Ordú 134A

An tAcht um Shásamh i leith Foras Cónaithe, 2002 : I.R. Uimh. 529 de 2008

1. San Ordú seo:

ciallaíonn “an tAcht” an tAcht um Shásamh i leith Foras Cónaithe, 2002;

forléireofar “dámhachtain” de réir alt 1 den Acht;

ciallaíonn “tairbhí” duine atá i dteideal dámhachtana faoin Acht agus a mbeidh ordachán tugtha ag an mBord ina leith faoi alt 13(8)(a) nó alt 13(8)(b) den Acht;

ciallaíonn “an Bord” an Bord um Shásamh i leith Foras Cónaithe arna bhunú le halt 3 den Acht;

ciallaíonn “an Cláraitheoir” duine de na hoifigigh dá dtagraítear i bhfomhír (1) de mhír 6 den Ochtú Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961, atá ainmnithe i scríbhinn de thuras na huaire ag an oifigeach atá de thuras na huaire ag bainistiú na Príomh-Oifige, le ceadú Uachtarán na hArd-Chúirte, chun gníomhú mar Chláraitheoir chun críocha an Ordaithe seo; agus

ciallaíonn “an Coiste Athbhreithnithe” an Coiste Athbhreithnithe um Shásamh i leith Foras Cónaithe arna bhunú le halt 14 den Acht.

2. Éistfidh cibé Breitheamh nó Breithimh a shannfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte ó am go ham le hiarratais chun na Cúirte faoi alt 13(14) den Acht agus alt 13(15) den Acht agus le hiarrataí ón gCláraitheoir ar ordacháin faoin Ordú seo.

3. Cuirfear tús le hiarratas chun na Cúirte ón mBord faoi alt 13(14) den Acht i leith tairbhí nó tairbhithe trí fhógra foriarratais tionscnaimh a eisiúint i bhFoirm Uimh. 1, Foscríbhinn GG, ar fógra foriarratais tionscnaimh é a mbeidh mionnscríbhinn arna mionnú ag duine a bheidh údaraithe thar ceann an Bhoird mar fhoras leis. I gcás go ndéanfar iarratas den sórt sin i leith níos mó ná tairbhí amháin, áireofar san fhógra foriarratais tionscnaimh sceideal ina ndéanfar gach duine de na tairbhithe lena mbaineann an t-iarratas a shainaithint.

4. Beidh dóthain faisnéise sa mhionnscríbhinn forais chun a chur ar chumas na Cúirte breith a thabhairt i dtaobh cibé acu an bhfeidhmeoidh nó nach bhfeidhmeoidh sí a rogha faoi alt 13(14) den Acht chun a ordú go ndéanfar an méid dámhachtana (nó cuid de) a bhfuil tairbhí ina theideal a íoc isteach sa Chúirt ar an modh agus chun na gcríoch atá leagtha amach san Acht.

5. Gan dochar do ghinearáltacht riail 4, beidh an fhaisnéis seo a leanas sa mhionnscríbhinn forais (nó, i gcás go ndéanfar iarratas i leith níos mó ná tairbhí amháin, foilseánfar leis an mionnscríbhinn forais agus fíorófar sa mhionnscríbhinn tuarascáil i leith gach tairbhí lena mbaineann ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas):

(i) ainm, dáta breithe agus seoladh reatha an tairbhí agus ainm agus seoladh a ionadaí dhlíthiúil nó a hionadaí dhlíthiúil, más ann;

(ii) méid na dámhachtana a bheidh déanta (lena n-áirítear mionsonraí faoi aon chaiteachais), aon íocaíochtaí a bheidh déanta leis an tairbhí cheana féin agus méid aon dámhachtana a bheidh fágtha;

(iii) i gcás dámhachtana lena mbaineann alt 13(8)(b) den Acht, an fhianaise (lena n-áirítear fianaise liachta go háirithe) ar ar a bonn a chinn an Bord agus (más iomchuí) an Coiste Athbhreithnithe nach raibh ar chumas an tairbhí aon airgead arna fháil faoi dhámhachtain a bhainistiú, agus i gcás go bhfuil aon tuarascáil, comhfhreagras nó doiciméadacht eile i scríbhinn ar áireamh san fhianaise sin, foilseánfar cóip den chéanna;

(iv) ordachán ón mBord faoi alt 13(8) den Acht nó ordachán ón gCoiste Athbhreithnithe faoi alt 15(12) den Acht;

(v) sonraí aon chuntais bainc atá in ainm an tairbhí agus a bhfuil sé beartaithe an dámhachtain, nó aon chuid di, a íoc isteach ann chun tairbhe an tairbhí; agus

(vi) sonraí neasghaol an tairbhí, más eol don Bhord.

6. Is iar bhfógra chun an tairbhí nó chun gach tairbhí lena mbaineann an t-iarratas a dhéanfar iarratas faoi alt 13(14) den Acht, i gcás nó i gcásanna lena mbaineann mír (b) den fho-alt sin. I gcás go mbaineann iarratas le tairbhí amháin, déanfaidh an Bord cóip den fhógra foriarratais tionscnaimh, mar aon le cóip den mhionnscríbhinn forais agus d’aon fhoilseáin, a sheirbheáil ar an tairbhí. I gcás go mbaineann iarratas le níos mó ná tairbhí amháin, déanfaidh an Bord cóip den fhógra foriarratais tionscnaimh, seachas an sceideal a ghabhann leis, mar aon le cóip den mhionnscríbhinn forais, den tuarascáil a bhaineann leis an tairbhí sin agus d’aon fhoilseán a bhaineann leis an tairbhí sin, a sheirbheáil ar gach tairbhí, ach ní sheirbheálfaidh sé aon tuarascáil ná foilseán eile air nó uirthi. I ngach cás, soláthrófar foirm freagartha i leith an iarratais don tairbhí i bhFoirm Uimh. 2, Foscríbhinn GG. Déanfaidh an Bord na doiciméid dá dtagraítear a sheirbheáil ar gach tairbhí lena mbaineann tráth nach déanaí ná aon lá is fiche roimh an dáta fillte a bheidh sonraithe san fhógra foriarratais tionscnaimh.

7. Féadfaidh aon tairbhí dá ndéantar difear freagra a thabhairt ar an iarratas ón mBord tríd an bhfoirm freagartha a shonraítear i riail 6 a chomhlánú agus a chur chuig an gCúirt tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an dáta fillte, agus féadfaidh sé nó sí fianaise a sheachadadh mar fhreagairt trí mhionnscríbhinn nó ar shlí eile de réir mar a cheadóidh an Chúirt. I gcás nach gcomhaontóidh an tairbhí sa fhreagairt a thug sé nó sí leis an iarratas iomlán ón mBord nó le cuid de, soláthróidh an Cláraitheoir cóip den fhoirm freagartha don Bhord roimh an dáta fillte.

8. Féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfar tuilleadh fianaise maidir leis an iarratas a sheachadadh de réir mar a mheasfaidh sí is gá.

9. I gcás go n-ordóidh an Chúirt faoi alt 13(14) den Acht go ndéanfar an méid dámhachtana nó aon chuid de a íoc isteach sa Chúirt—,

(a) beidh ag gabháil leis an ordú sceideal lóisteála, nó sceideal lóisteála agus íocaíochta, san fhoirm a cheanglaítear le hOrdú 77, agus

(b) tabharfaidh an Bord fógra don tairbhí nó do na tairbhithe lena mbaineann go ndearnadh an t-ordú.

10. I gcás go gcinnfidh an Chúirt faoi alt 13(14) den Acht go ndéanfar an méid dámhachtana nó aon chuid de a íoc isteach sa chúirt, féadfaidh an tairbhí, nó féadfar thar ceann an tairbhí, iarratas ón tairbhí lena mbaineann faoi alt 13(15) den Acht a dhéanamh chun na Cúirte, díreach tar éis an chinnidh sin, chun na téarmaí ar a ndéantar na cistí a shealbhú sa Chúirt, nó ar a ndéileálann an Chúirt leis na cistí, a athrú, nó chun aon íocaíocht a dhéanamh as méid na dámhachtana sin, agus féadfaidh an Chúirt é a éisteacht an tráth sin. Dá éis sin, féadfar aon iarratas faoi alt 13(15) den Acht a thionscnamh le litir chuig an gCláraitheoir nó ar cibé modh eile a cheadóidh an Chúirt.

11. Maidir le haon iarratas a dhéanfar chun an Chláraitheora de réir riail 10, féadfaidh an Cláraitheoir a cheangal ar an tairbhí lena mbaineann aon dearbhán, sonrasc nó doiciméad nó faisnéis eile a thacóidh leis an iarratas sin a thabhairt ar aird. Féadfaidh an Cláraitheoir ordacháin ón gCúirt a lorg maidir le hiarratas den sórt sin agus, chun na críche sin, féadfaidh sé nó sí a chur faoi deara an t-ábhar a liostú os comhair na Cúirte iar bhfógra chun an tairbhí lena mbaineann.

12. I gcás dámhachtana lena mbaineann alt 13(8)(b) den Acht, más rud é go mbeidh sé ordaithe ag an gCúirt faoi alt 13(14) den Acht go ndéanfar an méid dámhachtana do thairbhí, nó aon chuid de, a íoc isteach sa chúirt, féadfaidh an Chúirt, uaithi féin nó ar iarratas ex parte ón tairbhí lena mbaineann, más deimhin léi nach bhfuil aon fhianaise os comhair na Cúirte maidir le cumas meabhrach an tairbhí, is fianaise leordhóthanach chun gur cheart tús a chur le haon imeachtaí chun coimircí cúirte a dhéanamh den tairbhí, a ordú go n-íocfar leis an tairbhí an dámhachtain iomlán nó aon chuid di (nó aon chistí is ionann agus an dámhachtain sin nó aon chuid di atá fágtha) a bheidh íoctha isteach sa chúirt de réir alt 13(14) den Acht.

13. I gcás go n-ordóidh an Chúirt faoi alt 13(14) den Acht go ndéanfar an méid dámhachtana do thairbhí, nó aon chuid de, a íoc isteach sa chúirt, cuirfidh an Cláraitheoir fógra i bhFoirm Uimh. 3, Foscríbhinn GG chuig an tairbhí lena mbaineann, á iarraidh air nó uirthi mionsonraí a sholáthar don Chláraitheoir maidir lena neasghaol agus fógra a thabhairt don Chláraitheoir maidir le haon chumhacht aturnae mharthanach, uacht, codaisíl nó cúlghairm uachta a bheidh déanta aige nó aici, nó a dhéanfaidh sé nó sí sa todhchaí.

14. (1) Más dealraitheach don Chúirt, ar iarratas arna dhéanamh faoi alt 13(14) den Acht, gur cuí do thairbhí a bheith faoi réir imeachtaí chun go ndéanfaí coimircí cúirte den tairbhí, féadfaidh an Chúirt, i dteannta ordú lena gcinnfear an t-iarratas a dhéanamh, a ordú don Bhord nó don Chláraitheoir fógra a thabhairt do Chláraitheoir na gCoimircithe Cúirte i dtaobh imthosca an tairbhí, agus cibé faisnéis a thabhairt do Chláraitheoir na gCoimircithe Cúirte a ordóidh an Chúirt.

(2) I gcás go ndéanfar coimircí cúirte de thairbhí, féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfar aon chistí a bheidh lóisteáilte sa chúirt de réir ordú arna dhéanamh faoi alt 13(14) den Acht a aistriú chun creidmheas ábhar na coimircíochta.

15. Maidir le haon airgead a bheidh lóisteáilte sa Chúirt de réir ordú arna dhéanamh faoi alt 13(14) den Acht, ar airgead é a raibh tairbhí éagtha, tráth a bháis nó a báis, ina theideal:

(i) ar iarratas chun an Chuntasóra ó ionadaí pearsanta eastát an tairbhí éagtha, arna fhorasú ar mhionnscríbhinn ón ionadaí pearsanta sin agus ar an deonú probháide nó na litreacha riaracháin (de réir mar is cuí) a thabhairt ar aird, déanfar é a íoc leis an ionadaí pearsanta, nó

(ii) i gcás go bhfuair an tairbhí bás ina dhíthiomnóir nó ina díthiomnóir le sócmhainní nach mó ná €10,000 a luach, ar iarratas chun an Chuntasóra ó dhuine a bheadh, mar neasghaol an tairbhí éagtha, i dteideal deonaithe riaracháin a fháil i leith eastát an éagaigh, arna fhorasú ar mhionnscríbhinn ó dhuine den sórt sin, ar mionnscríbhinn í ina n-áireofar gealltanas ón duine sin don Chúirt go ndáilfear an t-eastát de réir an dlí, déanfar é a íoc leis an duine sin.

16. I gcás nach eol céannacht an ionadaí phearsanta nó an neasghaoil atá ag tairbhí éagtha, ar tairbhí éagtha é nó í a bhí, tráth a bháis nó a báis, i dteideal airgid a bheidh lóisteáilte sa Chúirt de réir ordú arna dhéanamh faoi alt 13(14) den Acht, féadfaidh an Cuntasóir nó an Cláraitheoir fógraíocht a dhéanamh go poiblí chun céannacht duine den sórt sin a fháil amach, agus déanfar aon chaiteachas a thabhófar á dhéanamh sin a bhaint as an airgead arna shealbhú sa Chúirt chun tairbhe an tairbhí éagtha.