Ordú 60

Ceart an Ard-Aighne chun fógra a fháil faoi shaincheisteanna bunreachtúla

1. Más rud é, in aon chaingean nó ábhar, go dtiocfaidh aon cheist chun cinn i dtaobh bail a bheith nó gan a bheith ar aon dlí, ag féachaint d’fhorálacha an Bhunreachta, déanfaidh an páirtí ar a mbeidh cúram na n-imeachtaí fógra a sheirbheáil láithreach ar an Ard-Aighne, mura mbeidh sé ina pháirtí cheana féin.

 

2. Más rud é, in aon chaingean nó ábhar, go dtiocfaidh aon cheist chun cinn i dtaobh léiriú an Bhunreachta, seachas ceist dá dtagraítear i riail 1, déanfaidh an páirtí ar a mbeidh cúram na n-imeachtaí fógra a sheirbheáil ar an Ard-Aighne, má ordaíonn an Chúirt amhlaidh.

 

3. Luafar san fhógra sin go comair cineál na n-imeachtaí a mbeidh an cheist nó an díospóid ag teacht chun cinn iontu agus an maíomh a bheidh ag an bpáirtí nó na maímh faoi seach a bheidh ag na páirtithe sna himeachtaí.

 

4. Air sin beidh an tArd-Aighne i dteideal láithriú sa chaingean nó san ábhar agus teacht chun bheith ina pháirtí inti nó ann maidir leis an gceist a bheidh ag teacht chun cinn.