Ordú 121

Doiciméid a sheirbheáil

1. San Ordú seo, mura bhfuil sé aimhréireach leis an gcomhthéacs, folaíonn ‘‘doiciméad’’ pléadáil, fógra, mionnscríbhinn nó ordú.
2. Seachadfar nó seirbheálfar aon doiciméad faoi na Rialacha seo, ar doiciméad é nach gceanglófar é a sheirbheáil go pearsanta, tríd an doiciméad nó cóip de (de réir mar is cuí) a fhágáil ag, nó tríd an doiciméad nó cóip de (de réir mar is cuí) a chur leis an bpost réamhíoctha cláraithe chuig, an áit chónaithe nó an áit ghnó sa Stát a bheidh ag an duine a bheidh le seirbheáil nó an áit ghnó sa Stát a bheidh ag an aturnae (más ann) a bheidh ag gníomhú thar a cheann sna himeachtaí lena mbainfidh an doiciméad.

3. Maidir le seachadadh aon doiciméid nó lena sheirbheáil leis an bpost, ar doiciméad é a n-údarófar é a sheachadadh nó a sheirbheáil leis an bpost, measfar é a bheith seirbheáilte an tráth a dhéanfaí é a sheachadadh i ngnáthchúrsa an phoist.

4. Beidh in aon doiciméad a bheidh le seirbheáil nó le seachadadh faoi na Rialacha seo ainm agus áit chláraithe ghnó an aturnae thar ceann an pháirtí a mbeidh an doiciméad á sheirbheáil aige agus, freisin, ainm agus áit chláraithe ghnó an aturnae a bheidh le seirbheáil nó, i gcás páirtí nach ngníomhóidh trí aturnae, an t-ainm agus an seoladh i gcomhair an duine sin a sheirbheáil.

5. I gcás nach mbeidh aon láithreas taifeadta ar son páirtí, nó i gcás nach mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála mar a cheanglaítear le hOrdú 4 agus le hOrdú 12 tugtha ag páirtí nó ag a aturnae, de réir mar a bheidh, féadfar aon doicméad nach mbeidh le seirbheáil go pearsanta, agus nach mbeidh aon mhodh eile seirbheála ordaithe dó, a sheirbheáil tríd an doiciméad sin a chomhdú sa Phríomh-Oifig.

6. Má cheanglaítear leis na Rialacha seo nó ar aon slí eile aon doiciméad a sheirbheáil go pearsanta, déanfar an tseirbheáil, an oiread agus is féidir sin, ar an modh a bheidh forordaithe chun toghairm thionscnaimh a sheirbheáil go pearsanta.

7. Má cheanglaítear leis na Rialacha seo nó ar aon slí eile aon doiciméad a sheirbheáil go pearsanta agus go ndealróidh sé don Chúirt nach féidir seirbheáil phearsanta a dhéanamh go pras, féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh le haghaidh seirbheála ionadaí nó eile, nó chun fógra trí litir, fógrán nó eile a chur in ionad seirbheála.

8. Nuair a bheidh fógra i scríbhinn tugtha trí aturnae ag páirtí, a bheidh tar éis agairt nó láithriú i bpearsa, don pháirtí freasúrach á rá an t-aturnae sin a bheith údaraithe chun gníomhú sa chás nó san ábhar thar a cheann, féadfar aon doiciméad a bheidh le seachadadh nó le seirbheáil ina dhiaidh sin ar an bpáirtí céadluaite sin a sheachadadh nó a sheirbheáil ar an aturnae sin, ach amháin i gcás ina gceanglófar é a sheirbheáil go pearsanta.

9. Más rud é, in aon ábhar sibhialta nó tráchtála a bheidh ar feitheamh os comhair cúirte nó binse de chuid tíre coigríche, go ndéanfaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha litir iarrata ón gcúirt nó ón mbinse sin chun aon phróis nó forghairm san ábhar sin a sheirbheáil ar aon duine in Éirinn a tharchur chuig an Máistir, agus go mbeidh curtha in iúl aige é a bheith inmhianaithe éifeacht a thabhairt di, glacfar leis an nós imeachta seo a leanas:—

(i) Beidh ag gabháil leis an litir iarrata chun seirbheáil a dhéanamh tiontú uirthi sa Bhéarla, agus dhá chóip den phróis nó den fhorghairm a bheidh le seirbheáil, agus dhá chóip di sa Bhéarla.

(ii) Déanfaidh an t-aturnae thar ceann an duine a mbeidh agra á dhéanamh aige i leith na próise nó na forghairme, nó, i gcás gan aon aturnae den sórt sin a bheith ann, an Príomh-Aturnae Stáit, an phró is nó an fhorghairm a sheirbheáil de réir chleachtas agus nó s imeachta na Cúirte.

(iii) Déanfar an tseirbheáil sin trí chóip amháin den phróis a bheidh le seirbheáil a sheachadadh ar an duine a bheidh le seirbheáil agus a fhágáil aige, maille le cóip amháin den tiontú uirthi, de réir rialacha agus chleachtas na Cúirte.

(iv) Tar éis an tseirbheáil a bheith déanta cuirfidh an seirbheálaí pró ise cóip amháin den phró is ar ais chuig an Máistir, mar aon leis an bhfianaise ar a seirbheáil le mionnscríbhinn ón duine a mbeidh an tseirbheáil á déanamh aige, arna fíorú le deimhniú nótaireachta, agus sonraí i dtaobh muirear i leith chostas déanta na seirbheála sin.

(v) Cuirfidh an t-aturnae réamhráite sonraí i dtaobh muirear i leith costas déanta na seirbheála faoi bhráid an Mháistir Fómhais agus deimhneoidh seisean na muirir, nó cibé suim eile is iníoctha go cuí i leith costas déanta na seirbheála, a bheith ceart. Cuirfidh an Máistir cóip de na muirir agus den deimhniú sin ar aghaidh chuig an Aire Airgeadais.

(vi) Déanfaidh an Máistir an litir iarrata chun seirbheáil a dhéanamh a bheidh faighte ón tír choigríche, mar aon leis an bhfianaise ar an tseirbheáil, agus cóip de na muirir agus den deimhniú ón Máistir Fómhais, arna deimhniú go cuí lena húsáid lasmuigh den dlínse, a tharchur chuig an Aire Gnóthaí Eachtracha. Is i bhFoirm Uimh. 3 i bhFoscríbhinn D, Cuid III, a bheidh an deimhniú sin.

(vii) Ar an bPríomh-Aturnae Stáit dá iarraidh sin, le toiliú an Aire Airgeadais, féadfaidh an Chúirt gach ordú a dhéanamh le haghaidh seirbheála ionadaí nó eile is gá chun éifeacht a thabhairt don riail seo.