Ordú 91

Na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1978

1. Maidir le haon iarratas ar ordú i gcoinne árachóra feithicle nó ráthóra feithicle faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961, alt 76, is le foriarratas iar bhfógra, sa chaingean ina mbeidh breithiúnas gnóthaithe ag an éilitheoir nó, mura mbeidh aon chaingean den sórt sin ann, dar teideal maidir leis an Acht agus leis an alt sin agus maidir leis an imeacht a bheidh beartaithe, a dhéanfar é.

2. I gcás ina mbeidh breithiúnas gnóthaithe ag an éilitheoir, déanfar gach iarratas den sórt sin laistigh de shé mhí ó dháta an bhreithiúnais sin nó laistigh de cibé tréimhse bhreise ama a lamhálfaidh an Chúirt.

3. (1) Seirbheálfar an fógra foriarratais ar an árachóir feithicle nó an ráthóir feithicle sin agus, i gcás ina mbeidh breithiúnas gnóthaithe ag an éilitheoir, ar an duine a mbeidh an breithiúnas sin gnóthaithe ina choinne nó ar ionadaí pearsanta an duine sin, ceithre lá glan ar a laghad roimh an dáta a bheidh ainmnithe san fhógra foriarratais chun é a éisteacht; ar an gcoinníoll go bhféadfaidh an Chúirt, ar an bhforiarratas sin a éisteacht, seirbheáil ar an duine a mbeidh an breithiúnas gnóthaithe ina choinne, nó ar a ionadaí pearsanta, a ligean thar ceal nó go bhféadfaidh sí, in ionad seirbheála pearsanta ar an duine sin nó ar a ionadaí pearsanta mar a dúradh, a dhearbhú gur leor aon seirbheáil a bheidh déanta iarbhír.

(2) Féadfar an fógra foriarratais sin a sheirbheáil ar an árachóir feithicle nó an ráthóir feithicle sin trína chur leis an bpost cláraithe go dtí an cheannoifig nó an phríomhoifig in Éirinn a bheidh ag an á rachóir feithicle nó an ráthóir feithicle sin.

4. I gcás inar naíon nó duine mímheabhrach nach mbeidh breithnithe ina dhuine mímheabhrach ag ionchoisne éilitheoir faoin alt sin 76, beidh feidhm ag forálacha Ordú 22, riail 10, maidir le haon suim a mbeidh ordú faoin alt sin faighte ag an éilitheoir sin ina leith ionann agus dá mbeadh an tsuim sin gnó thaithe ag an éilitheoir sin i gcaingean i gcoinne an á rachóra feithicle nó an ráthóra feithicle sin.

5. Is faoi rogha na Cúirte a bheidh na costais a bhainfidh agus a ghabhfaidh le gach iarratas faoin Ordú seo.

6. Beidh le focail agus abairtí san Ordú seo an bhrí chéanna atá leo san alt sin 76.