Ordú 8

Toghairm a athnuachan

Táthar tar éis an/na leasú/leasuithe seo thíos a dhéanamh don uirlis seo.

 

1. Ní bheidh aon toghairm bhunaidh i bhfeidhm níos faide ná dhá mhí dhéag ón lá is dáta di, lena n-áirítear lá an dáta sin; ach mura mbeidh an toghairm sin seirbheáilte ar aon chosantóir a bheidh ainmnithe inti, féadfaidh an gearánaí, sula mbeidh dhá mhí dhéag caite, iarratas a dhéanamh chun an Mháistir ar chead chun an toghairm a athnuachan. Tar éis dhá mhí dhéag a bheith caite, is chun na Cúirte a dhéanfar iarratas go bhfadófaí an tréimhse ama le haghaidh ceada chun an toghairm a athnuachan. Féadfaidh an Chúirt nó an Máistir, dé réir mar a bheidh, más deimhin léi nó leis iarrachtaí réasúnacha a bheith déanta chun an cosantóir sin a sheirbheáil, nó ar aon chúis mhaith eile, a ordú an toghairm bhunaidh nó chomhthráthach a athnuachan go ceann sé mhí ó dháta na hathnuachana sin, go huile, agus déanamh amhlaidh ó thráth go chéile le linn ré reatha na toghairme athnuaite. Sa chás sin déanfar an toghairm a athnuachan trína stampáil le dáta lá, mhí agus bhliain na hathnuachana sin; cuirfear an stampa sin ar fáil agus coinneofar é chuige sin sa Phríomh-Oifig agus múnlóidh an t-oifigeach cuí é ar an toghairm, ar an ngearánaí nó a aturnae do sheachadadh meabhráin i bhFoirm Uimh. 4 i bhFoscríbhinn A, Cuid I, air; agus fanfaidh toghairm a athnuafar amhlaidh i bhfeidhm agus beidh sí ar fáil chun cosc a chur le hoibriú aon reachta trína bhféadfar tréimhse ama a theorannú chun an chaingean a thosú agus chun gach críche eile ó dháta eisiúna na toghairme bunaidh.

2. In aon chás ina mbeidh toghairm athnuaite ar iarratas ex parte, beidh de chead ag aon chosantóir, sula ndéanfar láithreas a thaifeadadh, fógra foriarratais a sheirbheáil chun ordú den sórt sin a chur ar ceal.

 

3. Ach toghairm a thabhairt ar aird a airbheartóidh a bheith marcáilte le stampa á thaispeáint í a bheith athnuaite san ábhar réamhráite, beidh sé sin ina leorfhianaise ar í a bheith athnuaite amhlaidh agus ar thosú na caingne amhail ar chéad-dáta na toghairme athnuaite sin chun gach críche.

 

4. I gcás ina mbeidh toghairm is gá a thabhairt ar aird scriosta nó caillte, féadfaidh an Chúirt, ar bheith deimhin di i dtaobh an scriosta nó na cailliúna, agus i dtaobh cóip den toghairm sin a bheith ceart, a ordú an chóip sin a shéalú agus a sheirbheáil in ionad na toghairme bunaidh.

 

Leasuithe

I.R. Uimh. 482 de 2018 :Níl ábhar ar fáil sa Ghaeilge don leasú seo.
Cliceáil ar an nasc 'English' thuas chun an doiciméad seo a fheiceáil sa Bhéarla.