Ordú 11D

Seirbheáil Doiciméad lasmuigh den Dlínse ach laistigh den AE (Rialachán Uimh. 1393/2007) : I.R. Uimh. 280 de 2009

1. San Ordú seo, mura n-éilíonn an comhthéacs nó an t-ábhar a mhalairt:

ciallaíonn “Ballstát” nó “Ballstáit” Ballstát den Aontas Eorpach nó Ballstáit an Aontais Eorpaigh, gan an Danmhairg a áireamh;

ciallaíonn “gníomhaireacht glactha” na heintitis a bheidh ainmnithe ag na Ballstáit eile den Aontas Eorpach de bhun Airteagal 2(2) de Rialachán Uimh. 1393/2007;

ciallaíonn “Rialachán Uimh. 1393/2007” Rialachán (EC) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain, 2007, maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus doiciméid sheachbhreithiúnacha in ábhair shibhialta nó in ábhair thráchtála a sheirbheáil sna Ballstáit (doiciméid a sheirbheáil), agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1348/2000 ón gComhairle (I.O. L. 324/79);

tá le “Rialachán Uimh. 44/2001” an bhrí chéanna atá leis in Ordú 11A, riail 9; tá le “Rialachán Uimh. 2201/2003” an bhrí chéanna atá leis in Ordú 11C, riail 9;

folaíonn “toghairm”, i gcás ina gceadaíonn nó ina gceanglaíonn an comhthéacs é, aon doiciméad tionscnaimh eile;

ciallaíonn “gníomhaireacht tarchuir”, maidir leis an Stát, Oifigí an Chláraitheora Contae nó cibé oifigigh nó údaráis phoiblí eile, nó cibé daoine eile, a bheidh ainmnithe de thuras na huaire ag an Stát de bhun Airteagal 2(1) de Rialachán Uimh. 1393/2007.

2. Tá feidhm ag an Ordú seo maidir le seirbheáil doiciméad de bhun Airteagal 1 de Rialachán Uimh. 1393/2007.

3. (i) Aon pháirtí in aon imeachtaí lena mbaineann Rialachán Uimh. 1393/2007, ar páirtí é ar mian leis a chur faoi deara doiciméad a sheirbheáil de bhun Rialachán Uimh. 1393/2007 (dá ngairtear “an páirtí iarrthach” san Ordú seo), féadfaidh sé an méid seo a leanas a thaisceadh leis an ngníomhaireacht tarchuir:

(a) dhá chóip de gach doiciméad atá le seirbheáil, mar aon le cóip bhreise de gach doiciméad den sórt sin le haghaidh gach duine atá le seirbheáil;

(b) iarraidh chun an doiciméad nó na doiciméid a sheirbheáil, san fhoirm a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Uimh. 1393/2007;

(c) gealltanas á rá go n-íocfar na costais a thagann as fostú oifigigh bhreithiúnaigh nó duine atá inniúil faoi dhlí an Bhallstáit (na mBallstát) a ndírítear an iarraidh chuige (chucu) nó, i gcás ina mbeidh an t-iarratasóir ar sheirbheáil tar éis a shonrú

go mbainfear leas as modh seirbheála ar leith, arna mhíniú in Airteagal 11(2)(b) de Rialachán Uimh. 1393/2007, á rá go n-íocfar na costais a thagann as úsáid an mhodha seirbheála sin.

(ii) Más rud é nach gcomhlíonann iarraidh ar sheirbheáil forálacha fho-riail (1), cuirfidh an ghníomhaireacht tarchuir an méid sin in iúl don pháirtí iarrthach agus sonróidh sí na hagóidí i gcoinne na hiarrata.

(iii) Coimeádfaidh an ghníomhaireacht tarchuir liosta de na Ballstáit lena mbaineann Rialachán Uimh. 1393/2007 agus de na teangacha a bheidh sonraithe ag gach Ballstát chun críocha Airteagal 4(3) de Rialachán Uimh. 1393/2007 agus de na codanna sin den Bhallstát iomchuí lena mbaineann an teanga iomchuí. Beidh an liosta sin ar fáil lena iniúchadh le linn uaireanta oscailte oifig an Chláraitheora Contae (nó, de réir mar a bheidh, oifig nó oifigí cibé oifigeach nó údarás poiblí eile nó cibé daoine eile a bheidh ainmnithe de thuras na huaire ag an Stát de bhun Airteagal 2(1) de Rialachán Uimh. 1393/2007) agus coimeádfar cóipeanna den fhaisnéis sin lena ndáileadh ar iarraidh a fháil chuige sin.

(iv) Beidh freagracht ar an ngníomhaireacht tarchuir i ndáil le fógra a thabhairt don pháirtí iarrthach faoi aon teagmháil nó fógra a fhaightear ón ngníomhaireacht glactha de bhun Airteagal 6(2), 6(3) nó 6(4) de Rialachán Uimh. 1393/2007 i leith iarraidh an pháirtí iarrthaigh ar sheirbheáil.

(v) Tar éis an deimhniú dá bhforáiltear in Airteagal 10 de Rialachán Uimh. 1393/2007 a fháil ón ngníomhaireacht glactha, déanfaidh an ghníomhaireacht tarchuir an deimhniú (nó cóip de) a tharchur láithreach chuig an bpáirtí iarr- thach.

4. (i). De bhreis ar an modh seirbheála a thuairiscítear i riail 3, féadfaidh páirtí in imeachtaí a roghnú seirbheáil a dhéanamh i mBallstát eile trí bhíthin gníomhairí taidhleoireachta nó consalachta de réir Airteagal 13 de Rialachán Uimh. 1393/2007 (ach amháin i gcás ina mbeidh an Ballstát sin tar éis tar éis agóid a léiriú i gcoinne an mhodha seirbheála sin de réir Rialachán Uimh. 1393/2007), leis an bpost cláraithe de réir Airteagal 14 de Rialachán Uimh. 1393/2007 nó trí sheirbheáil dhíreach de réir Airteagal 15 de Rialachán Uimh. 1393/2007.

(ii) Coimeádfaidh an ghníomhaireacht tarchuir liosta d’aon chumarsáidí ó aon Bhallstát faoi Airteagal 23(1) de Rialachán 1393/2007. Beidh an liosta sin ar fáil lena iniúchadh le linn uaireanta oscailte oifig an Chláraitheora Contae nó, de réir mar a bheidh, oifig nó oifigí cibé oifigeach nó údarás poiblí eile nó cibé daoine eile a bheidh ainmnithe de thuras na huaire ag an Stát de bhun Airteagal 2(1) de Rialachán Uimh. 1393/2007.

5. (i) Faoi réir riail 5(5), ní dhéanfar breithiúnas a thabhairt nó a thaifeadadh de mhainneachtain láithriú sna himthosca dá dtagraítear in Airteagal 19(1) de Rialachán Uimh. 1393/2007 in aon imeachtaí lena mbaineann an tOrdú seo go dtí go suífear:

(a) go ndearnadh an doiciméad tionscnaimh a sheirbheáil ar mhodh a fhorordaítear le dlí inmheánach an Bhallstáit ar díríodh chuige é mar mhodh chun doiciméid a sheirbheáil i gcaingne baile ar dhaoine atá laistigh dá chríoch; nó

(b) go ndearnadh an doiciméad tionscnaimh a sheachadadh iarbhír ar an gcosantóir nó ar a áit chónaithe ar mhodh eile dá bhforáiltear le Rialachán Uimh. 1393/2007,

agus, i gceachtar cás, go ndearnadh an tseirbheáil nó an seachadadh in am trátha lena chur ar chumas an chosantóra cosaint a dhéanamh i gcoinne an éilimh.

(ii) Ní dhéanfar breithiúnas de mhainneachtain láithriú a thaifeadadh ach amháin le cead ón gCúirt.

(iii) Is le foriarratas iar bhfógra a dhéanfar iarratas ar chead chun breithiúnas de mhainneachtain láithriú a thaifeadadh agus beidh mionnscríbhinn ann mar thacaíocht leis, ar mionnscríbhinn í lena bhfíorófar éileamh an ghearánaí ar fhaoiseamh agus lena bhfíorófar na bearta atá déanta chun na himeachtaí a sheirbheáil agus beidh cruthúnas leordhóthanach ar na nithe sin ann mar thacaíocht léi.

(iv) Maidir leis an mionnscríbhinn dá dtagraítear i bhfo-riail (3), luafar inti freisin go gcreideann an teisteoir:

(a) gurb ionann gach éileamh a dhéantar leis an toghairm agus éileamh a bhfuil cumhacht ag an gCúirt, de bhua Rialachán Uimh. 44/2001 (nó, de réir mar a bheidh, de bhua Rialachán Uimh. 2201/2003) nó de bhua aon leasaithe ar an Rialachán sin, é a éisteacht agus a chinneadh, agus

(b) nach bhfuil dlínse eisiach ag aon Chúirt eile de réir bhrí Rialachán Uimh. 44/2001 nó, de réir mar a bheidh, de réir bhrí Rialachán Uimh. 2201/2003, chun éileamh den sórt sin a éisteacht agus a chinneadh.

(v) Féadfaidh an Chúirt cead a thabhairt breithiúnas a thaifeadadh más rud é nach mbeidh aon deimhniú seirbheála nó seachadta faighte ag an ngníomhaireacht tarchuir ón ngníomhaireacht glactha sa Bhallstát inar iarradh seirbheáil a dhéanamh, ar choinníoll:

(a) go ndearnadh an doiciméad a tharchur ar cheann de na modhanna dá bhforáiltear i Rialachán Uimh. 1393/2007;

(b) go mbeidh tréimhse ama (nach lú ná sé mhí), is leordhóthanach leis an gCúirt, caite ó dháta tarchurtha an doiciméid; agus

(c) nach mbeidh aon deimhniú d’aon chineál faighte ón ngníomhaireacht glactha, d’ainneoin go mbeidh gach iarracht réasúnach déanta ar é a fháil trí údaráis inniúla an Bhallstáit ar díríodh an iarraidh chuige.

(vi) Féadfaidh an Chúirt, ag aon chéim, i gcás práinne, orduithe a dhéanamh maidir le haon bhearta sealadacha nó cosantacha a éileoidh an gearánaí.

6. (i) Is le foriarratas iar bhfógra a dhéanfar iarratas chun an tréimhse ama a fhadú chun achomharc a dhéanamh i gcoinne aon bhreithiúnais a fuarthas de mhainneachtain láithriú, agus beidh mionnscríbhinn ón bpáirtí tionscanta, nó mionnscríbhinn thar ceann an pháirtí tionscanta, ann mar fhoras leis, agus féadfaidh an Chúirt, más deimhin léi:

(a) go ndearnadh an t-iarratas laistigh de thréimhse ama réasúnach tar éis don chosantóir eolas a fháil ar an mbreithiúnas; agus

(b) nach raibh eolas ag an gcosantóir, gan aon locht air féin, ar an doiciméad tionscnaimh in am trátha chun cosaint a dhéanamh nó nach raibh eolas aige ar an mbreithiúnas in am trátha chun achomharc a dhéanamh ina choinne; agus

(c) gur nocht an cosantóir cosaint prima facie ar an gcaingean de bhua na dtuillteanas,

an tréimhse ama chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais a fhadú ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cóir léi.

(ii) Ní bhreithneofar aon iarratas den sórt sin chun breithiúnas a fuarthas de mhainneachtain láithriú a chur ar ceal más rud é nach ndéantar an t-iarratas laistigh de thréimhse ama a mheasfaidh an Chúirt a bheith réasúnach.

(iii) Ní dhéanfar aon iarratas ar fhadú na tréimhse ama chun achomharc a dhéanamh i gcoinne an bhreithiúnais a bhreithniú i leith breithiúnas a bhain- eann le stádas ná cumas daoine.

7. I gcás ina mainneoidh aon chosantóir láithriú de réir toghairm thionscnaimh, déanfaidh an gearánaí:

(a) i gcás toghairme iomlánaí, (seachas toghairm díobhálacha pearsanta arna mhíniú in Ordú 1A), ráiteas éilimh a sheachadadh tríd an gcéanna a chomhdú sa Phríomh-Oifig, nó

(b) i gcás toghairme speisialta, mionnscríbhinn forais a chomhdú sa Phríomh-Oifig, nó

(c) i gcás toghairme díobhálacha pearsanta, toghairm achomair nó aon doiciméid tionscnaimh eile, mionnscríbhinn ina bhfíoraítear na fíorais ar a mbeifear ag seasamh a chomhdú sa Phríomh-Oifig,

agus, air sin, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar bhreithiúnas de mhainneachtain láithriú.

8. Faoi réir fhorálacha an Ordaithe seo, beidh feidhm ag Ordú 13, a mhéid is indéanta, maidir le hiarratais faoin Ordú seo ar chead chun breithiúnas a thaifeadadh.

9. Fad a bheidh an Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir le doiciméid bhreithiúnacha agus sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil in ábhair shibhialta agus thráchtála atá i gceangal le Cinneadh Uimh 2005/794/CE an 20 Meán Fómhair, 2005, ón gComhairle (IO L 300/53 an 17 Samhain, 2005) a síníodh sa Bhruiséil an 19 Deireadh Fómhair, 2005, agus a ceadaíodh thar ceann an Chomhphobail le Cinneadh Uimh. 2006/326/CE an 27 Aibreán, 2006, ón gComhairle (OJ L 120/23 an 5 Bealtaine, 2006) i bhfeidhm de thuras na huaire, d’ainneoin aon fhorála eile de na Rialacha seo atá contrártha dó sin, beidh feidhm ag forálacha na Rialacha seo a bhaineann le Rialachán Uimh. 1393/2007 i ndáil le Ríocht na Danmhairge, a mhéid a cheadaítear leis an gComhaontú sin, agus faoi réir aon mhodhnuithe is gá mar gheall ar an gComhaontú sin, agus ní bheidh feidhm ag forálacha na Rialacha seo a bhaineann leis an gCoinbhinsiún (de réir bhrí Ordú 11E, riail 1).