iarchur. Déanfar seirbheáil na n-imeachtaí sin ar na comhchosantóirí go léir a rialú le forálacha an Ordaithe seo.

5. (i) Faoi réir fhorálacha Choinbhinsiún 1968, i gcás go mbeidh comhaontaithe ag na páirtithe in aon chonradh gan dlínse a thabhairt chun críche Airteagal 17 de Choinbhinsiún 1968, go bhféadfar aon toghairm in aon imeachtaí a bhaineann leis an gconradh sin a sheirbheáil ag aon áit laistigh nó lasmuigh den dlínse ar aon pháirtí, nó ar aon duine thar ceann aon pháirtí, nó ar aon mhodh a shonrófar nó a chuirfear in iúl sa chonradh sin, ansin, in aon chás den sórt sin, d’ainneoin aon ní atá sna Rialacha seo, measfar gur seirbheáil leormhaith éifeachtach aon toghairm den sórt sin a sheirbheáil ag an áit (más ann) nó ar an bpáirtí nó ar an duine (más ann) nó ar an modh (más ann) a shonrófar nó a chuirfear in iúl sa chonradh cibé áit a bhfuil cónaí ar na páirtithe. Más rud é nach bhfuil áit, ná modh, ná duine ar bith sonraithe ná curtha in iúl amhlaidh, déanfar an tseirbheáil de réir na Rialacha seo.

(ii) I gcás go mbeidh comhaontú i gconradh lena dtugtar dlínse lena mbaineann forálacha Airteagal 17 de Choinbhinsiún 1968 a bhaineann le dlínse a iarchur agus go ndéanfar an toghairm thionscnaimh a eisiúint lena seirbheáil lasmuigh den dlínse gan chead faoi riail 2 agus go ndéanfar é a sheirbheáil go cuí de réir na Rialacha seo, measfar go ndearnadh an toghairm nó an fógra faoi thoghairm a sheirbheáil go cuí ar an gcosantóir.

6. I gcás nach saoránach d’Éirinn é an cosantóir, nó nach eol nó nach gcreidtear gur saoránach d’Éirinn é, déanfar fógra faoi thoghairm agus ní an toghairm féin a sheirbheáil air.

7. Faoi réir fhorálacha an Ordaithe seo, is ar an modh a sheirbheáiltear toghairmeacha a thabharfar fógra in ionad toghairme.

8. I gcás gur mian le cosantóir láithreas a thaifeadadh chun dlínse na Cúirte a chonspóid chun críocha Airteagal 18 de Choinbhinsiún 1968, féadfaidh sé déanamh amhlaidh i bhFoirm Uimh. 7 i bhFoscríbhinn A, Cuid II.

9. Chun críche an Ordaithe seo:

déanfar “sainchónaí” a chinneadh de réir fhorálacha alt 15 agus an Naoú Sceideal d’Acht 1998;

folaíonn “toghairm”, i gcás go gceadaíonn nó go n-éilíonn an comhthéacs amhlaidh, aon doiciméad tionscnaimh eile.

Leasuithe

I.R. Uimh. 9 de 2016: Níl ábhar ar fáil sa Ghaeilge don leasú seo.

 

Cliceáil ar an nasc 'English' thuas chun an doiciméad seo a fheiceáil sa Bhéarla.