Ordú 51

Díolacháin ag an gcúirt

1. Más dealraitheach, in aon chúis nó ábhar a bhainfidh le haon eastát réadach nó airnéis réadach, gur gá nó gur fóirsteanach an t-eastát réadach nó an airnéis réadach, nó aon chuid den eastát nó den airnéis, a dhíol, féadfaidh an Chúirt a ordú an céanna a dhíol, agus cuirfear iallach ar aon pháirtí a mbeidh an t-ordú ina cheangal air agus a bheidh i seilbh an eastáit, nó ag fáil chíosanna agus bhrabúis an eastáit, an tseilbh nó an fáltas sin a thabhairt suas don cheannaitheoir, nó do cibé duine eile a ordófar leis an ordú.

 

2. I gcaingne bintiúrach, nuair a bheidh na bintiúraigh i dteideal muirir de bhua an bhintiúir, nó de bhua gníomhais iontaobhais, nó eile, agus go mbeidh an gearánaí ag agairt thar a cheann féin agus thar ceann bintiúrach eile, agus i gcás inar dóigh leis an gCúirt nach foláir díolachán a bheith ann i ndeireadh na dála, féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfar díolachán roimh bhreithiúnas agus freisin tar éis breithiúnais, sula mbeidh na daoine leasmhara go léir fionnta agus cibé acu a bheidh siad seirbheáilte nó nach mbeidh.

 

3. I ngach cás ina n-ordófar eastát a dhíol, a mhorgáistiú, a idir-roinnt nó a mhalartú, beidh cumhacht ag an gCúirt, i dteannta na gcumhachtaí atá aici cheana, ionas go seachnófar caiteachais nó moill, nó ar chúis mhaith eile, a údarú go ndéanfar é sin, trí fhorthairiscintí a leagan os comhair na Cúirte lena gceadú ag an gCúirt, nó lasmuigh de Chúirt ar fad, agus go ndéanfar aon airgead a thiocfaidh as sin a íoc isteach sa Chúirt nó le hiontaobhaithe, nó go ndéileálfar leis i cibé slí eile a ordóidh an Chúirt. Ar an gcoinníoll i gcónaí nach n-údaróidh an Chúirt é sin a dhéanamh lasmuigh de Chúirt ar fad mura deimhin agus go dtí gur deimhin léi, ó cibé fianaise is leor léi, na daoine go léir a mbeidh leas acu san eastát a bheidh le díol, le morgáistiú, le hidir-roinnt nó le malartú a bheith os comhair na Cúirte, nó iad a bheith faoi cheangal ag an ordú díola, morgáistithe, idir-roinnte nó malartaithe.

 

4. Sula gcuirfear aon eastá t nó leas ar díol faoi bhreithiú nas nó ordú, déanfar, mura n-ordófar a mhalairt, achomaireacht ar an teideal agus dréacht de na coinníollacha beartaithe díolacháin a leagan os comhair abhcóide éigin a cheapfaidh an Chúirt chun a thuairim a fháil orthu agus le haghaidh treoruithe i dtaobh na gcoinníollacha díolacháin agus nithe eile a bhainfidh leis an díolachán. Sonrófar tréimhse ama sna coinníollacha díolacháin chun an achomaireacht teidil a sheachadadh ar an gceannaitheoir nó ar a aturnae.

 

5. I gcás ina dtabharfar breithiúnas nó ina ndéanfar ordú á ordú aon mhaoin a dhíol, déanfar, mura n-ordófar a mhalairt, í a dhíol, le formheas na Cúirte, ar an bpraghas is fearr is féidir a fháil, agus, má fhormheasann an Chúirt an díolachán, beidh na páirtithe cuí uile comhpháirteach sa díolachán agus sa tíolacas de réir mar a ordóidh an Chúirt.

 

6. Ní gá aon ordú chun airgead ceannaigh a íoc isteach sa Chúirt, ach is leorúdarás sceideal taiscí mar a fhorordaítear le hOrdú 77, riail 2, don Chuntasóir chun an t-airgead a ghlacadh.

 

7. I mionnscríbhinní chun a chur ar chumas na Cúirte praghas forchoimeádta a shocrú déanfar luach na maoine a lua trí thagairt a dhéanamh d’fhoilseán ina mbeidh ráiteas i dtaobh an luacha sin agus i dtaobh na bhfíoras agus na bhfigiúirí ar a mbeidh an luach sin bunaithe, ionas nach nochtfar an luach leis an mionnscríbhinn nuair a chomhdófar í.

 

8. I gcás díolachán faoi ordachán na Cúirte síneoidh an ceantálaí agus aturnae an pháirtí ag a mbeidh seoladh an díolacháin na sonraí díolacháin agus deimhneofar toradh an díolacháin faoina lámha. Ní gá aon mhionnscríbhinn a chomhdú ag fíorú shonraí nó thoradh an díolacháin. Is i bhFoirm Uimh. 21 i bhFoscríbhinn G a bheidh an deimhniú.

 

9. Féadfaidh an Chúirt aon ábhar a bhainfidh le himscrú dú an teidil chun eastáit, de rún airgead a infheistiú ina cheannach nó ar a mhorgáistiú, nó de rún a dhíolta, nó de rún dréacht de thíolacas, de mhorgáiste, de shocraíocht nó d’ionstraim eile a shocrú, nó aon ábhar eile is cuí leis an gCúirt a tharchur, a tharchur chuig abhcóide a cheapfaidh an Chúirt.