Ordú 11C

Seirbheáil lasmuigh den Dlínse faoi: Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 (Cúrsaí Pósta agus Cúrsaí Freagrachta Tuismitheoirí) ón gComhairle Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 (Oibleagáidí Cothabhála) ón gComhairle : I.R. Uimh. 307 de 2013

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo.

1. Chun críche an Ordaithe seo:
déanfar “sainchónaí” a chinneadh de réir fhorálacha Airteagal 3 de Rialachán Uimh. 2201/2003;

ciallaíonn “an Rialachán Cothabhála” Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 an 18 Nollaig 2008 ón gComhairle maidir le dlínse, leis an dlí is infheidhme, le haithint agus forghníomhú breithiúnas agus le comhar i gcúrsaí a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála (IO L 7/1 an 10 Eanáir 2009);

ciallaíonn “imeachtaí cothabhála iomchuí” imeachtaí lena mbaineann an Rialachán Cothabhála;

ciallaíonn “imeachtaí iomchuí maidir pósadh nó tuismitheoirí” imeachtaí lena mbaineann Rialachán Uimh. 2201/2003;

ciallaíonn “Ballstát iomchuí”:

(a) i gcás imeachtaí cothabhála iomchuí, Ballstát den Aontas Eorpach seachas an Stát, nó
(b) i gcás imeachtaí iomchuí maidir le pósadh nó tuismitheoirí, Ballstát den Aontas Eorpach seachas an Stát nó an Danmhairg;

ciallaíonn “Rialachán Uimh. 2201/2003” Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 an 27 Samhain 2003 (IO L 338/1) ón gComhairle maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas i gcúrsaí pósta agus i gcúrsaí freagrachta tuismitheoirí, agus, i gcás go gceadóidh nó go n-éileoidh an comhthéacs amhlaidh, folóidh sé tagairt do Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000 an 29 Bealtaine 2000 (IO L 160/22) ón gComhairle maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas i gcúrsaí pósta agus i gcúrsaí freagrachta tuismitheoirí i leith leanaí leis an dá chéile, arna leasú (is Rialachán atá aisghairthe amhail is ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle) agus aon tagairt d’Airteagal de Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle, folóidh sí tagairt don Airteagal comhréireach de Rialachán (CE) Uimh. 1347/2000 ón gComhairle mar a léirítear in larscríbhinn V de Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle;
déanfar “cónaí” nó “gnáthchónaí” a chinneadh, in imeachtaí iomchuí maidir le pósadh nó tuismitheoirí de réir fhorálacha Airteagal 3 de Rialachán Uimh. 2201/2003, nó imeachtaí cothabhála iomchuí de réir fhorálacha Chaibidil II den Rialachán Cothabhála;

folaíonn “toghairm”, i gcás go gceadaíonn nó go n-éilíonn an comhthéacs amhlaidh, aon doiciméad tionscnaimh eile.

2. Níl feidhm ag forálacha an Ordaithe seo ach amháin maidir le himeachtaí a rialaítear le téarmaí Airteagal 1 de Rialachán Uimh. 2201/2003 nó, de réir mar a bheidh, Caibidil II den Rialachán Cothabhála agus, a mhéid is indéanta agus is infheidhme, maidir le haon ordú, foriarratas nó fógra in aon imeachtaí den sórt sin.

3. Maidir le forálacha Ordú 4, riail 1A; Ordú 5, riail 14; Ordú 11D, riail 5(4); Ordú 13A, riail 2; Ordú 19, riail 3A; Ordú 29, riail 8 agus Ordú 121, riail 2A, mar atá feidhm ag gach foráil den sórt sin maidir le Rialachán Uimh. 2201/2003, beidh feidhm mutatis mutandis acu maidir leis an Rialachán Cothabhála, amhail is dá mba thagairtí don Rialachán Cothabhála tagairtí iontu do Rialachán Uimh. 2201/2003 agus fairis na modhnuithe is gá.

4. Is incheadaithe toghairm thionscnaimh nó fógra faoi thoghairm a sheirbheáil lasmuigh den dlínse gan cead ón gCúirt más rud é go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas, agus sa chás sin amháin:

(a) maidir leis an éileamh arna dhéanamh leis an toghairm, gur éileamh é, de bhua Rialachán Uimh. 2201/2003 nó, de réir mar a bheidh, Chaibidil II den Rialachán Cothabhála, a bhfuil de chumhacht ag an gCúirt é a éisteacht agus a chinneadh, agus
(b) i gcás imeachtaí a rialaítear le téarmaí Airteagal 1 de Rialachán Uimh. 2201/2003,


(i) nach bhfuil imeachtaí ar bith a bhaineann le colscaradh, le hidirscaradh dlíthiúil ná le pósadh a neamhniú idir na páirtithe céanna nó, de réir mar a bheidh,
(ii) nach bhfuil imeachtaí ar bith maidir le freagracht tuismitheoirí a bhaineann leis an leanbh céanna agus lena mbaineann an chúis chaingne chéanna


ar feitheamh i mBallstát iomchuí; nó
(c) i gcás imeachtaí a rialaítear le Caibidil II den Rialachán Cothabhála, nach bhfuil imeachtaí ar bith a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála a eascraíonn as caidreamh teaghlaigh, tuismíocht, pósadh ná cleamhnas idir na páirtithe céanna agus lena mbaineann an chúis chaingne chéanna ar feitheamh i mBallstát iomchuí.

5. I gcás go mbeidh toghairm thionscnaimh nó fógra faoi thoghairm thionscnaimh le seirbheáil lasmuigh den dlínse faoi riail 4, is í seo a leanas an tréimhse ama a bheidh le cur isteach ar an toghairm ar lena linn a dhéanfaidh an cosantóir ar a seirbheálfar í láithreas a thaifeadadh (lena n-áirítear láithreas a thaifeadfar chun dlínse a chonspóid, agus chuige sin amháin):

(a) cúig seachtaine tar éis an toghairm thionscnaimh nó an fógra faoi thoghairm a sheirbheáil, gan lá na seirbheála a áireamh, i gcás go mbeidh toghairm thionscnaimh nó fógra faoi thoghairm thionscnaimh le seirbheáil i gcríoch Eorpach de chuid Ballstáit iomchuí, nó
(b) sé seachtaine tar éis an toghairm thionscnaimh nó an fógra faoi thoghairm a sheirbheáil, gan lá na seirbheála a áireamh, i gcás go mbeidh toghairm thionscnaimh nó fógra faoi thoghairm le seirbheáil in aon chríoch de chuid Ballstáit iomchuí nach críoch Eorpach.

6. I gcás go mbeidh beirt chosantóirí nó níos mó ina bpáirtithe in imeachtaí lena mbaineann forálacha an Ordaithe seo, ach nach mbeidh sainchónaí ná gnáthchónaí ar gach comhchosantóir den sórt sin sa Stát ná i mBallstát iomchuí, beidh feidhm ag na rialacha maidir le dlínse i Rialachán Uimh. 2201/2003 nó, de réir mar a bheidh, sa Rialachán Cothabhála.
7. I gcás nach saoránach d’Éirinn é an cosantóir, nó nach eol nó nach gcreidtear gur saoránach d’Éirinn é, déanfar fógra faoi thoghairm, agus ní an toghairm féin, a sheirbheáil air.

8. Faoi réir fhorálacha an Ordaithe seo, is ar an modh a sheirbheáiltear toghairmeacha a thabharfar fógra in ionad toghairme.

9. I gcás gur mian le cosantóir láithreas a thaifeadadh chun dlínse na Cúirte a chonspóid, féadfaidh sé nó sí déanamh amhlaidh trí láithreas a thaifeadadh i bhFoirm Uimh. 8 i bhFoscríbhinn A, Cuid II.

10. Más rud é, in aon imeachtaí, go dtabharfar breithiúnas de chineál dá dtagraítear in Airteagal 41(1) nó in Airteagal 42(1) de Rialachán Uimh. 2201/2003, déanfaidh an Cláraitheoir, i gcás go gcomhlíonfar na coinníollacha a shonraítear in Airteagal 41(2) nó, de réir mar a bheidh, in Airteagal 42(2), de Rialachán Uimh. 2201/2003, an deimhniú san fhoirm in Iarscríbhinn III nó IV, de réir mar is cuí, a ghabhann le Rialachán Uimh. 2201/2003 a ullmhú lena shíniú ag an mBreitheamh. Séalófar an deimhniú sin, tar éis a shínithe, le séala na hArd-Chúirte (nó na Cúirte Uachtaraí, de réir mar a bheidh). Déanfaidh an Cláraitheoir an deimhniú comhlánaithe sin a sholáthar d’aon pháirtí sna himeachtaí a éileoidh an céanna.

11. A mhéid atá aon riail in Ordú 70, Ordú 70A, Ordú 133 nó in aon Ordú eile de na Rialacha seo ar neamhréir le forálacha Rialachán Uimh. 2201/2003, an Rialacháin Cothabhála nó an Ordaithe seo, is ag forálacha Rialachán Uimh. 2201/2003, an Rialacháin Cothabhála nó an Ordaithe seo a bheidh an forlámhas.”

Leasuithe

I.R. Uimh. 485 de 2014​: Níl ábhar ar fáil sa Ghaeilge don leasú seo.
Cliceáil ar an nasc 'English' thuas chun an doiciméad seo a fheiceáil sa Bhéarla.