Ordú 116

Séalaí : I.R. Uimh. 485 de 2014

1. (1) Is iad seo a leanas na séalaí a úsáidfear sna hoifigí faoi seach den Chúirt Uachtarach, den Chúirt Achomhairc agus den Ard-Chúirt:

(a) séala na Cúirte Uachtaraí;

(b) séala an Phríomh-Bhreithimh;

(c) séala na Cúirte Achomhairc agus séala dúblach oifigiúil den Chúirt Achomhairc;

(d) séala na hArd-Chúirte;

(e) séala na hArd-Chúirte (Coimircithe Cúirte);

(f) séala na hArd-Chúirte (Féimheacht);

(g) séala na hArd-Chúirte (Probháid);

(h) séala na hArd-Chúirte (An Phríomh-Chúirt Choiriúil).

2. (1) Beidh séalaí na Cúirte Uachtaraí agus an Phríomh-Bhreithimh gcoimeád Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí.

(2) Beidh séala na Cúirte Achomhairc i gcoimeád Chláraitheoir na Cúirte Achomhairc.

(3) Beidh séala dúblach oifigiúil na Cúirte Achomhairc i gcoimeád an oifigigh don Chúirt Achomhairc a bheidh ainmnithe chuige sin ag Cláraitheoir na Cúirte Achomhairc.

3. (1) Beidh séala na hArd-Chúirte i gcoimeád an oifigigh a bheidh, de thuras na huaire, ag bainistiú na Príomh-Oifige.

(2) Beidh séala na hArd-Chúirte (Coimircithe Cúirte) i gcoimeád Chláraitheoir na gCoimircithe Cúirte.

(3) Beidh séala na hArd-Chúirte (Féimheacht) i gcoimeád an Scrúdaitheora.

(4) Beidh séala na hArd-Chúirte (Probháid) i gcoimeád an Oifigigh Phrobháide.

(5) Beidh séala na hArd-Chúirte (An Phríomh-Chúirt Choiriúil) i gcoimeád an oifigigh a bheidh, de thuras na huaire, ag bainistiú na Príomh-Oifige.

4. Maidir le gach doiciméad nó cóip de dhoiciméad a dhealróidh a bheith séalaithe le ceann de na séalaí thuasluaite, toimhdeofar gur doiciméad nó cóip de dhoiciméad (de réir mar a bheidh) é nó í arna eisiúint nó arna heisiúint ón gCúirt nó ón mBreitheamh a mbeidh a séala nó a shéala greamaithe de nó di, agus má bhíonn sé nó sí stampáilte go cuí féadfar é nó í a ghlacadh i bhfianaise, agus ní bheidh aon síniú nó foirmiúlacht eile, ach amháin an séalú sin a dúradh, ag teastáil chun aon doiciméad nó aon chóip den sórt sin a fhíordheimhniú.