Ordú 121A

Seirbheáil Próise Coigríche (an AE seachas Ríocht na Danmhairge — Rialachán Uimh. 1393/2007) : I.R. Uimh. 280 de 2009

1. Déanfaidh Máistir na hArd-Chúirte, ina cháil mar Comhlacht Lárnach na hÉireann chun críocha Rialachán Uimh. 1393/2007 (de réir bhrí Ordú 11D, riail 1) feidhmeanna an Chomhlachta Lárnaigh dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán sin a chomhlíonadh.